Fáiltíonn an tAire Feighan roimh fhoilsiú na chéad Tuarascála ar Chreat Torthaí Éire Shláintiúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan, T.D., roimh fhoilsiú na chéad Tuarascála ar Chreat Torthaí Éire Shláintiúil.
Tá mar chuspóir ag an gCreat Torthaí, a foilsíodh go déanach in 2018, monatóireacht a dhéanamh ar bhaint amach spriocanna agus táscairí feidhmíochta Éire Shláintiúil agus iad a chur chun cinn. Cuirtear cur chuige struchtúrach ar fáil ann chun sonraí ábhartha a thuairisciú ar féidir iad a úsáid le feasacht a fhorbairt ar chinntithigh shóisialta na sláinte, chun tacú le tionchar beartas ar na torthaí lenar comhaontaíodh, agus chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht Chreat Éire Shláintiúil agus beartais eile idirnasctha Rialtais a ghlacann páirt chun tacú le sláinte agus folláine.
Tugadh feabhsúcháin faoi deara i dtaobh roinnt tosca riosca stíl mhaireachtála. Bhain rátaí caithimh tobac athrú dearfach amach ó 2015 (chaith 23% de dhaoine tobac in 2015, 17% in 2019, agus 18% in 2021). Tá meath tagtha ar leibhéil rómheáchain agus mhurtaill (39% in 2017 anuas go 37% in 2019), agus tá laghdú tagtha freisin ar channabas a úsáid (an druga neamhdhleathach is mó a úsáidtear in Éirinn). Tá méadú tagtha ar an gcéatadán daoine fásta a chloíonn leis na Treoirlínte Náisiúnta Gníomhaíochta Coirp i measc daoine fásta aníos ó 44% in 2015 go 46% in 2019.
Tugtar chun solais i dtorthaí na tuarascála chomh maith ionchas saoil atá ag dul i méid (84.7 bliain faoi láthair i measc ban agus 80.8 bliain i measc fear), ar méadú beagnach 3 bliana ar bhlianta sláintiúla den saol é seo, treochtaí atá ag ísliú i dtaobh rátaí forleithne agus básmhaireachta i dtaobh go leor ailsí agus ardleibhéil rannpháirtíochta i scagthástáil agus in imdhíonadh (cé gur tugadh meath beag faoi deara i rannpháirtíocht i gcomparáid leis na bonnlínte).
I measc na dtorthaí dearfacha eile, tá rátaí arda agus cobhsaí coinneála in oideachas, tar éis gur chríochnaigh 91.2% de scoláirí an Ardteistiméireacht in 2018-19 agus go bhfuil Ardteistiméireacht nó cáilíocht níos airde ag 82% den daonra in 2021. Tá méadú tagtha ar éifeachtúlacht fuinnimh áiteanna cónaithe (rátáil fuinnimh foirgnimh (BER); agus tháinig méadú ar na háiteanna cónaithe a bhain rátálacha BER A nó B amach idir 2018 agus 2021). Tá dífhostaíocht laghdaithe, agus tá laghdú tagtha ar an gcomhréir dhaoine a chónaíonn i dteaghlaigh gan phoist
Ag labhairt dó faoi thorthaí na tuarascála, dúirt an tAire Feighan:
“Tá gliondar croí orm fáilte a chur roimh an chéad Tuarascáil ar an gCreat Torthaí, ar garsprioc mhór í i dtaobh tacú le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar Chreat agus Plean Gníomhaíochta Straitéiseach Éire Shláintiúil. Cuireann sé roghbhlúire ar fáil ar an tsláinte náisiúnta, agus léargas ginearálta soiléir ar ár ndul chun cinn i dtaobh tacú le sláinte agus folláine phoiblí ó seoladh Creat Éire Sláintiúil in 2013.”
Tugtar chun solais sa Tuarascáil chomh maith, áfach, roinnt saincheisteanna buartha, is é sin, tionchair shocheacnamaíocha agus shláinte COVID-19, na tionchair a imríonn ardchostais tithíochta, truailliú agus athrú aeráide, agus an gá atá le hairdeall leanúnach i dtaobh rioscaí a laghdú a bhaineann le stíl mhaireachtála roimh shláinte poiblí i gcomhthéacs an daonra atá ag dul in aois.
Dúirt an tAire Feighan freisin:
“Cé go dtugann na sonraí a bailíodh sa tuarascáil le fios go bhfuil dul chun cinn suntasach déantar i dtaobh tacú le sláinte agus folláine, tugtar chun solais ann freisin limistéir ina dteastaíonn díriú agus tacaíochtaí leanúnacha beartais, chun an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo a chothú agus a fheabhsú. Leanfaidh Tuarascálacha Chreat Torthaí Éire Shláintiúil de bheith sárluachmhar chun dul chun cinn agus aon saincheisteanna buartha a thabhairt chun solais.”
Gabhann go leor de na tomhais táscaire siar go dtí tráth roimh nó i rith phaindéim COVID-19; déanfar scagadh níos mionsonraithe ar na tionchair éagsúla a bhaineann leis seo faoin gcéad Tuarascáil eile i gceann dhá bhliain. Ba cheart a thabhairt faoi deara, chomh maith, nach gcuirtear san áireamh sa Tuarascáil, i bhformhór na gcásanna, an méadú a tháinig le déanaí ar chostais mhaireachtála in 2022, de bharr tréimhsiúlacht an tuairiscithe sonraí i gcás fhormhór na dtáscairí, agus beidh seo faoi chaibidil sa chéad Tuarascáil eile.
Tá mar aidhm ag Creat Torthaí Éire Shláintiúil agus ag na Tuarascálacha tacú le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar Chreat agus Plean Gníomhaíochta Straitéiseach Éire Shláintiúil, agus príomhghnéithe iad freisin d’iarrachtaí níos fairsinge an Rialtais chun monatóireacht a dhéanamh ar fholláine shóisialta agus gheilleagrach tríd an gCreat Folláine d’Éirinn, gealltanas a rinne i gClár an Rialtais (PfG) chun sraith innéacsanna a fhorbairt chun íomhá chruinn iomlánaíoch dá fheabhas atá ag éirí le hÉirinn a chruthú.
Tugtar chun solais i dtorthaí na Tuarascála a eisíodh inniu:
Bearta Coisctheacha
Básmhaireacht agus Galracht
Rioscaí Stíl Maireachtála agus Iompraíochta
Tá teacht ag céatadán ard den daonra uirbeach (94.5%) ar spás glas áineasa laistigh d’fhad siúil 10 nóiméad, ach d’fhéadfadh go mbeadh clúdach feabhsaithe sonraí ag teastáil.
• D’imir an phaindéim tionchar suntasach ar fhostaíocht; tá roinnt iarthionchar fós á n-imirt ach tá fostaíocht iomlán bainte amach ag Éirinn faoi láthair, mar sin féin. Tháinig laghdú ar an líon daoine a chónaíonn i dteaghlaigh gan phoist anuas ó 9.5% in 2020 go 7.2% in 2021.
• Tháinig laghdú ar easpa dídine i rith na paindéime mar gheall ar idirghabháil rialtais gan choinne (e.g. tugadh toirmeasc ar dhíshealbhú tionóntaí, reo cíosanna agus toilleadh méadaithe leapacha isteach). I ndiaidh gur baineadh na bearta coisctheacha sin, áfach, tá líonta daoine gan dídean ag dul i méid.
• Tháinig méadú ar an gcéatadán den daonra a bhain Ardteistiméireacht nó cáilíocht níos airde amach idir 2018 agus 2021 (ó 78% in 2018 go 82% in 2021); tá rátaí coinneála ard agus cobhsaí, tar éis gur chríochnaigh 91.2% an Ardteistiméireacht in 2018-19.
• Tá feabhas ag teacht ar rátálacha éifeachtúlachta fuinnimh, agus tháinig méadú suntasach (54.5%) ar an líon iomlán rátálacha A nó B idir 2018 agus 2021;
• Bhain cáilíocht an uisce óil méaduithe beaga amach, ach tháinig laghdú ar innéacs cháilíocht aeir an GCC anuas ó 34 go 29 idir 2018 agus 2021.
• Tháinig laghdú ar an gcéatadán daoine nach raibh in ann a n-áit chónaithe a choimeád te a dhóthain anuas ó 4.4% go 3.2% ó 2018 go 2021. Ach ní chuirtear san áireamh sna torthaí, áfach, méaduithe a tháinig le déanaí ar chostas fuinnimh in 2022.
Tá Creat bunúil Torthaí Éire Shláintiúil, agus an Tuarascáil, ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/030396-healthy-ireland-outcomes-framework/
Tá Creat Folláine an Rialtas ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/campaigns/1fb9b-a-well-being-framework-for-ireland-join-the-conversation/?referrer=http://www.gov.ie/wellbeing-framework/