Fógraíonn an tAire Martin trí thionscnamh nua chun tacú leis an Gheilleagar Oíche
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, pacáiste tacaíochta don Gheilleagar Oíche le scéim phíolótach nua, i gcomhpháirt leis an Chomhairle Ealaíon, chun cuidiú le spásanna cultúrtha agus ealaíon atá ann cheana fanacht ar oscailt le haghaidh gníomhachtaí nua go déanach san oíche, scéim deontais chaipitil €2 mhilliún chun cuidiú le hionaid bearta fuaimhdhíonta a chur i bhfeidhm ina n-ionaid chun torann a laghdú san oíche agus tionscnamh píolótach spreagúil nua chun láthair taobh amuigh bia agus cultúir tráthnóna agus oíche a dhéanamh den Mhargadh is nuaí agus is sine i mBaile Átha Cliath.
Tá an Clár Píolótach Imeachtaí Cultúir Oíche, atá á leathadh amach ag an Chomhairle Ealaíon agus á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, dírithe ar ionaid ealaíon i mbailte agus cathracha ar fud na tíre, atá ag fáil Maoinithe d’Ionaid Ealaíon nó Maoinithe Deontais do na hEalaíona (ionaid ealaíon) ón Chomhairle Ealaíon. Beidh ar na hionaid ealaíon phíolótacha roghnaithe imeachtaí a óstáil go mall san oíche, a bhféadfadh ceol traidisiúnta nó ceol leictreonach, oícheanta DJ, amharclannaíocht, geandrámaíocht nó damhsa a bheith i gceist leo. Fosta beidh sé mar aidhm ag na cláir phíolótacha aon dúshláin d’ionaid ealaíon maidir le fanacht ar oscailt go déanach a aimsiú agus aghaidh a thabhairt orthu. Tá maoiniú de suas le €60,000 ar fáil don phríomhionad ealaíon roghnaithe. Tá sonraí faoin chlár ar fáil anseo.
Agus í ag fógairt na dtionscnamh Geilleagair Oíche inniu, dúirt an tAire Martin:
“Leis an Chlár Píolótach Imeachtaí Cultúir Oíche atá á fhógairt agam inniu, tá muid ag iarraidh úsáid iomlán a bhaint as ár spásanna cultúrtha timpeall na tíre atá maoinithe go poiblí, agus iad a dhéanamh níos mealltaí do lucht féachana nua. Ba mhaith liom an deis seo a thapú buíochas a ghabháil leis an Chomhairle Ealaíon as an Chlár Píolótach seo a bhainistiú agus a fhorbairt agus as a dtacaíocht leanúnach i réitigh chruthaitheacha a aimsiú chun spás sa gheilleagar oíche, a theastaíonn go mór, a oscailt.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrtheoir na Comhairle Ealaíon:
“Tá áthas ar an Chomhairle dul i gcomhpháirt leis an Roinn chun an clár píolótach le haghaidh Imeachtaí Deireanach san Oíche a chruthú, a chuireann moltaí an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche chun tosaigh. Tar éis an Fhóraim Gheilleagair Oíche a d’eagraigh an Chomhairle Ealaíon sa Ghailearaí Náisiúnta i mí Eanáir, cruthaíodh scéim phíolótach d’ionaid ealaíon lena dtugtar cuireadh d’ionaid ealaíon cur isteach ar mhaoiniú chun obair le páirtithe leasmhara eile le plé a dhéanamh ar raon leathan deiseanna oíche le tarlú in ionaid ealaíon nó áiteanna eile. Tacófar an scéim seo le taighde chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí na scéime agus tabharfaidh sé treoir do thionscnaimh eile sa todhchaí.”
Tá an Scéim Deontais Laghdaithe Torainn a fógraíodh inniu dírithe ar ionaid dhéanacha, cosúil le clubanna oíche agus ionaid cheoil bheo dhéanacha atá tacaíocht maoinithe de dhíth orthu chun cuidiú le hastaíochtaí torainn a laghdú laistigh agus lasmuigh dá n-ionaid. Cuirfear uasdheontas ceadaithe de €70,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail, chun oibreacha cosúil le suiteáil/athsholáthar córas ceallaithe torainn, tógáil ionsúirí fuaime agus tógáil/suiteáil bacainní fuaime taobh amuigh a mhaoiniú.
Seolfar an scéim freisin roimh an athchóiriú molta ar na dlíthe ceadúnúcháin alcóil agus tacóidh sí le haon athrú atá beartaithe ar uaireanta oscailte do chlubanna oíche agus ionaid dhéanacha eile atá á n-oibriú sa Gheilleagar Oíche. Osclóidh an tairseach iarratas don Scéim ag a 4in inniu. Tá níos mó sonraí faoin scéim seo ar fáil anseo.
Fosta, dúirt an tAire Martin:
“Chomh maith leis sin tá mé ag seoladh Scéime Deontais Laghdaithe Torainn nua inniu a thacóidh lenár n-earnáil oíche chun bearta laghdaithe torainn a chur i bhfeidhm ina n-ionaid, agus a chuideoidh le feabhas a chur ar chaidrimh le cónaitheoirí agus gnólachtaí áitiúla. Má tá muid chun forbairt a dhéanamh ar ár gcathracha agus ár mbailte mar áiteanna bríomhara le cónaí, buaileadh le cairde agus obair iontu, caithfidh muid an Geilleagar Oíche a bhainistiú ar bhealach cothrom ionas gur féidir linn tacú leis an mhuintir atá cónaí orthu inár mbailte agus cathracha gnóthacha, agus muid ag tacú le fás agus forbairt ár nEarnála Geilleagair Oíche ag an am céanna. Fosta ba mhaith liom a aithint go bhfuil tréimhse dheacair fulaingthe ag ionaid dhéanacha ón phaindéim ar aghaidh agus tá fhios agam go bhfuil níos mó brú curtha ag an ghéarchéim chostas maireachtála ar ár nEarnáil Gheilleagair Oíche. Leanfaidh mé ar aghaidh de bheith ag obair leis an tionscal agus muid ag déanamh ár mbealach tríd an tréimhse dhúshlánach seo.”
Thug an Roinn sonraí ar thacaíocht do chlár imeachtaí cultúrtha fá choinne “Oícheanta Samhraidh ar Shráid an Mhúraigh” arna thacú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tríd an Oifig um Théarnamh Cathrach. Beidh na himeachtaí, a thosaigh an tseachtain seo caite, ag tarlú ó seo amach go dtí an 6ú Lúnasa le stainníní bia de gach sórt ó gach cearn den domhan chomh maith le clár iomlán ealaíne sráide, ceoil bheo, scéalaíochta, draíochta, agus taispeántais sorcais. Tá an tionscnamh seo mar pháirt de chomhpháirtíocht straitéiseach níos leithne le Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath chun sraith mhargadh oíche a chur ar fáil i gCathair Bhaile Átha Cliath, a leathnófar amach i mbailte timpeall na tíre sa todhchaí fosta, chun tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí deiseanna dul amach a chur ar fáil atá ionchuimsitheach agus spreagúil agus nach bhfuil bunaithe ar alcóil a dhíol.
Lean an tAire Martin ar aghaidh:
“Déanfaidh na hOícheanta Samhraidh ar Shráid an Mhúraigh a thosaigh Déardaoin seo caite ceiliúradh ar stair mhargaidh shaibhir Bhaile Átha Cliath le meascán d’imeachtaí cultúrtha, ceol beo, ealaín bheo, ceardaíocht agus bia. Tá an-áthas orm a bheith ag dul i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Temple Bar Company ar an tionscnamh nua seo ar Shráid an Mhúraigh atá ról cultúrtha agus tráchtála ríthábhachtach aige i bpobal cruthaitheach Bhaile Átha Cliath. Tacóidh an scéim phíolótach seo le foghlaim le haghaidh leathnú níos faide ar Mhargaidh Oíche i gCathair Bhaile Átha Cliath agus ar fud na tíre sa todhchaí.
"Is céim iontach eile iad na tionscnaimh atá seolta agam inniu agus muid ag cur aidhmeanna an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche chun cinn lenár rogha cultúrtha oíche a éagsúlú."
Nóta d’Eagarthóirí
1. Clár Píolótach Cultúir Oíche
Tá an Clár Píolótach seo á leathadh amach ag an Chomhairle Ealaíon agus á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Glacfar le hiarratais ó ionaid ealaíon atá ag fáil Maoinithe d’Ionaid Ealaíon nó Maoinithe Deontais do na hEalaíona (ionaid ealaíon) ón Chomhairle Ealaíon. Spreagfar na hionaid ealaíon chun cláir dhéanach nua a chruthú trí chomhpháirtíochtaí nuálacha nua idir údaráis áitiúla, féilte, léiritheoirí, ionaid thráchtála agus neamhthrachtála eile agus ealaíontóirí - go háirithe iad siúd a oibríonn níos déanaí san oíche. Roghnófar 12 tionscnamh píolótacha le haghaidh rannpháirtíochta sa chlár. Beidh an Chomhairle Ealaíon i gceannas ar phróiseas roghnúcháin na 12 tionscnamh píolótach, agus déanfar measúnú mionchúiseach ar gach iarratas. Chomh maith leis sin roghnófar na píolótaí de réir a suímh gheografaigh chun cinntiú go ndáilfear na tionscnaimh ar fud na tíre.
Tá sé mar aidhm ag an Chlár Phíolótach Chultúir Oíche an méid a chuirtear ar fáil le haghaidh gníomhaíochta déanaí a leathnú agus a éagsúlú agus deiseanna a chur ar fáil d’obair nua iontach, agus lucht féachana nua a spreagadh le dul isteach in áiseanna cultúrtha atá ann cheana. Fosta beidh sé mar aidhm aige aon dúshláin d’ionaid maidir le fanacht ar oscailt go déanach a aimsiú agus aghaidh a thabhairt orthu. Beidh ar gach píolóta taighde agus meastóireacht a dhéanamh chun na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le fanacht ar oscailt go déanach a aimsiú.
Tá sé mar aidhm ag an Chlár Phíolótach Cultúir Oíche:
• tacú le cineálacha cur chuige nuálacha sa bhreis ar ghníomhaíochtaí ealaíon oíche;
• comhpháirtíochtaí nua a spreagadh idir údaráis áitiúla, ionaid ealaíon, féilte, léiritheoirí, ionaid thráchtála agus neamhthráchtála eile agus ealaíontóirí - go háirithe iad siúd a bhíonn ag obair go mall san hoíche;
• rannpháirtíocht an luchta féachana a fheabhsú, a éagsúlú agus a leathnú;
• féachaint chun dúshláin a aithint agus a shárú d’ionaid agus spásanna cultúrtha a bhaineann lena bheith oscailte go déanach;
• cur chuige atá bunaithe ar shuíomhanna a mholadh a chuirfidh leis an earnáil ealaíon reatha i ngach baile nó cathair; agus
• Tacú le haon idirghabhálacha Geilleagair Oíche sa bhreis a bhféadfadh a bheith i bhfeidhm (.i. comhairleoirí Geilleagair Oíche píolótacha)
Samplaí de mhúnlaí féideartha:
• Sraith imeachtaí ealaíon leictreonach in ionaid dhifriúla i gcomhar leis an chomhairleoir Gheilleagair Oíche agus poiblitheoirí áitiúla.
• Ionad ealaíon ag bunú sraithe imeachtaí i gcomhar le poiblitheoir áitiúil ina bhfuil imeacht atá ar siúl níos luaithe san oíche san ionad ealaíon ceangailte le himeacht atá ar siúl níos déanaí in ionad eile. Tá an scéim phíolótach ar siúl ar feadh méid seachtaine áirithe;
• Gailearaí ag cur sraithe imeachtaí amharc-ealaíon/ceoil chun cinn ó 23:00 ar aghaidh;
• Ionad ealaíon ag cur tacaíochta riaracháin agus forchostais ar fáil do phoiblitheoir áitiúil atá ag cur imeachtaí ceoil oíche ar siúl in ionaid neamhfhoirmiúla;
Cé ar féidir leo iarratas a dhéanamh?
Caithfear an príomh-chomhpháirtí a bheith ina fhaighteoir reatha de Mhaoiniú d’Ionaid Ealaíon nó Maoiniú Deontais do na hEalaíona (ionaid ealaíon) ón Chomhairle Ealaíon. Is féidir le comhpháirtithe a bheith mar phoiblitheoirí áitiúla, comhairleoirí oíche ón údarás áitiúil, ionaid ealaíon eile, ionaid thráchtála agus neamhthráchtála eile, féilte, léiritheoirí agus ealaíontóirí.
Maoiniú?
Beidh suas le €60k ar fáil don príomhionad ealaíon le haghaidh clár.
Tá níos mó sonraí faoin Chlár Phíolótach Cultúir Oíche arna thacú ag an Chomhairle Ealaíon ar fáil anseo [external-link https://www.artscouncil.ie/Funds/Late-Night-Events-(Pilot-Programme)/ | Imeachtaí Oíche (Clár Píolótach) | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon Tá an Scéim ar oscailt anois agus is é an spriocam le haghaidh iarratas ná 24ú Lúnasa 2023. ]
2. Scéim Deontais Laghdaithe Torainn
Tacaíonn an Scéim Deontais Laghdaithe Torainn (SDLT) le moladh de chuid Thuairisc an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, https://assets.gov.ie/198233/43608ada-27d4-4bb4-ad16-f1ea0f3ec1d0.pdf
Cuirfidh an maoiniú tacaíocht ar fáil d’úinéirí ionaid chun céimeanna réamhghníomhacha a ghlacadh chun bearta laghdaithe torainn a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí torainn a rialú agus a laghdú. Tá an scéim dírithe ar ionaid oíche, cosúil le clubanna oíche, tithe tabhairne déanacha agus ionaid oíche atá bearta laghdaithe torainn de dhíth orthu. Áirítear leis seo fuaimdhíonadh chun léibhéil fhuaime atá ag teacht ó siamsaíocht oíche san áitreabh a laghdú, cosúil le (ach gan a bheith teoranta dóibh) ceol de gach sheánra, damhsa, agus léirithe beo in ionaid atá ar oscailt go déanach. Is féidir le clubanna oíche, tithe tabhairne déanacha, ionaid léirithe beo oíche agus gnólachtaí oíche oiriúnacha eile iarratas a chur isteach.
Oibreoidh an scéim seo le ciste teoranta de €2 mhilliún agus maoineoidh sé 70% de chostas na n-oibreacha caipitiúla a dhéantar. Ní mór d’iarrthóirí an 30% eile de chostas na n-oibreacha a mhaoiniú. Maoineofar uasdeontas incheadaithe de €70,000. Beidh ar an deontaí costais ar bith a théann níos airde ná an uasmhéid seo a chlúdach.
Tá na hoibreacha a leanas incháilithe do mhaoiniú, ach gan a bheith teoranta dóibh:
Forbraíodh an Scéim Deontais Laghdaithe Torainn i gcomhar le hionadaithe ón earnáil Gheilleagair Oíche, baill Ghrúpa Forfheidhmithe an Tascfhórsa, Cumann Chomhairleoirí Fuaime na hÉireann, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Tá na treoirlínte ar fáil anseo. Osclóidh an Scéim le haghaidh iarratas ag a 4in ar an 18 Iúil 2023. Fanfaidh sé ar oscailt go dtí go gcaitear an ciste.
3. Beidh Oícheanta Samhraidh ar Shráid an Mhúraigh ag tarlú gach Déardaoin ón 13ú Iúil go dtí an 6ú Lúnasa ó a 3 go dtí a 9in!
Athróidh Margadh Shráid an Mhúraigh, arna thacú ag CCBÁC agus ar siúl gach Déardaoin, isteach ina fhéile taobh amuigh bia agus cultúir sa tráthnóna agus oíche i mí Iúil agus mí Lúnasa na bliana seo. I rith Oícheanta Samhraidh ar Shráid an Mhúraigh beidh raon stainníní bia de gach cinéal ó thimpeall an domhain chomh maith le clár iomlán ealaíne sráide, ceoil bheo, scéalaíochta, draíochta agus taispeántas sorcais.
I margadh seachtainiúil Shráid an Mhúraigh beidh raon iontach stallaí bia agus beidh láthair itheacháin bia sráide taobh amuigh ina gcuirfear siamsaíocht ar fáil do dhaoine agus iad ag baint triail as an réimse bia a bheidh ar fáil.
Beidh ceol beo ann ó PrYmary Colours, ceardlanna damhsa le Allessandra Zevedo, ealaín sráide le healaíontóirí ar nós Novice, Gareth Joyce, ESTR, scéalaíocht dhraíochtach le Hog & Dice agus Senem Donatan Mohan chomh maith le tatuáil bheo, hine agus fáistineacht.
Margadh Shráid an Mhúraigh arna thacú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tríd an Oifig um Téarnamh Cathrach. Tá Clár cultúrtha Oícheanta Samhraidh @ Sráid an Mhúraigh, ag tacú leis an Gheilleagar Oíche, maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Is féidir le trádálaithe páirt a ghlacadh sa mhargadh is nuaí agus is sine i mBaile Átha Cliath anseo. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig www.moorestreetmarkets.com