Margaret Kennedy
- Foilsithe: 13 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 6 Bealtaine 2026
Bhain Margaret céim Baitsiléir sa Dlí Shibhialta amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sular thosaigh sí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas in 1999, chuir sí seirbhísí maoine agus pleanála eastáit ar fáil do chliaint thráchtála agus phríobháideacha ina haturnae di ar feadh 10 mbliana.
Nuair a thosaigh sí san Oifig, chuaigh Margaret faoi oiliúint i ndisciplín speisialaithe an dréachtaithe reachtaíochta agus tá sí sa ról atá aici faoi láthair ó 2015. Múineann Margaret cuid den siollabas ar an Ard-Dioplóma sa Dréachtú Reachtach i gCumann Onórach Óstaí an Rí.
In 2025 bronnadh Dioplóma Gairmiúil sa Cheannaireacht uirthi ó Fhoras Bainistíochta na hÉireann.