Fáilte curtha ag an Aire Donnelly roimh áiseanna nua agus uasghrádaithe ag Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh sheoladh áiseanna nua agus uasghrádaithe ag Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh (CUMH), lena n-áirítear Svuít Gínéiceolaíochta Siúlaí, Barda Gínéiceolaíochta Lae, agus Svuít Luí Seoil an tSeomra Ionduchtaithe.
Le cois feabhsuithe suntasacha i CUMH, dá dtagraítear thuas, tá mórfhorbairt curtha i gcrích i gClinic Bhóthar na Laoi freisin agus is ann a bheidh an lárionad réigiúnach seirbhísí torthúlachta agus úraighínéiceolaíochta lonnaithe.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:
“Tá tús áite á thabhairt ag an Rialtas seo do chúram sláinte na mban. Trí chur chun feidhme leanúnach na Straitéise Náisiúnta Máithreachais, na Samhla Cúraim Shiúlaigh Gínéiceolaíochta, agus bunú clinicí speisialtóra i réimse shláinte na mban, tá feabhsuithe suntasacha agus follasacha le tabhairt faoi deara atá mar bhonn le sábháilteacht agus eispéireas ban, leanaí agus teaghlach a úsáideann ár seirbhísí a fheabhsú.”
Chomh maith le clinic ghéinéiceolaíochta siúlaí a bhunú, tá na forbairtí seo a leanas curtha i gcrích i CUMH le déanaí freisin:
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:
“Is fianaise eile fós iad na forbairtí seirbhíse ar thiomantas an Rialtais seo do Shláinte na mBan a chur chun cinn. Éascóidh an infheistíocht bhreise shuntasach a fógraíodh i mBuiséad 2022 forbairt agus feabhas na seirbhísí atá ar fáil faoi láthair mar aon le forbairt seirbhísí nua a thacóidh le Sláinte na mBan. Cabhróidh sé seo le heispéireas othar agus úsáideoirí a fheabhsú agus torthaí níos fearr a bhaint amach, de réir phrionsabail Sláintecare."
CRÍOCH