Cuirfear príomhthacaíochtaí agus príomhsheirbhísí ar fáil i Croílár Brexit i Sráidbhaile Rialtas na hÉireann chun cabhrú leat Ullmhú do Brexit . Beidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Bord Bia agus an t-ollphubal Gnó agus Fostaíochta: Leas agus Cánach agus ollphuball Rialtas Láir na hÉireann ann, chomh maith. Beidh an fhoireann ar an láthair chun cabhrú leat na gníomhartha a dhéanamh a theastaíonn chun ullmhú d’fhágáil an RA ón AE agus eolas a thabhairt ar na bearta praiticiúla is gá a dhéanamh le bheith réidh. Beidh ceardlanna chun Ullmhú do Brexit agus plé painéal Airí ar siúl, chomh maith, in ollphuball Rialtas Láir na hÉireann.
Beidh ceardlanna chun Ullmhú do Brexit agus plé painéal Airí ar siúl in ollphuball Rialtas Láir na hÉireann. Leanfaidh sonraí na himeachtaí ar aghaidh ag nuashonrú agus muid ag teacht níos cóngaraí chuig an Treabhdóireachta - coimeád súil ar an láithreán gréasáin seo nó lean sinn @merrionstreet .