Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh Staidéir um Bainistiú Priacal Tuiliú agus Creimiú Chósta ag Aird Mhór
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil iarratas ó Chomhairle Contae Phort Láirge faofa faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim seo, tá maoiniú €61,815 faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí le haghaidh Staidéir um Bainistiú Priacal Tuiliú agus Creimiú Chósta ag Cuan Airde Móire.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar Aird Mhór i mí na Bealtaine agus an creimeadh chósta ansin a fheiceáil. Mar sin, tá an-áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil maoiniú faofa chun Staidéir um Bainistiú Priacal Tuiliú agus Creimiú Chósta a chur i gcrích. Tá Aird Mhór i gClár Monatóireachta Cósta OPW agus roinnfear aon sonraí suirbhé a bhaineann le Trá Airde Móire le Comhairle Contae Phort Láirge mar chuidiú agus bonn eolais leis an staidéar seo.”
CRÍOCH
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland