Athbhreithniú ar an gCiste um Fhreastal Réasúnta agus ar an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is príomhthacaíochtaí fostaíochtaí míchumais iad na deontais ón gCiste um Fhreastal Réasúnta agus ón Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas. Tá sé mar aidhm acu tacaíocht a thabhairt d'fhostaíocht daoine atá faoi mhíchumas sa mhargadh fostaíochta oscailte.
Soláthraíonn an Ciste um Fhreastal Réasúnta tacaíocht airgid d'fhostóirí san earnáil phríobháideach cuardaitheoirí poist, agus fostaithe faoi mhíchumas chun an t-ionad oibre a dhéanamh níos inrochtana. Tá an ciste déanta as ceithre dheontas:
Tá sé mar aidhm ag an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas an t-ionad oibre a dhéanamh níos tacúla trí mhaoiniú a chur ar fáil d’fhostóirí san earnáil phríobháideach chun socrú agus íoc as oiliúint um fheasacht ar mhíchumas do bhaill foirne a oibríonn le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.
Rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú ar an dá scéim chun deacrachtaí a aithint a d'fhéadfadh a bheith mar chúis leis an nglacadh íseal. Chun eolas a thabhairt don athbhreithniú reáchtáladh comhairliúchán poiblí thar 6 seachtaine san Earrach 2022. Ba dheis é do dhaoine a dtuairimí a thabhairt maidir le todhchaí na scéimeanna seo. Fuair an Roinn 33 aighneachtaí agus 912 freagraí suirbhé ó raon leathan daoine, eagraíochtaí agus comhlachtaí.
D'aithin an comhairliúchán poiblí deacrachtaí leis an scéim, amhail easpa feasachta, próiseas iarratais casta leibhéal íseal maoinithe. Bhí éileamh ann freisin na seirbhísí a d'fhéadfaí a mhaoiniú a leathadh agus na cineálacha fostóirí, fostaí agus fostaí ionchais atá incháilithe.
Chun cabhrú le riachtanais daoine atá faoi mhíchumas nó atá ag cuardach fostaíochta, tugann an t-athbhreithniú moltaí maidir leis an dá scéim a chomhcheangal. Molann sé freisin córais agus próisis a shimpliú, incháilitheacht agus maoiniú scéime a leathnú, formheas i bprionsabal a sholáthar agus an scéim nua a chur chun cinn.
Físeán TCÉ - Athbhreithniú ar dheontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta agus ar an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas
Oibreoimid sna míonna amach romhainn chun na moltaí sa tuarascáil seo a chur i bhfeidhm agus tá sé mar aidhm againn an scéim leasaithe a bheith i bhfeidhm in 2024.
Teastaíonn uainn buíochas a ghabháil as na daoine a thóg an t-am chun aighneachtaí a dhéanamh agus freagra a thabhairt ar na suirbhéanna mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Is cuid thábhachtach den athbhreithniú iad na léargais a thugtar.