Ard-Stiúrthóir
- Foilsithe: 23 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2026
Ina hArd-Stiúrthóir di, is í Marion an státseirbhíseach sinsearach agus ceann neamhpholaitiúil na hOifige.
Sise atá freagrach as bainistiú éifeachtach éifeachtúil a dhéanamh ar an Oifig, lena n-áirítear freagrachtaí airgeadais faoi leith, pleanáil agus treoir straitéiseach, táirgeacht agus torthaí a bhaint amach, aghaidh a thabhairt ar nithe ilearnálacha a bhaineann leis an Oifig, agus, ina hOifigeach Cuntasaíochta, freagracht a ghlacadh os comhair Coistí Oireachtais de réir mar is gá.
Tá sí tiomanta don Oifig a stiúradh ina misean freastal ar leas an phobail, tríd an gcaighdeán is airde seirbhísí dlí gairmiúla a chur ar fáil don rialtas, dá ranna agus dá oifigí, ar bhealach atá chomh tíosach agus chomh héifeachtúil agus is féidir fad a thacaítear le comhlíonadh riail an dlí.
Misean na hOifige
Is é an misean atá againn an caighdeán is airde seirbhísí gairmiúla dlí a sholáthar don Rialtas, dá Ranna agus dá Oifigí ar bhonn chomh tíosach agus chomh héifeachtach agus is féidir, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do chomhlíonadh riail an dlí.