Fógraíonn an tAire Stáit Heydon €2.2 milliún le haghaidh taighde nua comhshaoil agus adhmaid
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air maidir le taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon TD, dámhachtainí dar luach nach mór €2.2 milliún inniu i dtreo taighdeoirí Éireannacha atá páirteach i dtionscnaimh Taighde Eorpacha.
Tá beagán níos mó ná €1.45 milliún de mhaoiniú á bhronnadh ar thaighdeoirí Éireannacha i gcúig thionscadal faoin ERAHUB Glas Eorpach a thacaíonn le taighde i dtaca le córais talmhaíochta agus bhia inbhuanaithe. Tá dhá cheann de na tionscadail sin, SustainSheep agus NutriStorm, faoi threoir taighdeoirí Éireannacha, ó Theagasc agus Ollscoil Luimnigh, faoi seach. Déanfaidh SustainSheep iniúchadh ar fhorbairt spriocanna nua pórúcháin do chaoirigh chun astaíochtaí meatáin a laghdú. Déanfaidh NutriStorm iniúchadh ar bhealaí chun éifeachtúlacht leasacháin a fheabhsú trí chaillteanas cothaithigh san ithir ó láisteadh, rith chun srutha agus astaíochtaí a íoslaghdú.
Ar na tionscadail eile a bhfuil Éireannaigh ag comhoibriú leo tá LIFE ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Fertigo ó Theagasc, tionscadail a dhéanfaidh iniúchadh ar bhealaí chun úsáid leasúcháin a laghdú trí réitigh nua cothaitheach ó dhramhaíl talmhaíochta a úsáid, agus trí úsáid a bhaint as speicis nua de bharr cumhdaigh ar bhealach nuálach d’fhonn nítrigin in ithreacha a chobhsú, úsáid fosfair a fheabhsú, agus cothaithigh ithreach a chaomhnú. Sa tionscadal deireanach, DARE2CYCLE, déanfaidh taighdeoirí ó Ollscoil na Gaillimhe iniúchadh ar phróisis nuálacha maidir le dramhaíl agus fuíll déiríochta a uaschúrsáil go próitéin mhiocróbach luachmhar, rud a chuirfidh le neamhthuilleamaíocht san Eoraip i dtaca le próitéin.
Díríonn an tionscnamh taighde ‘ForestValue2’ ar thaighde maidir le córais tógála foraoise agus adhmaid atá seasmhach inbhuanaithe. Faoin tionscnamh taighde seo, tá €740,000 á bhronnadh ar Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath don tionscadal CRESTIMB. Déanfaidh siad comhoibriú le heolaithe ó fud fad na hEorpa chun córais nuálacha adhmaid a fhorbairt le haghaidh foirgneamh ilstórach.
Dúirt an tAire Heydon agus na dámhachtainí á bhfógairt aige:
"Leis an maoiniú atá á fhógairt agam inniu beidh taighdeoirí Éireannacha ag obair ar shé thionscadal lena chomrádaithe san Eoraip a rachaidh chun tairbhe earnáil na talmhaíochta agus foraoiseachta i gcoitinne. Is cúis mhór spreagtha é go bhfuil dhá cheann de na tionscadail chomhoibríocha Eorpacha seo faoi threoir taighdeoirí na hÉireann, go háirithe i réimsí a dhéanfaidh tairbhe dár ngealltanais maidir le cúrsaí aeráide agus a chuirfidh le hinbhuanaitheacht agus seasmhacht ár gcóras talmhaíochta agus foraoise”.
Dúirt an tAire freisin:
“Léiríonn na tionscadail seo ár dtiomantas do thaighde nuálach chun réitigh a chur ar fáil chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar úsáid leasúchán, agus i dtaca le foinsí nua próitéine, agus úsáid nuálach ar adhmad i dtógáil foirgneamh ar scála mór. Tá muinín agam gur féidir leis na tionscadail seo le chéile réitigh a chur ar fáil dár ndúshláin chomónta agus tionchar níos mó a bhaint amach dár n-earnálacha agraibhia agus foraoiseachta.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá tacaíocht airgeadais na hÉireann don Ghlao Comhpháirtíochta “ERAHUB Glas” agus “ForestValue2” á cur ar fáil trí Chlár Taighde RTBM . An maoiniú atá á chur ar fáil ag an Roinn ar dhámhachtainí don dá Ghlao ar rannpháirtíocht na hÉireann, is ionann é agus luach €2,195,678 san iomlán.
ERAHUB Glas
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh ERAHUB Glas (GEH) faisnéis, cumarsáid, comhoibriú, líonrú a chur ar fáil, mar aon le cómhaoiniú trasnáisiúnta san earnáil agraibhia agus biteicneolaíochta le haghaidh maoinitheoirí agus taighdeoirí náisiúnta. Bhí an chéad Ghlao ar chórais inbhuanaithe sheasmhacha agraibhia faoi GEH dírithe ar cheithre thopaic:
- Éifeachtúlacht leasachán a fheabhsú agus úsáid leasachán a laghdú
- Cur le neamhthuilleamaíoch san Eoraip i dtaca le próitéin
- Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i gcórais talmhaíochta agus bia
- Úsáid agus táirgeadh inbhuanaithe fuinnimh i gcórais agraibhia
I ndiaidh an phróisis mheastóireachta, moladh cúig thionscadal le haghaidh maoinithe agus Éire páirteach iontu.
- DARE2CYCLE: Dramhaíl agus fuíll déiríochta a uaschúrsáil ar go próitéin mhiocróbach An Dr. Piet Lens, Ollscoil na Gaillimhe. €299,993
- Fertigo: Straitéisí leasúcháin a fheabhsú trí shlánlus (Plantago lanceolata) a úsáid i gcórais talmhaíochta ar Bhealach Nuálach An Dr. Bridget Lynch, Teagasc. €299,730
- NutriSTORM: Claochlú Stócaiméadracht Ithreach Cothaithí le haghaidh Bainistíochta Barrfheabhsaithe Acmhainní, an Dr. Achim Schmalenberger, Ollscoil Luimnigh. €298,038
- LIFE: Córais Agraibhia atá Aeráid-díonach, Tíosach ar Uisce, agus Féinchothabhálach. An Dr. Eoin Syron, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, €297,623
- SustainSheep: Laghdú na n-astaíochtaí meatáin ó Chaoirigh: inbhuanaitheacht i gcleachtas trí spriocanna pórúcháin. An Dr. Fiona McGovern, Teagasc. €260,291
ForestValue2
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh ForestValue2 tacú le agus cur le comhordú agus ailíniú maidir le cláir mhaoinithe náisiúnta agus réigiúnacha ar thaighde agus nuálaíocht a bhaineann leis an mbithgheilleagar foraois-bhunaithe. Dhírigh an Glao trasnáisiúnta ar thograí ar dhá réimse théamacha uileghabhálachq:
- Córais foraoise agus bainistiú foraoise atá seasmhach inbhuanaithe
- Córais tógála adhmaid inbhuanaithe
I ndiaidh an phróisis mheastóireachta, moladh tionscadal amháin lena mhaoiniú:
- CRESTIMB: Ré feidhme mhéadaithe le haghaidh Córas Tógála adhmaid An Dr. Patrick McGetrick, Ollscoil na Gaillimhe. €740,000