Beidh an tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh (an SFS) agus an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA) i lár an aonaigh chun eolas agus comhairle neamhspleách a thabhairt duit ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo.
Cas le pearsanra na bhFórsaí Cosanta ó gach ceann de na trí eagar. Is féidir leat triail a bhaint as trealamh réaltachta fíorúla agus blaiseadh a fháil den saol mar bhall de na Fórsaí Cosanta.
Óglaigh na hÉireann
An Roinn Cosanta
Déanann Garda Cósta na hÉireann an fhreagairt do na mílte teagmhas ar muir agus ar aillte agus tránna na hÉireann a chomhordú – aimsigh níos mó faisnéise faoin méid a dhéanann siad trí chuairt a thabhairt ar fhoireann an Gharda Cósta i Sráidbhaile Rialtas na hÉireann.
Garda Cósta na hÉireann
Is féidir leat teacht ar eolas ar conas a thacaíonn an Rialtas leat i do phobal. I measc an eolais atá ar fáil, tá cistiú LEADER, Bailte Slachtmhara, Nasc Áitiúil agus tacaíochtaí a chuireann TUSLA ar fáil. Is féidir leat ballraíocht a ghlacadh den leabharlann, féachaint ar thaispeántais rialaithe madraí nó sábháilteachta uisce nó eolas a aimsiú faoi conas cur le forbairt tuaithe amach anseo in Éirinn.
Caith súil ar thaispeántas ar réimse feithiclí agus trealaimh de chuid na Cosanta Sibhialta, e.g. dróin, trealamh cuardaigh sonóra faoin uisce agus trealamh garchabhrach, etc. Is féidir leat eolas a aimsiú, chomh maith, ar Chosaint Shibhialta agus conas is féidir leat páirt a ghlacadh mar oibrí deonach!
Aimsigh eolas faoin ról atá ag Éirinn i nDomhan atá ag Athrú! Ar smaoinigh tú riamh faoin méid a bheadh i gceist dá mbeifeá i d’Ambasadóir nó cén gnéithe slándála atá faoi cheilt i do phas? Is féidir leat foghlaim faoi ballraíocht AE na hÉireann, conas a dhéanaimid idirchaidreamh ag na Náisiúin Aontaithe, an tábhacht a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus conas cur chuige 'TravelWise' a ghlacadh i leith taistil!
Tacaíonn an Bord Bia le feirmeoirí Éireannacha agus leis an tionscal bia agus dí níos fairsinge agus beidh siad i láthair chun comhairle agus faisnéis a thabhairt ar ábhair ar nós an mhéid seo a leanas: an iniúchóireacht a phasáil, feidhmíocht saineolaí earnála, agus freastal ar éilimh an mhargaidh dhomhanda. Tá an Bord Bia i Mol Brexit na bliana seo agus beidh siad ar fáil chun cabhrú le do chuid ceisteanna maidir le Brexit.
Beidh na gnáth-thacaíochtaí agus na ngnáthsheirbhísí go léir ar an láthair a sholáthraíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a mbíonn súil agat leo, agus beidh seirbhísí breise ar fáil i mbliana chun cabhrú leat Ullmhú do Brexit mar chuid de Mhol Brexit an tsráidbhaile. Is féidir leat níos mó eolais a aimsiú, chomh maith, faoi ghealltanais an Rialtais faoi inbhuanaitheacht agus an timpeallacht.
Beidh gníomhaíochtaí nuálacha agus mealltacha san ÚSB chun oideachas a chur ar an lucht freastail maidir le teachtaireachtaí faoi shábháilteacht ar bhóithre. Beidh foireann an ÚSB ar láimh le comhairle a chur ort ar an úsáid a bhaintear as feithiclí talmhaíochta, cumas tarraingthe, dlíthe soilsithe, riachtanais chothabhála feithiclí agus go leor eile.
Beidh foireann SOLAS ar an láthair chun do cheisteanna a fhreagairt ar oideachas agus oiliúint a bheidh ar fáil duit i do phobal. Is féidir leat clárú le ranganna saor in aisce le Scileanna Digiteacha chomh maith le heolas a fháil ar dheontais mhic léinn trí SUSI.
Fillfidh foireann Rannpháirtíochta sa Phobal an Gharda Síochána i mbliana chun labhairt faoi obair na nGardaí i do phobal agus conas a d’fhéadfá páirt a ghlacadh.
Beidh sceideal líon lán in ollphuball Rialtas Láir na hÉireann d’imeachtaí, cainteoirí agus ceardlanna. Ina theannta sin, is féidir leat teacht ar eolas faoin méid atá ag tarlú ar fud shráidbhaile Rialtas na hÉireann, chomh maith le heolas ar an méid atá i gceist leis an Rialtas na hÉireann agus an méid a dhéanann sé. Mar chuid de Mhol Brexit na bliana seo, beidh foireann ar fáil chun cabhrú le haon cheisteanna a bhíonn agat maidir le Brexit.
Is féidir leat teacht anseo ar sheirbhísí agus tacaíochtaí duit agus do do theaghlach. Beidh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ar an láthair, agus beidh eolas á chur ar fáil acu ar úsáid a bhaint as MyGovId agus teacht ar an Scéim Cúram Leanaí Náisiúnta. Is féidir leat teacht ar thacaíochtaí oibre, chomh maith, na Coimisinéirí Ioncaim, Tacú le FBManna agus fiú seirbhísí Intreo ina measc. Tá an t-ollphuball seo mar chuid de Mhol Brexit na bliana seo agus beidh siad ar fáil chun cabhrú le do chuid ceisteanna maidir le Brexit.
Ionad ilfhreastail don réimse iomlán saincheisteanna a mbíonn ar theaghlaigh feirme dul i ngleic leo. Mar sin, más mian leat plé a dhéanamh ar dheiseanna oideachais, comharbas feirme, foraoiseacht, saincheisteanna a bhaineann leis an timpeallacht, éagsúlú, bia, Sláinte agus Sábháilteacht, gairneoireacht, bainistíocht feirme anuas ar stoc tirim na bhfiontar príomhshrutha, déiríocht nó curaíocht, beidh comhairle saor in aisce ar fáil.
Ollphuball spleodrach é seo agus is é an mol lárnach d’eolas agus gníomhaíochtaí a bhaineann le gealltanais na hÉireann maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe – gairm uilíoch na Náisiún Aontaithe chun gnímh chun domhan níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach. Is féidir leat teacht ar eolas ar ghníomhú ar son na haeráide, bithéagsúlacht agus geolaíocht, agus go leor gníomhaíochtaí eile ar an láthair - fiú stáisiún aimsire Met Éireann agus ionsamhlóir slatiascaireachta!
Is féidir leat teacht ar fhaisnéis ar ár suíomhanna oidhreachta Náisiúnta anuas ar ár bhFardal Náisiúnta d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe anseo. Beidh Cultúr Éireann ar an láthair, chomh maith, agus míniú a thabhairt ar a n-obair a chuireann na hEalaíona Éireannacha chun cinn thar lear agus a fheabhsaíonn ár n-earnáil turasóireachta éagsúil faoin tuath in Éirinn.
Is féidir leat tacaíochtaí Rialtais a fhiosrú anseo chun sláinte ag gach folláine níos fearr a chur chun cinn ag gach feabhas a chur ar sheirbhísí ag gach céim den saol. Beidh Éire Shláintiúil agus comhpháirtithe ar an láthair chun insint duit faoi thacaíochtaí praiticiúla i do phobal agus tá eolas praiticiúil ag FSS ar conas do shláinte a chosaint, cosc a chur ar ghalar agus na háiteanna ba cheart duit dul chun cabhair a lorg nuair a theastaíonn sé uait.
[external-link https://www.hse.ie/eng/services/list/5/cancer/ | An Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse ]
Beidh Iarnród Éireann agus Bus Éireann ar an láthair chun do cheisteanna faoi iompar poiblí a fhreagairt. Aimseoidh tú an nuacht is déanaí, chomh maith, ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus tionscadail bhonneagair a chistítear faoi Thionscadal Éireann 2040 chun cabhrú le Éire a Ullmhú do Brexit.
Aimseoidh tú eolas ar ár bPlean Gníomhaíochta Éire a Atógáil ár gcláir faoi Thionscadal Éireann 2040; tithíocht, pleanáil agus tógáil inár n-ollphuball Tithe, Foirgnimh agus Tailte. Is féidir leat foghlaim faoi do chearta mar cheannaitheoir, díoltóir, tionónta nó tiarna talún réadmhaoine agus faoi luachálacha réadmhaoine, léarscáiliú mar aon le taifid chartlainne a chaomhnú agus a dhigitiú.
[external-link https://www.housing.gov.ie/ga | | An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil ]
[external-link https://www.osi.ie/ /?lang=ga | Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ]