Treoirlínte faoi Alt 12 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná a chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil go forleathan trí Ghaeilge ar chaighdeán ard. Mar chuid den phróiseas sin, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí scéim teanga a aontú leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán. Tá treoracha praiticiúla chun cuidiú le comhlachtaí poiblí scéimeanna teanga a ullmhú sna treoirlínte seo a ullmhaíodh faoi Alt 12 den Acht. Ba chóir a nótáil go bhféadfadh sé go leasófaí na treoirlínte seo mar thoradh ar leasuithe reachtaíochta a d’fhéadfadh eascairt as an athbhreithniú ar an Acht atá déanta ag an Roinn.