Ceapachán chuig Bord Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann:
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly tar éis an tUasal Niall Murphy a cheapadh chuig Bord Chlárlann Náisiúnta na hÉireann le héifeacht ón 16ú Eanáir 2023 go dtí an 15ú Eanáir 2027.
Tá os cionn 25 bliain de thaithí idirnáisúnta ag Niall i dteicneolaíocht agus i gclaochlú digiteach ar fud na dtionscal go léir lena n-áirítear cúram sláinte le fócas ar leith ar conas is féidir le heagraíochtaí teicneolaíochtaí cumarsáide, comhoibrithe agus sonraí a úsáid chun a n-oibríochtaí a athrú ó bhonn. Tá sé ina Bhainisteoir Sinsearach le Salesforce faoi láthair, agus tá foirne á dtógáil agus á bhforbairt aige chun tacú le custaiméirí ar fud na hEorpa le roinnt blianta anuas. Bhí sé freagrach freisin as roinnt clár bainistíochta athruithe a eascraíonn as gnólachtaí nua a fháil agus as athrú eagraíochtúil. Is éard a bhí i gceist leis seo ná cláir intomhalta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun tacú le forbairt an ghnó. Tá Niall oilte ar ailíniú daingean ilpháirtithe leasmhara a chinntiú maidir le custaiméirí agus go hinmheánach (foirne táirgí, margaíochta agus díolacháin) chun próisis a fheabhsú agus na torthaí is fearr a thiomáint do chustaiméirí. Tá scileanna láidre cumarsáide ag Niall agus tá sé ar a chumas cur i láthair a dhéanamh ag imeachtaí móra nó ag seisiúin eolais feidhmiúcháin níos lú ag cur na dteachtaireachtaí in oiriúint don lucht féachana de réir mar is cuí, bíodh sé ina lucht féachana gairmiúil / teicniúil / feidhmeannaigh shinsearacha de réir mar is gá. Déanann sé cuir i láthair go rialta ag imeachtaí idirnáisiúnta. Sular thosaigh sé a phost reatha, d’oibrigh Niall do ghnólacht nuathionscanta i Londain a cheannaigh Microsoft agus Ericsson in Éirinn agus sa tSualainn. I measc a dhámhachtainí acadúla tá Dioplóma Iarchéime in Anailísíocht Sonraí (COBÁC), Máistreacht san Innealtóireacht (OCBÁC) agus Baitsiléar Innealtóireachta (COBÁC).