Athcheapacháin ar an gComhairle Náisiúnta Haemaifilia
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Simon Harris TD, tar éis na baill ag seo thíos a athcheapadh ar an gComhairle Náisiúnta Haemaifilia ar feadh thréimhse trí bliana, le tosú an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Is Comhairleoir san Haemaiteolaíocht in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe í an Dr. Ruth Gilmore, agus roimhe seo d'oibrigh sí leis an Ionad Náisiúnta um Neamhoird Téachta Oidhreachtúla in Ospidéal Naomh Séamas. Tá Máistreacht aici san Fhaisnéisíocht Leighis chomh maith le MD ar an nGiniúint Thrombin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I measc na spéiseanna taighde atá aici tá neamhoird fuilithe neamhchoitianta, an ghiniúint thrombin agus an úsáid ríomhairí sa Chúram Sláinte.
Tá Deborah Greene ag obair do Chumann Haemaifilia na hÉireann (I.H.S.) ó 2003 i leith. Is í Deborah Greene an Riarthóir reatha a ghlac leis an ról seo i mBealtaine 2009. Déanann Deborah Greene maoirseacht ar riarachán na hoifige ó lá go lá, lena n-áirítear an bhainistíocht ar imeachtaí, an suíomh gréasáin & na meáin shóisialta, an soláthar foirne, tacaíocht agus seirbhísí don fhoireann, agus tá sí ina heagarthóir ar I.H.S. publications chomh maith. Tá an Deborah Greene ina comhalta de chuid Fhondúireacht Taighde Haemastáise na hÉireann agus tá baint aici freisin le Clár Nasctha Cónaidhm Dhomhanda Haemaifilia.
Is é an tUasal Brian O’Mahony Príomhfheidhmeannach Chumann Haemaifilia na hÉireann, tar éis dó a bheith ina Chathaoirleach air roimhe seo. Tá sé ina Uachtarán ar Chuibhreannas Haemaifilia na hEorpa agus roimhe seo bhí sé ina Uachtarán ar Chónaidhm Dhomhanda na Haemaifilia ar feadh 10 mbliana. I measc a rudaí a dhéanann sé áirítear an scríbhneoireacht, an abhcóideacht, an oiliúint sa phleanáil straitéiseach, córais soláthair náisiúnta, agus an brústocaireacht. Tá sé ina Chomhalta de chuid Institiúid na nEolaíochtaí Bithleighis agus Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne. Tá cáilíochtaí gairmiúla aige freisin sa tsláinte agus sábháilteacht cheirde agus sa bhainistíocht agus tá post Ollúna cúnta aige i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Is fiaclóir í an Dr. Alison Dougall agus is í an tOllamh Comhairleach / Ollamh Cúnta le hOthair a bhfuil Deacrachtaí Leighis acu in Ospidéal Fiaclóireachta Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sí ina hUachtarán ar Chónaidhm Dhomhanda Rannán Fiaclóireachta Haemaifilia agus ina heagarthóir ar an gCumann Idirnáisiúnta um Míchumas agus Sláinte Béil. Tá sí ina stiúrthóir ar an gclár dochtúireachta san fhiaclóireacht chúraim speisialta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus in 2015 bhuaigh sí duais cheannaire sláinte HMI as a an obair atá déanta aici chun an tsláinte béil do dhaoine a bhfuil haemaifilia acu in Éirinn a chur chun cinn.
Is é an Dr David Vaughan an Stiúrthóir Cáilíochta agus Sábháilteachta sa Ghrúpa Ospidéal Leanaí, chomh maith le pheith ina phéidiatraiceoir comhairleach riospráide ann. Roimhe seo, d'oibrigh sé mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Cáilíochta agus Sábháilteachta othar i gCorparáid Leighis Hamad i Catar, bhí sé ina Stiúrthóir Ceannaireachta ar an gCáilíocht agus an tSábháilteacht i gColáiste Ríoga na Lianna agus ina Phéidiatraiceoir Comhairleach agus ina Phéidiatraiceoir Riospráide in Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha.