Dréachtóir Parlaiminte - Grúpa 1
- Foilsithe: 13 Samhain 2023
 - An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
 
Freagrach as na seirbhísí gairmiúla dréachtaithe reachtaíochta a dhéanann sainghrúpa de dhréachtóirí reachtúla (Dréachtóirí Parlaiminte) a sholáthar, a chomhordú agus a bhainistiú ar son na Ranna Stáit seo a leanas:
- An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
 - An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
 - An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
 - An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
 - An Roinn Iompair
 
Tá Margaret ina ball den Choiste Reachtaíochta Rialtais agus freastalaíonn sí ar chruinnithe den Choiste i dtaca le hobair dréachtaithe reachtaíochta atá faoina sainchúram.