D'fhógair an tAire Hackett Comhairliúchán Poiblí do Straitéis nua Orgánaice 2025 go 2030
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Pippa Hackett, inniu go bhfuil tús á chur le próiseas comhairliúcháin phoiblí faoin bplean straitéiseach nua d'fhorbairt na hEarnála Orgánaice. Beidh an próiseas comhairliúcháin ar oscailt ar feadh tréimhse seacht seachtaine ón Luan 10ú Iúil 2023 go hAoine, 18 Lúnasa 2023.
Agus í ag tagairt don chomhairliúchán atá beartaithe, dúirt an tAire:
“Is deis í seo do gach páirtí leasmhar agus don phobal le cur le forbairt plean straitéiseach nua d'fhorbairt na hEarnála Orgánaice. Tá an Rialtas dírithe ar shaothrú 10% orgánaice den talamh ar fad a shaothraítear a bhaint amach faoin mbliain 2030. Cuimseofar sa straitéis moltaí earnála agus trasearnála, forbairtí margaidh, oiliúint agus oideachas, feasacht phoiblí agus beartas níos leithne an AE. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar tuairimí ó pháirtithe leasmhara a chur san áireamh le linn fhorbairt na straitéise seo a bhfuil sé mar aidhm aici tógáil a dhéanamh ar an leathnú a rinneadh le déanaí ar an earnáil agus treoir shoiléir a thabhairt d'fhás breise na hEarnála Orgánaice i dtreo 2030.”
Tá sé de chúram ar Ghrúpa Straitéise na hEarnála Orgánaice, a d'athbhunaigh an tAire Hackett in 2022 agus a bhfuil Padraig Brennan ina chathaoirleach air, an straitéis seo a fhorbairt ar mhaithe le forbairt na hEarnála Orgánaice don tréimhse suas go dtí 2030.
Táthar ag súil go gcuirfear straitéis na hEarnála Orgánaice faoi bhráid an Aire sa chéad ráithe de 2024.
Dúirt Padraig Brennan, Cathaoirleach an Fhóraim um Straitéis Orgánaice:
“Agus an Fóram um Straitéis Orgánaice ag tabhairt faoi phlean straitéiseach nua a fhorbairt don earnáil orgánaice, beidh sé tábhachtach tuiscint iomlán a fháil ar thuairimí agus ar iarratais na bpáirtithe leasmhara go léir. Tugann an comhairliúchán poiblí deis chun na tuairimí sin a chur in iúl, rud a chabhróidh leis an Aire agus lena Roinn an plean straitéiseach a threorú le go dtacódh sé leis an bhfás a bhfuiltear ag súil leis i soláthairtí bia orgánaice na hÉireann uaidh seo go 2030.”
Ba chóir aighneachtaí i scríbhinn a sheoladh ar ríomhphost chuig organicstrategy@agriculture.gov.ie nó tríd an bpost chuig an Aonad Orgánaice, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Is é an 18 Lúnasa 2023 an spriocdháta a nglacfar le haighneachtaí.
Foilseofar fógra comhairliúcháin ar shuíomh gréasáin na Roinne Dé Luain 10 Iúil 2023 ag an seoladh seo a leanas: https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/organicfarming
CRÍOCH