Dréachtóir Parlaiminte - Grúpa 1
- Foilsithe: 13 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2026
Tá Margaret i gceannas ar Ghrúpa 1 in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Tá an Grúpa comhdhéanta d'fhoireann de dhréachtóirí reachtacha speisialaithe, ar aturnae nó abhcóide cáilithe gach duine díobh freisin, agus cuireann sé seirbhísí dréachtaithe ar fáil don Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, don Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus don Roinn Iompair.
Cuimsítear sa reachtaíocht a chuireann Grúpa 1 i gcrích soláthar a bhaineann le craoltóireacht agus na meáin, an comhshaol, pleanáil, fóntais, dlí toghcháin, rialtas áitiúil, teangacha oifigiúla agus an Ghaeltacht, leictreachas agus fuinneamh, tithíocht, tionóntachtaí cónaithe, trácht ar bhóithre, bóithre agus aeriompar.
Tuairiscíonn Margaret do Choiste Reachtaíochta an Rialtais atá faoi chathaoirleacht an Phríomh-Aoire maidir leis an reachtaíocht a bhfuil sí freagrach aisti.