Fógraíonn an tAire O'Donovan ‘Glasú’ Láithreacha Oidhreachta i gContae Luimnigh le haghaidh na Féile Pádraig 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, sonraí maidir le Glasú Láithreacha Oidhreachta i gContae Luimnigh le haghaidh na Féile Pádraig 2021.
I mbliana tá trí príomhláthair oidhreachta i gCo. Luimnigh ar an liosta láithreacha atá le Glasú le haghaidh na Féile Pádraig. Soilseofar Mainistir Eas Géitine, Caisleán Deasumhan Áth Dara agus Caisleán Deasumhan an Chaisleáin Nua le linn na Féile, ó 12 – 17 Márta 2021, trí úsáid a bhaint as scagairí glasa, lampaí speisialta agus córais rialaithe soilsithe atá ar fáil cheana. Féachfaidh OPW ar chur le liosta na láithreacha atá le Glasú ins na blianta atá romhainn.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm go bhfuil na láithreacha seo curtha leis na láithreacha eile atá le soilsiú mar chuid de cheiliúradh na Féile Pádraig. Molaim do chách páirt a ghlacadh in imeachtaí na Féile Pádraig agus comóradh a dhéanamh mar náisiún ar na láithreacha Oidhreachta de cháil domhanda agus foirgnimh Stáit atá againn”.
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland