Úsáid Níos Lú – Comhairle
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá tú ag streachailt le do bhillí fuinnimh a íoc, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:
Soláthraithe | Uimhir Theagmhála | Suíomh Gréasáin |
Electric Ireland | 1800 504021 | electricireland.ie |
Bord Gáis Energy | 01 6110101 | bordgaisenergy.ie |
SSE Airtricity | 0818 812 220 | sseairtricity.com |
Energia | 0818 405 405 | energia.ie |
Prepay Power | 1800 911 977 | prepaypower.ie |
Flogas Ireland | 041 214 9500 | flogas.ie |
Pinergy | 0818 363 749 | pinergy.ie |
Is féidir go mbeidh tú incháilithe le haghaidh clárú le do sholáthraí mar chustaiméir leochaileach. Dá mbeifeá in ann déanamh amhlaidh, bheadh cosaintí breise agat ar dhícheangal. Déan teagmháil le do sholáthraí chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Tá tuilleadh comhairle maidir le do chostais fuinnimh a bhainistiú ar fáil ó na heagraíochtaí seo a leanas:
D’fhógair an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) moratóirí ar dhícheangal do gach custaiméir leictreachais agus gáis baile don gheimhreadh atá romhainn. Cumhdófar tréimhse sé mhí ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Márta 2024 leis an moratóir do chustaiméirí atá cláraithe mar chustaiméirí a bhfuil leochaileacht ar leith acu. Fadaíodh an moratóir do gach custaiméir baile arís i mbliana ón 1 Nollaig 2023 go dtí an 31 Eanáir 2024. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na moratóirí agus faoi chosaintí eile tomhaltóirí, téigh chuig suíomh gréasáin CRU.