An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Thosaigh Brendan McMahon le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas i mí Iúil 2006. D'oibrigh sé i Rannán Dlí na Roinne Gnóthaí Eachtracha roimhe sin, áit ar chuir sé comhairle ar fáil maidir le réimse ábhar a bhain leis an dlí intíre, le dlí an AE agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus rinne sé ionadaíocht ar an Stát i bhfóraim dlí éagsúla.
Bhain sé céim Baitsiléir sa Dlí Sibhialta agus céim Máistreachta sa Staidéar Comhionannais amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus glacadh leis ina abhcóide in 1995. Tá Modúil de chuid an Ard-Dioplóma sa Dréachtú Reachtach tugtha aige roimhe seo, cúrsa a chuir Cumann Onórach Óstaí an Rí ar fáil.