Tugann saineolaí fuinnimh comhairle maidir le conas costais fuinnimh tí a bhainistiú agus fanacht te agus folláin an Nollaig seo
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar chuid den fheachtas 'Úsáid Níos Lú / Fan Te agus Folláin' ón rialtas, chuir an tOllamh Aoife Foley agus a foireann saineolaithe córas fuinnimh ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, léaráid sho-úsáidte le chéile chun cabhrú le buiséadú le haghaidh úsáid fuinnimh le linn thréimhse na Nollag. Tá sé mar aidhm leis an áis amhairc sin cabhrú le daoine cinntí eolacha a dhéanamh faoi conas a n-úsáid fuinnimh féin a bhainistiú go sábháilte le linn aimsir na Nollag agus taitneamh a bhaint as an am a chaithfidh siad lena dteaghlach agus lena gcairde ag an am céanna.
Dúirt an tOllamh Foley:
"Agus tuilleadh ama á chaitheamh againn sa bhaile, is féidir le costais fuinnimh méadú go tapa le linn aimsir na Nollag. Cé go bhfuilimid ag iarraidh go mbainfeadh daoine taitneamh as an Nollaig, ba mhaith linn roinnt eolais agus comhairle a thabhairt dóibh faoina n-úsáid agus faoina gcostais. Is é sin an fáth ar chuireamar an treoir sho-úsáidte amhairc seo le chéile. Trí aird a tharraingt ar an gcostas fuinnimh a bhaineann le fearais áirithe, agus trí chomhairle a thabhairt faoi conas úsáid fuinnimh a laghdú, beidh daoine in ann cinntí eolacha a dhéanamh ar conas is féidir leo a n-úsáid a laghdú nuair is féidir, agus nuair is sábháilte, déanamh amhlaidh agus tuilleadh airgid a choinneáil ina bpóca ag an am céanna. Ní mór do gach duine tús áite a thabhairt d’fhanacht te agus folláin le linn aimsir na Nollag."
Ag labhairt di faoi chostais eile i dteannta dhinnéar na Nollag, dúirt an tOllamh Foley:
"D’fhéadfadh billí fuinnimh do theaghlaigh dul thar €200 le linn aimsir na Nollag. Áirítear leo sin na costais a bhaineann le gnáthghníomhaíochtaí tí amhail cith leictreach a thógáil, miasniteoir, meaisín níocháin agus triomadóir a úsáid, citeal a fhiuchadh agus dinnéar a chócaráil. Is é an costas laethúil is mó, áfach, ná téamh lárnach a choinneáil ar siúl ar feadh 5 huaire an chloig. Cosnaíonn sé sin thart ar €11.40 in aghaidh an lae. Is féidir leat coigiltí a dhéanamh láithreach trí do theirmeastat téimh a shocrú ag thart ar 19 °C, trí do choire a sheirbhísiú, trína sheiceáil nach bhfuil aon aer ceaptha i do radaitheoirí, agus tríd an socrú ceart ama agus méid a úsáid chun an t-uisce a theastaíonn uait a théamh."
Tagann an chomhairle sin sna sála ar an leabhrán ‘Úsáid Níos Lú/Fan Te agus Folláin’ a seachadadh chuig teaghlaigh ar fud na tíre mar chuid den fheachtas náisiúnta a seoladh níos luaithe i mbliana. Tugtar inti comhairle phraiticiúil bhreise maidir le conas úsáid fuinnimh a laghdú do chórais téimh lárnaigh agus d’fhearais leictreacha mhóra. Tugtar inti freisin treoir do dhaoine maidir leis an gcomhairle agus na tacaíochtaí atá ar fáil láithreach ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), ón tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) agus ó ALONE chun cabhrú le costais fuinnimh a bhainistiú.
Tá an feachtas 'Úsáid Níos Lú/Fan Te agus Folláin' faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag gníomhú di i gcomhar le príomh-chomhpháirtithe amhail SEAI, an CRF, ALONE, MABS agus an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá sé mar chuid de fhreagairt an rialtais don dúshlán gan fasach atá roimh theaghlaigh agus gnólachtaí de dheasca costais fuinnimh mhéadaitheacha.
Chun tuilleadh comhairle a fháil faoi conas d’úsáid fuinnimh a laghdú agus chun faisnéis a fháil faoi na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá ar fáil chun déileáil leis an méadú i gcostais fuinnimh, caith súil ar leathanach feachtais 'Úsáid Níos Lú'.
CRÍOCH
Tá léaráid speisialta dar teideal ‘Buiséadú do d’úsáid fuinnimh le linn aimsir na Nollag’ ar fáil ar suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Chun agallaimh meán a shocrú leis an Ollamh Aoife Foley, Scoil na hInnealtóireachta Meicniúla agus Aeraspáis, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, nó le hionadaithe ó na príomh-chomhpháirtithe, lena n-áirítear SEAI, an CRF, ALONE agus/nó MABS, déan teagmháil le: Danny Hanley trí ríomhphost a sheoladh chuig dhanley@kano.ie nó trí ghlao teileafóin a chur ar 086-1759286.
Is féidir leat féinaisnéis Aoife Foley a léamh ag: suíomh gréasáin Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Tá an feachtas ‘Úsáid Níos Lú/Fan Te agus Folláin’ faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag gníomhú di i gcomhar le príomh-chomhpháirtithe amhail Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), ALONE, MABS agus an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá sé mar chuid de fhreagairt an rialtais don dúshlán gan fasach atá roimh theaghlaigh agus gnólachtaí de dheasca costais fuinnimh mhéadaitheacha.
Trí Bhuiséad 2023, thug an Rialtas raon tacaíochtaí isteach chun an tionchar airgeadais ar theaghlaigh agus gnólachtaí a laghdú. Áirítear leis na tacaíochtaí atá ar fáil creidmheas leictreachais €600 atá ar fáil do gach teaghlach in Éirinn. Téigh chuig gov.ie/UsaidNiosLu chun teacht ar fhaisnéis faoi na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil agus ar chomhairle do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí maidir le conas billí fuinnimh a bhainistiú/a laghdú.
Tá SEAI, údarás fuinnimh inmharthana na hÉireann, ar cheann amháin de phríomh-chomhpháirtithe an fheachtais. Oibríonn sé i gcomhar le sealbhóirí tí, le gnólachtaí, le pobail agus leis an Rialtas.
Dúirt Susan Andrews, Bainisteoir Cumarsáide, SEAI:
"Bímid ag obair le teaghlaigh fud fad na tíre chun cabhrú le gach duine a n-úsáid fuinnimh a laghdú san am i láthair agus san am atá romhainn. Is é atá i gceist leis sin ar dtús ná comhairle a thabhairt do shealbhóirí tí agus do ghnólachtaí maidir le conas is féidir leo a mbillí fuinnimh a laghdú trína nósanna a athrú, trí chloí le cleachtas níos fearr agus trí threoir a leanúint maidir le téamh agus leictreachas. Tá lúcháir orainn freisin a fheiceáil go bhfuil spéis ollmhór ann sna deontais rialtaschistithe atá ar fáil uainn le haghaidh uasghráduithe fuinnimh tí, lena gcabhraítear le húinéirí tí feabhas a chur ar chompord a dtí agus laghdú a dhéanamh ar a mbillí fuinnimh agus ar astaíochtaí dochracha CO2 ag an am céanna. Soláthraítear leis na scéimeanna sin roghanna agus réitigh atá oiriúnach do gach buiséad agus do gach leibhéal uaillmhéine."
Bíonn MABS, an tSeirbhís Státchistithe Buiséadaithe agus Comhairle Airgid, ag obair i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar an bhfeachtas ‘Úsáid Níos Lú/Fan Te agus Folláin’, agus iarrann sé ar dhaoine a bhfuil imní orthu faoina mbillí fuinnimh nó atá i riaráiste dul i dteagmháil lena líonra, a chuimsíonn breis agus 60 oifig ar fud na tíre. Tá an tacaíocht uaidh neamhspleách, rúnda agus saor in aisce.
Dúirt Karl Cronin, Urlabhraí Náisiúnta, MABS:
"Tá lúcháir ar MABS obair i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar an bhfeachtas seo. Bíonn an Nollaig ina ham an-strusmhar do theaghlaigh, agus rinne líon méadaithe daoine teagmháil lenár n-oifigí i ndáil le billí fuinnimh i mbliana.
"Tá roinnt tacaíochtaí ar fáil do theaghlaigh atá ag streachailt le gach costas a íoc agus tá comhairle agus faisnéis faoi na nithe sin ar fáil ó Líne Chabhrach MABS agus ónár líonra oifigí. Níor cheart aon duine a bheith gan solas ná teas an geimhreadh seo – tá MABS ar fáil chun cabhair a thabhairt."
Oibríonn ALONE thar ceann gach duine scothaosta agus féachann sé le folláine fhisiciúil, mhothúchánach agus mheabhrach a fheabhsú. Aon duine scothaosta a bhfuil imní air/uirthi faoi chostais fuinnimh, airgeadas, sláinte, tithíocht nó folláine an geimhreadh seo, moltar dó/di teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht.
Ag labhairt dó faoi na deacrachtaí a bhíonn roimh dhaoine scothaosta le linn aimsir na Nollag, dúirt Seán Moynihan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ALONE:
"Tá méadú tagtha ar an líon glaonna a fhaighimid ó dhaoine scothaosta atá ag streachailt lena gcostais fuinnimh a íoc, go háirithe iad sin atá spleách ar bhreoslaí soladacha nó breoslaí iontaise. Bíonn an Nollaig ina ham deacair do dhaoine scothaosta, a mbraithfidh roinnt díobh scoite ón taobh mothúchánach de agus ó thaobh airgeadais de araon ag an am seo. Ba mhaith linn a chur in iúl go han-soiléir nár cheart do dhaoine scothaosta srian a chur lena n-úsáid fuinnimh ar bhealaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a sláinte thar na laethanta agus na seachtainí atá romhainn. Tá baill foirne agus oibrithe deonacha ALONE i bhfeidhm ar fud na tíre agus beidh ár Líne Náisiúnta Tacaíochta agus Atreoraithe ar oscailt go fóill ó 8am go 8pm ar fud thréimhse na Nollag, lena n-áirítear Lá Nollag, Lá Fhéile Stiofáin agus Lá na Bliana Nua, má bhíonn tú thíos le costais fuinnimh, le scoiteacht nó le haon deacrachtaí eile an geimhreadh seo."