Déanann na hAirí McConalogue, Hackett agus Heydon Lá Domhanda na nIthreacha 2023 a chomóradh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, tarraingeoidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Taighde, Martin Heydon T.D., agus an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, aird ar an tábhacht a bhaineann le hithreacha sláintiúla ar Lá Domhanda na nIthreacha. Is é téama na bliana seo ná Ithir agus Uisce: foinse bheatha.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá nasc luachmhar idir ithir agus uisce agus le breis is 95% dár mbia ag teacht ón ithir, is é an caidreamh le huisce bunsraith ár dtáirgthe talmhaíochta.”
Ina theannta sin, d’fhógair an tAire McConalogue go n-eiseofar litreacha formheasta do chéim a dó den Chlár Samplála agus Anailíse Ithreach chuig 7,000 feirmeoir an tseachtain seo. Soláthróidh an Clár sin faisnéis luachmhar d’fheirmeoirí chun eolas a thabhairt do chinntí a chuireann sláinte a gcuid ithreacha chun cinn agus atá dírithe ar shláinte ithreach, ar thorthúlacht ithreach agus ar charbón ithreach a chur ag croílár ár samhla talmhaíochta amach anseo.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá lúcháir orm dul chun cinn a fheiceáil leis an gclár agus guím gach rath ar ár gcomhpháirtí nua, Cuibhreannas Saineolaithe Ithreach na hÉireann, maidir le sampláil, anailís agus soláthar thart ar 90,000 toradh sampla ithreach dár bhfeirmeoirí.”
Ar mhaithe le Lá Domhanda na nIthreacha a chomóradh, le déanaí thapaigh an tAire Stáit Pippa Hackett an deis cuairt a thabhairt ar fheirm Thomas, Florence agus David Fennelly in aice le hIoma, Co. Laoise.
Is feirmeoirí déiríochta iad muintir Fennelly atá ag glacadh páirt i gclár Signpost Teagasc agus tá siad i mbun gníomhaíochtaí chun astaíochtaí GCT agus amóinia a laghdú, chun caighdeán an uisce, sláinte ithreach agus an bhithéagsúlacht iomlán ar a bhfeirm a fheabhsú.
Dúirt an tAire Hackett:
“Bhí lúcháir orm a chloisteáil faoin méid atá á dhéanamh ag muintir Fennelly chun a bhfeirm a dhéanamh níos inbhuanaithe. Is léir go bhfuil siad dírithe ar chleachtais bhainistíochta inbhuanaithe ithreach a chur i bhfeidhm agus ar shláinte ithreach a fheabhsú ar a bhfeirmeacha. Tá ról ríthábhachtach ag ithreacha sláintiúla maidir le rialú a dhéanamh ar choinneáil uisce agus ar sholáthar uisce sa talmhaíocht.”
Ina theannta sin, dúirt an tAire Hackett:
“Tá sláinte na hithreach, agus caighdeán agus soláthar uisce nasctha le chéile. Is cuid lárnach agus riachtanach dár saol iad an dá rud agus fáiltím roimh Lá Domhanda na nIthreacha agus an bhéim á cur ar an nasc tábhachtach sin.”
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon:
“Le déanaí, ag an gComhdháil 'Talmhaíocht agus Athrú Aeráide: Beart de réir na hEolaíochta’ arna óstáil ag mo Roinn, d'fhógair mé maoiniú de €3.8m do cheithre thionscadal taighde a d'eascair as Comhghlao Taighde na hÉireann – na Nua-Shéalainne 2023. Tá ceann de na tionscadail sin ag scrúdú na n-impleachtaí atá ag cleachtais bainistíochta talún ar ithreacha móna orgánacha le béim ar leith ar laghduithe ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa agus gheobhaidh sé díreach os cionn €1 milliún.”
Lena chois sin, bhain an tAire Heydon úsáid as Lá Domhanda na nIthreacha mar dheis chun síniú Fhorógra Mhisean Ithreach na hEorpa a fhógairt. Is é Clár Taighde agus Nuálaíochta Fís Eorpach 2021-2027 príomhthionscnamh an Aontais Eorpaigh chun taighde a mhaoiniú agus tá an ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’ ar cheann dá chúig mhisean. Leagann Forógra Mhisean Ithreach na hEorpa béim ar an ngá práinneach atá ann chun gníomhú ar mhaithe le sláinte ithreach a chosaint agus tá síniú an fhorógra ina ghné tábhachtach de rathúlacht an Mhisin Ithreach.
Agus an Forógra á shíniú aige, dúirt an tAire Heydon:
“Tarraingítear aird trí Fís Bhia 2030 ar ríthábhacht dea-shláinte ithreach i dtéarmaí aschur talmhaíochta, táirgeadh bia atá dlúthchothaitheach, leithlisiú carbóin, tacú le gnáthóga agus bithéagsúlacht, agus teacht aniar in aghaidh athrú aeráide a chur le chéile. Cabhróidh an Misean Ithreach le taighde sna réimsí sin, agus tá an-áthas orm Forógra an Mhisin Ithreach a shíniú ar Lá Domhanda na nIthreacha seo agus creidim gur léiriú tábhachtach é ar thiomantas mo Roinne don Mhisean Ithreach.”
Tacaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara leis an uaillmhian atá luaite ag Lá Domhanda na nIthreacha chun feasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann le héiceachórais shláintiúla agus folláine an duine a choinneáil trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhéadaitheacha i mbainistíocht ithreach, feasacht ithreach a mhéadú agus sochaithe a spreagadh chun sláinte ithreach a fheabhsú.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Lá Domhanda na nIthreacha
Is lá idirnáisiúnta é Lá Domhanda na nIthreacha ar mhaithe le hIthir a cheiliúradh. Reáchtáiltear é gach bliain an 5 Nollaig mar mhodh chun aird a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann le hithreacha sláintiúla agus chun tacú le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar acmhainní ithreach. Is é an téama atá ag Lá Domhanda na nIthreacha 2023 (#WorldSoilDay) ná “ Ithir agus uisce: foinse bheatha".
Comhghlao Taighde na hÉireann – na Nua-Shéalainne 2023
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi sin anseo: Sásra Taighde Comhpháirteach na hÉireann – na Nua-Shéalainne. Tá tacaíocht airgeadais na hÉireann do Chomhghlao Taighde na hÉireann – na Nua-Shéalainne 2023 á soláthar trí Chlár Taighde RTBM.
Is é an teideal atá ar an tionscadal ithreach dá dtagraítear dó ná ‘Samhaltú agus tomhas bainistíochta talmhaíochta ar ithreacha móna chun baint agus ceapadh carbóin a fheabhsú (MAPSERS-C)’. Tá sé á chomhordú ag an Dr Giulia Bondi ó Teagasc, Caisleán Bhaile Sheáin, le comhoibriú ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Waikato na Nua-Shéalainne agus Landcare Research na Nua-Shéalainne.
Forógra an Mhisin Ithreach
Tá sé mar aidhm ag Forógra an Mhisin Ithreach lucht déanta beartas réigiúnach agus áitiúil, geallsealbhóirí agus saoránaigh a thabhairt le chéile i bpobal bríomhar a thugann aire do shláinte na hithreach. Tá sé mar aidhm aige eolas áitiúil, nuálaíocht agus infheistíocht a chothú trí fheasacht a ardú nach mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun ár n-ithreacha a chosaint. Aithneoidh sínitheoirí an doiciméid an gá atá le gníomhaíocht ar mhaithe le sláinte na hithreach agus beidh siad in ann dul i mbun gníomhaíochtaí chun sláinte na hithreach a fheabhsú. Beidh rochtain acu ar na torthaí taighde is déanaí, mar aon leis an deis páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus imeachtaí comhroinnte eolais chun dea-chleachtais dár n-ithreacha a mhalartú.
Féadfaidh ionadaithe bardas, réigiún, cuideachtaí agus eagraíochtaí príobháideacha nó poiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí daonchairdis, scoileanna agus institiúidí oideachais, chomh maith le hinstitiúidí taighde an doiciméad deonach a shíniú. Is féidir le daoine aonair an Forógra a shíniú freisin agus a bheith ina “gCairde don Mhisean Ithreach ".
Trí Fhorógra an Mhisin Ithreach a shíniú, is féidir le heagraíochtaí agus le daoine aonair a dtiomantas do chosaint agus d'athchóiriú shláinte na hithreach a léiriú agus cuidiú le móiminteam a thógáil i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe.
I mí na Samhna 2021, léirigh an Coimisiún Eorpach a Straitéis Ithreach le haghaidh 2030 a rabhthas ag súil léi le fada. Mar chuid de sin, an 5 Iúil 2023, mhol an AE Dlí nua Monatóireachta Ithreach chun ithreacha a chosaint agus a athchóiriú agus chun a chinntiú go n-úsáidtear iad ar bhonn inbhuanaithe.
Is feachtas ilbhliantúil é an clár Signpost atá á reáchtáil ag Teagasc chun gníomhaíocht aeráide ó fheirmeoirí uile na hÉireann a threorú. Tá sé mar aidhm ag na cláir dul chun cinn luath a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gásacha ó thalmhaíocht na hÉireann a laghdú agus cáilíocht uisce a fheabhsú freisin, bithéagsúlacht a choinneáil agus a fheabhsú agus costais a laghdú agus fiontair feirmeoireachta níos brabúsaí agus níos inbhuanaithe a chruthú.
Cuibhreannas Saineolaithe Ithreach na hÉireann
Bronnadh an conradh do sholáthar chéim 2 den Chlár Samplála agus Anailíse Ithreach ar Chuibhreannas Saineolaithe Ithreach na hÉireann tar éis próiseas soláthair phoiblí. Tá na páirtithe seo a leanas sa chuibhreannas: Comharchumann Náisiúnta um Sheirbhísí Faoisimh Feirme, Southern Scientific Services Teo., FBA Laboratories, Dairygold agus Teagasc.