Leanaí agus daoine óga
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar leanbh nó mar dhuine óg, tá an ceart agat bheith slán ó dhochar, agus tá an fhreagracht ar do thuismitheoirí agus ar do chaomhnóirí, agus ar dhaoine fásta eile i do shaol, a chinntiú go ndéantar tú a chosaint.
Tá eolas sa mhír seo faoi conas a thugtar cosaint do leanaí agus do dhaoine óga i dTús Áite do Leanaí. Gheobhaidh tú eolas freisin faoi Changing Futures (Todhchaí a Athrú), suíomh gréasáin arna chruthú ag daoine óga, a bhfuil taithí acu ar sheirbhísí Tusla, chun cabhrú le daoine óga eile.
Tá sé mar aidhm ag Tús Áite do Leanaí leanaí agus daoine óga a chosaint trína thaispeáint d’eagraíochtaí, do ghairmithe, do thuismitheoirí/chaomhnóirí, do theaghlaigh agus do phobail conas mí-úsáid leanaí agus faillí a aithint, conas í a thuairisciú, agus cad ba chóir a dhéanamh chun a bheith cinnte go bhfuil leanaí agus daoine óga sábháilte.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin mbealach a chosnaítear leanaí agus daoine óga i dTús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí agus san Acht um Thús Áite do Leanaí anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).
Is suíomh gréasáin é Changing Futures , a chruthaigh daoine óga, a bhfuil taithí acu ar sheirbhísí Tusla, chun cabhair a thabhairt do dhaoine óga eile. Tá comhairle ann má tá tú buartha faoi rud éigin. Tá eolas ann freisin faoi na daoine a d’fhéadfá bualadh leo i Tusla agus faoin gcabhair agus tacaíocht atá ar fáil.
Is féidir leat níos mó a fháil amach trí chuairt a thabhairt ar Changing Futures. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh gréasáin seo ar fáil).
Más leanbh nó duine óg thú a bhfuil cabhair nó comhairle ag teastáil uait, is féidir leat teachtaireacht a chur chuig Tusla trí úsáid a bhaint as an bhfoirm theagmhála ar an suíomh gréasáin Changing Futures. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh gréasáin seo ar fáil).