Ceapachán le Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte, Simon Harris T.D. na daoine seo a leanas a athcheapadh mar bhall neamhghairmiúil de Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga ón 05 Bealtaine 2020 go dtí an 13 Feabhra 2024 i ndiaidh feachtas Ceapacháin Seirbhíse Poiblí:
An tUasal Lindsay Malone
Ball taithíoch boird í an tUasal Lindsay Malone a d’fhóin ar Bhord an Ionaid Oiliúna agus Oideachais Phobail (CTEC) ó 2014 go 2019, ar Chomhairle Náisiúnta Gaisce in 2018 agus is ball de bhord Pobal í ó 2019.
Ghlac sí le ról POF in dhá eagraíocht éagsúla agus tá forbairt déanta ag an Uasal Malone ar sháreolas oibre ar rialachas corparáideach, bainistíocht riosca, bainistíocht athraithe agus airgeadais.
Tá Teastas bainte amach ag an Uasal Malone i nDlí, Iontaobhas agus Rialachas Carthanais ó Dhlí-Chumann na hÉireann. Chuir an cháilíocht seo ar a cumas chun tuiscint shoiléir a fhorbairt ar na príomhbheartais rialachais d’eagraíochtaí agus a ndearna sí tuairisciú le roinnt bord dá bharr.
I ndiaidh di roinnt tionscnaimh phobalbhunaithe éagsúla a bhainistiú, fuair an tUasal Malone taithí mhór phraiticiúil ar oibriú i limistéar an Chúraim Shóisialta. Rinne an tUasal Malone foirne a stiúradh ar bhonn náisiúnta chun cuspóirí ardleibhéil a bhaint amach a leag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige amach agus rinne sí gníomhartha inoibrithe díobh ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach.
Déanann an tUasal Malone bainistiú ina ról reatha ar 200 Léachtóir Comhlach i measc 3 champas agus ar roinnt disciplíní, a léiríonn a cumas chun oibriú le daoine eile agus comhdhearcadh a fhorbairt i measc réimse fairsing páirtithe leasmhara.
Tá céim onóracha bainte amach aici i gCúram Sóisialta, tá Dioplóma Iarchéime bainte amach aici in Aois an Pháiste agus san Óige, tá Máistreacht bainte amach aici sa Mhúinteoireacht agus san Fhoghlaim agus tá staidéar á dhéanamh aici faoi láthair chun PhD a bhaint amach i gCeartas agus Oideachas Sóisialta.