Marion Berry
- Foilsithe: 23 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2026
Ceapadh Marion ina hArd-Stiúrthóir ar Oifig an Ard-Aighne i mí Aibreáin 2026.
Roimh an ról sin, ó 2022 i leith, ba í Marion an Leas-Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Bhí sí ina hAbhcóide Comhairleach i nGrúpa Ceartais Oifig an Ard-Aighne idir 2009 agus 2022 agus í ar iasacht ar feadh tréimhse den am sin ina Comhairleoir Dlí ag an Roinn Fiontar idir 2013 agus 2015. Glacadh léi ina habhcóide in 2001 agus bhí sí ag cleachtadh sa Leabharlann Dlí idir 2002 agus 2009. Fuair sí B.A. sa Dlí agus sa Léann Eorpach (Fraincis) ó Ollscoil Luimnigh in 1999.