An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tá Brendan i gceannas ar Ghrúpa 3 d’Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas, a dhréachtaíonn reachtaíocht phríomha agus thánaisteach don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, don Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, don Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, agus do Roinn an Taoisigh.
Áirítear ar obair dhréachtóirí Ghrúpa 3 reachtaíocht a bhaineann leis an dlí coiriúil agus nós imeachta coiriúil, an dlí sibhialta (lena n-áirítear nós imeachta sibhialta agus na cúirteanna), inimirce (lena n-áirítear cosaint idirnáisiúnta), comhionannas, cúram agus cosaint leanaí, míchumas agus rialáil talmhaíochta.
Is comhalta é Brendan de Choiste Reachtaíochta an Rialtais, atá faoi chathaoirleacht an Phríomh-Aoire, agus tuairiscíonn sé don Choiste maidir le reachtaíocht a thagann faoina réimse freagrachta.