Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Maoiniú agus tacaíochtaí atá ar fáil


Intreoir

Tá réimse scéimeanna infheistíochta agus tacaíochtaí éagsúla ar fáil don fhorbairt tuaithe agus pobail. Tá cur síos gairid ar gach ceann acu ar an leathanach seo chomh maith le naisc chuig na seirbhísí aonair agus conas iarratas a dhéanamh orthu.

Is féidir faisnéis faoi thionscadail a leithdháiltear dóibh a fháil anseo: Maoiniú a leithdháileann an Roinn

CLÁR - tionscadail bheaga tuaithe

Is clár infheistíochta spriocdhírithe é seo ina gcuirtear maoiniú ar fáil do thionscadail bhonneagair ar scála beag i gceantair thuaithe a bhfuil an laghdú is mó tagtha ar a ndaonra.

Tuilleadh eolais faoi CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) - tionscadail bheaga tuaithe

Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail

Is é Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail an infheistíocht chaipitil is mó riamh sna hionaid phobail. Cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíochtaí sna hionaid phobail ionas go bhfanfaidh na seirbhísí ríthábhachtacha seo inúsáidte, inrochtana agus sábháilte, agus go leanfaidh siad de bheith ag freastal ar riachtanais an phobail amach anseo.

Tuilleadh eolais faoi Chiste Infheistíochta na nIonad Pobail

Ciste Aitheantais Pobail

Is tionscnamh mór é an Ciste Aitheantais Phobail a dearadh chun tacú le pobail a chuir fáilte roimh dhaoine ón Úcráin agus ó thíortha eile, agus luach saothair a thabhairt dóibh.

Tacaíodh le beagnach 900 tionscadal in 2023, idir áiseanna spóirt ilchuspóireacha ar scála mór, uasghrádú ar ionaid phobail, trealamh do chlubanna spóirt, cosáin faoin aer, clóis súgartha, busanna pobail agus trealamh le haghaidh féilte.

Tuilleadh eolais faoi Chiste Infheistíochta na nIonad Pobail

Clár na Seirbhísí Pobail

Tacaíonn Clár na Seirbhísí Pobail le heagraíochtaí pobalbhunaithe chun seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ​​áitiúla a sholáthar trí mhúnla fiontraíochta sóisialta, rud a chruthaíonn deiseanna fostaíochta do ghrúpaí agus do dhaoine ar leith faoi mhíbhuntáiste.

Tuilleadh eolais faoi Chiste Infheistíochta na nIonad Pobail

Scéim Tacaíochta Iompar na nOileán 2026

Dírítear i Scéim Tacaíochta Iompar na nOileán 2026 ar oibreoirí seirbhísí sceidealaithe iompair paisinéirí agus lastais chuig oileáin shonraithe amach ón gcósta a bhfuil daoine ina gcónaí orthu, agus uathu sin ar ais.

Tuilleadh eolais faoi Scéim Tacaíochta Iompar na nOileán

Clár LEADER don fhorbairt tuaithe

Is clár forbartha tuaithe é LEADER a fhaigheann cómhaoiniú ón Aontas Eorpach. Cuireann sé cur chuige áitiúil i bhfeidhm — cur chuige ón mbun aníos — chun freastal ar riachtanais na bpobal agus na ngnólachtaí i gceantair thuaithe.

Tá ról tábhachtach ag an gclár maidir le tacú le pobail agus le fiontair chun tionscadail a bhaineann le cruthú post, le cuimsiú sóisialta agus leis an gcomhshaol a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil.

Ba cheart dóibh siúd ar spéis leo cúnamh a fháil faoi chlár LEADER teagmháil a dhéanamh lena ngrúpa gníomhaíochta áitiúil

Tuilleadh eolais faoi LEADER

Clár Feabhsaithe Áitiúil

Cuireann an Clár Feabhsaithe Áitiúil tacaíochtaí caipitil ar fáil atá riachtanach do go leor grúpaí agus eagraíochtaí beaga pobail, go háirithe iad siúd a fhreastalaíonn ar cheantair faoi mhíbhuntáiste.

Tuilleadh eolais faoi Chiste Infheistíochta na nIonad Pobail

An Scéim Feabhsaithe Áitiúil

Cuireann an Scéim Feabhsaithe Áitiúil maoiniú ar fáil chun cabhrú le húdaráis áitiúla oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre príobháideacha agus ar bhóithre nach gcoinníonn an t-údarás poiblí. Cé go gcuireann an Roinn maoiniú ar fáil don Scéim, is iad na húdaráis áitiúla a riarann ​​an scéim agus atá freagrach as na bóithre a roghnú agus a chur in ord tosaíochta. Glacann údaráis áitiúla le hiarratais go díreach agus bíonn siad i dteagmháil le tairbhithe na scéime.

Tuilleadh eolais faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil

An Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh

Cuireann an Scéim Infreastruchtúr Áineasa faoin Aer maoiniú ar fáil chun bonneagar nua áineasa faoin aer a fhorbairt. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin sa scéim chun an deisiú, an chothabháil, an feabhsú nó an cur chun cinn riachtanach a dhéanamh ar bhonneagar áineasa faoin aer atá ann cheana féin i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann.

Scéimeanna Tacaíochta Áiseanna Áineasa faoin Aer

An Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe

Is gealltanas é an Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe ón rialtas chun €1 bhilliún a infheistiú i gceantair thuaithe na hÉireann sa tréimhse idir 2019 agus 2027.

Is é cuspóir an chiste ná tacú le cruthú post, aghaidh a thabhairt ar dhí-dhaonrú pobail tuaithe agus tacú le feabhsúcháin i mbailte agus i sráidbhailte a bhfuil daonra faoi 10,000 iontu.

Tuilleadh eolais faoin gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe

Scéim Foláirimh na Seanóirí

Cuireann Scéim Foláirimh na Seanóirí maoiniú ar fáil le haghaidh aláraim éigeandála phearsanta, chun ligean do dhaoine níos sine leanúint de bheith ina gcónaí go sábháilte ina dtithe féin agus iad lán-mhuiníneach, neamhspleách agus ar a suaimhneas.

Tuilleadh eolais faoin Aláram Éigeandála Pearsanta (Scéim Foláirimh na Seanóirí)

SÍOL

Tá sé mar aidhm ag SÍOL tacaíocht a sholáthar do na ceantair uirbeacha ina bhfuil an leibhéal is airde de mhíbhuntáiste. Fuarthas maoiniú caipitil €31.5 mhilliún faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, le caitheamh roimh an mbliain 2030, chun tacú leis an scéim.

Tuilleadh eolais faoi SÍOL

An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail

Tá sé mar aidhm ag an gclár seo bochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Déantar é seo trí lucht chur i bhfeidhm an chláir, gníomhaireachtaí agus cuideachtaí, a oibríonn leis na daoine is mó faoi mhíbhuntáiste agus is deacra teacht orthu i bpobail.

Tuilleadh eolais faoin gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail

An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte

Is é príomhchuspóir an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte tacú le hathbheochan bailte agus sráidbhailte, feabhas a chur ar an timpeallacht mhaireachtála agus oibre dá bpobail, agus a n-acmhainneacht chun tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe amach anseo a mhéadú.

Is faoi na húdaráis áitiúla, go príomha, atá sé na cineálacha tionscadal a mhaoineofar faoin scéim seo a aithint i gcomhpháirtíocht le gnólachtaí agus pobail áitiúla.

Tuilleadh eolais faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte

Scéim na Siúlóidí

Éascaíonn Scéim na Siúlóidí forbairt agus cothabháil príomhbhealaí siúil ag sealbhóirí talún príobháideacha.

Déanann Cuideachtaí Forbartha Áitiúla an scéim a riaradh; cuireann siad an scéim i bhfeidhm ina gceantar féin thar ceann na Roinne.

Faoi chlár an Rialtais agus faoi Ár dTodhchaí Tuaithe, gheall an Roinn go ndéanfaí líon na mbealaí faoin Scéim a mhéadú faoi dhó.

Tuilleadh eolais faoi Scéim na Siúlóidí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat