Íomha: Children First Banner

Tús Áite do Leanaí

Cuireann Tús Áite do Leanaí cosaint na leanaí ó mhí-úsáid agus faillí chun cinn. Leagtar amach ann an méid atá le déanamh ag daoine aonair agus ag eagraíochtaí chun leanaí a choinneáil slán agus conas déileáil le hábhair imní faoi shábháilteacht nó leas linbh. Tagraíonn an téarma ‘Tús Áite do Leanaí’ do Thús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí 2017 agus an tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015.

Bhí an tSeachtain Feasachta Náisiúnta maidir le Tús Áite do Leanaí ar siúl an tseachtain dar tús an 25 Meán Fómhair 2023.

Dhírigh feachtas na bliana seo ar fhreagracht eagraíochtaí faoi Tús Áite do Leanaí. Ba cheart go mbeadh beartais agus nósanna imeachta um chumhdach leanaí i bhfeidhm ag gach eagraíocht agus duine aonair a chuireann seirbhísí nó gníomhaíochtaí ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga chun iad a chosaint ar dhíobháil agus a leas a chur chun cinn. Is gá d’eagraíochtaí atá aicmithe mar sholáthraithe seirbhísí ábhartha faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 measúnú riosca a dhéanamh agus Ráiteas um Chumhdach Leanaí a fhorbairt, ina leagtar amach conas a dhéanfar rioscaí do leas agus do chosaint leanaí a bhainistiú.

Chun teacht ar a thuilleadh eolais agus tacaíochtaí, níl ach cliceáil ar do rogha thíos.

Is iomaí eagraíocht agus duine a mbíonn ag obair le chéile, agus a mbíonn ag obair in éineacht le teaghlaigh agus pobail, chun leanaí agus daoine óga a chosaint. Labhraíonn Juliette (Altra Sláinte Phoiblí), Ruairí (Oibrí Sóisialta) agus Susan (Bleachtaire Garda) maidir le conas a bhíonn Tús Áite do Leanaí mar threoir acu agus iad ag obair chun leanaí a choinneáil slán.