Comhaltaí Boird an Fhorais Teanga Ceaptha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tionóladh an dara Cruinniú Institiúideach déag den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Oifigí Chomhrúnaíocht na Comhairle, Ard Mhacha inniu, Dé Céadaoin an 16 Nollaig 2020.
Cheadaigh an Chomhairle roinnt ceapachán mar Chomhaltaí Boird den Fhoras Teanga, triúir a bhí ainmnithe ag Rialtas na hÉireann san áireamh. Ceapadh Liam Rush mar chomhalta de Bhord Foras na Gaeilge ar feadh téarma cheithre bliana, agus athcheapadh Máire Ní Neachtain agus Sorcha Ní Chéidigh mar chomhaltaí Bhord Foras na Gaeilge ar feadh tréimhse blaina. Déanfar ceapacháin eile le linn 2021.
Ag labhairt dóibh faoi na ceapacháin seo inniu, dúirt an tAire Catherine Martin agus tAire Stáit Jack Chambers go raibh siad ag súil go mór le bheith i mbun oibre leis an mBord nua, agus ghabh siad buíochas le hiar-Chathaoirleach an Bhoird, Pól Ó Gallchóir, as a chuid oibre agus an t-ionchur dearfach a bhí aige le linn a théarma ar leas an Fhorais Teanga agus na teanga i gcoitinne ar fud an oileáin.
Nóta Beathaisnéise
Sorcha Ní Chéidigh: Aisteoir as Leitir Móir, i gCo. na Gaillimhe í Sorcha a bhfuil Céim Onóracha bainte amach aici sa Chumarsáid le Ollscoil na hÉireann Gaillimh, chomh maith le Ard Dioplóma sa Drámaíocht agus sa nGaeilge Fheidhmeach (GMIT). Freisin bíonn sí ag scríobh do shobalchlár Ros na Rún, ag stiúradh cláir teilifíse do pháistí chomh maith le bheith ina Múinteoir Damhsa Gaelach. Tá go leor oibre déanta aici le daoine óga sa nGaeltacht le deich mbliana anuas mar mhúinteoir drámaíochta agus mar mhúinteoir damhsa Gaelach.
Máire Ní Neachtain: Is as Baile ’n tSagairt sa Spidéal i nGaeltacht Chois Fharraige do Mháire Ní Neachtain. Is Iar-Cheann Roinne ar Roinn na Gaeilge agus Iar-Dhéan Cúnta i nDámh na nDán i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach í. Tá spéis mhór ag Máire sna healaíona agus i gcúrsaí pobail. Tá sí an-ghníomhach mar oibrí deonach i saol na Gaeilge sa Ghaeltacht agus in eagrais teanga agus cultúir taobh amuigh di. Tá sí ina Cathaoirleach ar Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.
Liam Rushe: Cuntasóir le PWC is é Liam Rushe. Bíonn sé i mbun craoltóireacht agus tráchtaireacht ar Sport TG4. Ball d'fhoireann iománaíochta sinsear Bhaile Átha Cliath agus Naomh Pádraig, Baile Phámar.