Uasdátú treoir ar Spórt agus Covid 19
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na himpleachtaí maidir leis an spórt — lena n-áirítear traenáil, cluichí, linnte agus ionaid aclaíochta — atá i ngach aon leibhéal den chúig leibhéal i bPlean Maireachtáil le COVID-19 an Rialtais ar láithreán gréasáin Spóirt Éireann anseo .
Tá sé aontaithe ag an Rialtas gur féidir leanúint le traenáil gan teagmháil do pháistí atá in aois scoile, lasmuigh i bpóid de 15. Tá sé seo taobh amuigh den socrú atá ann faoi láthair ag Leibhéal 5.
Ní mór don traenáil a bheith faoi stiúir cóitseálaí nó traenálaí a bhfuil creidiúnú faighte acu ó Cheanneagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt (NGBanna). Beidh freagracht ar na Ceanneagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe na gníomhaíochtaí traenála a bhfuiltear chun tabhairt fúthu a mholadh. Tá Spórt Éireann ar fáil chun treoir a chur ar fáil do NGBanna áit a bhfuil sé sin ag teastáil.
Is féidir le tuismitheoir nó caomhnóir amháin an pháiste a bheith i láthair áit a gceaptar go bhfuil sé sin riachtanach maidir le cosaint nó maoirseacht.
Tá treoir mhionsonraithe ann cheana féin maidir le bearta chun baol COVID-19 a mhaolú i gcúrsaí spóirt ó pháistí agus daoine óga lena n-áirítear maidir le dul chuig agus ag teacht ón ócáid, socruithe maidir le sláinteachas pearsanta, socruithe maidir le scoitheadh sóisialta, agus socruithe maidir le glanadh agus díghalrú. Ní mór do na Ceannegraíochtaí Náisiúnta Rialaithe a dheimhniú go gcloífear go docht leis na socruithe sin agus go bhfuil na hacmhainní acu go háitiúil lena chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm go docht iad, mar chuid dá n-aighneacht. Ní mór go gcuirfeadh sé sin san áireamh bainistiú maidir le bailiú tuismitheoirí, páistí agus daoine óga ar thaobhlínte, le linn agus tar éis traenála.
Ba chóir do Chlubanna/Ceanneagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe a gcuid prótacal agus treoir reatha a athbhreithniú lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach do shrianta Leibhéal 5.
Níor chóir do chlub nó grúpa ar bith nach bhfuil ar a chumas na socruithe seo a chur i bhfeidhm seisiúin traenála a reáchtáil.
Is é an toradh a bheidh ar aon chlub nó grúpa a fheictear go bhfuil sé ag sárú na socruithe sin ná nach gcuirfear as an áireamh é maidir leis an díolúine.
Leanann sé seo ar bhunús roghnach do rannpháirtithe.
Réasúnaíocht
Ghlac an Rialtas an cinneadh seo bunaithe ar aiseolas a fuarthas ó pháistí agus ó dhaoine óga áit ar chuir siad béim ar thábhacht cairde agus ar thábhacht ghnéithe sóisialta a saoil. D’airigh níos mó ná an tríú cuid de dhaoine óga a gcairde uathu. Maidir le rudaí dearfacha a raibh siad ag iarraidh tabhairt leo ón ngéarchéim COVID 19, bhí fonn ar an gceathrú cuid de dhaoine óga saol sláintiúil a chaitheamh.
Níl sé indhéanta na gníomhaíochtaí ar fad a shásaíonn riachtanais gach duine óg a cheadú le linn a bheith ag déanamh iarrachta daoine atá ag bailiú le chéile go ginearálta sa tsochaí a laghdú. Tá sé i gceist, áfach, go gcuirfidh an beart sin chomh maith le soláthar scoile agus soláthar seirbhísí maidir le hobair don aos óg arna mhaoiniú ag DCEDIY tosca cosanta ar fáil do riar maith daoine óga.
[Aiseolas ó Cén chaoi a bhfuil do Chloigeann? Comhairliúchán náisiúnta le daoine óga maidir le meabhairshláinte agus folláine ar an ngéarchéim COVID]”
Chun tuilleadh eolais maidir leis na treoracha do na hearnálacha Turasóireachta, Ealaíon agus Cultúir, agus Spóirt a aimsiú lean an nasc seo
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
23 Deireadh Fómhair 2020