Eolas cothrom le dáta bliantúil maidir le Tithíocht do Chách: Tá dul chun cinn á dhéanamh chun go sárófar sprioc 2022 do thithe cónaithe nua
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an rialtas an chéad eolas cothrom le dáta bliantúil maidir le Tithíocht do Chách inniu.
Faoin bplean, tá soláthar tithe cónaithe nua ag ardú agus 20,807 teach cónaithe nua tugtha chun críche sa chéad trí ráithe den bhliain, níos mó ná mar a bhí in 2021 ar fad (20,560) agus níos mó ná aon bhliain eile roimhe sin ó thosaigh an tsraith CSO in 2011. Tá an rialtas muiníneach go sárófar an sprioc 24,600 teach cónaithe nua Tithíocht do Chách 2022.
Tá tithe cónaithe á gcur ar fáil sna háiteanna cearta, chun teacht lenár gcuspóirí fáis dlúth, atá dírithe ar phobail atá bríomhar agus inbhuanaithe a thógáil ar fud na tíre.
D’ardaigh an líon árasán a tugadh chun críche i Ráithe 3 in 2022 os cionn 153% ón ráithe chéanna anuraidh, agus bhí beagnach leath de na tithe cónaithe nua a tugadh chun críche sa ráithe sin mar chuid d’fhorbairt iltithíochta.
In ainneoin an tionchar ón mboilsciú ar chostais agus ón gcogadh san Úcráin, tá píblíne láidir ann i gcónaí agus obair thógála tosaithe ar bheagnach 21,000 teach cónaithe nua idir mhí Eanáir agus mhí Mheán Fómhair 2022, agus ceadanna pleanála ceadaithe do 19,837 teach cónaithe le linn an chéad leath den bhliain.
Chomh maith leis an ardú ar an soláthar tithe cónaithe, thug an rialtais isteach raon bearta ceannaigh agus cíosa inacmhainne agus leagadh reachtaíocht síos d’athchóirithe san fhadtéarma ar chórais tithíochta agus pleanála.
Seo a leanas roinnt de na tionscnaimh shuntasacha a tugadh isteach ó foilsíodh an Plean:
Is eol don rialtas go bhfuil dúshláin sa mhargadh tithíochta agus táthar ag obair chun aghaidh a thabhairt orthu sin. Sa bhliain ó foilsíodh Tithíocht do Chách, bhí níos mó deacrachtaí ná mar a bhí riamh cheana mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, an ghéarchéim fuinnimh agus rátaí úis a bheith ag ardú.
Leagtar amach sa Phlean nuashonraithe mar atá an rialtas ag freagairt do na himthosca athraithe sin agus ag cinntiú go bhfanfaidh an fócas ar thithe cónaithe a sheachadadh ag scála agus ag luas chun réiteach a fháil ar an ngéarchéim.
Áirítear ann bearta nua agus nuashonraithe a mbeidh na torthaí seo a leanas orthu:
Tugann an Plean cinnteacht agus seasmhacht dár saoránaigh agus do go leor geallsealbhóirí atá rannpháirteach i seachadadh tithe cónaithe.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach Micheál Martin agus é ag trácht ar fhoilsiú an Phlean Gnímh Tithíocht do Chách, atá nuashonraithe:
“Tá plean cuimsitheach atá ag obair san áireamh in Tithíocht do Chách. Táimid ag tógáil agus ag seachadadh líon níos mó tithe cónaithe agus ag an am céanna ag déanamh athrú ó bhonn ar ár gcóras tithíochta.
”In ainneoin na ndúshlán nach raibh ann riamh roimhe mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, sáróimid an sprioc 24,600 teach cónaithe nua a sheachadadh in 2022. Tá sraith nua gníomhartha nuashonraithe leagtha amach anois againn feadh ranna agus gníomhaireachtaí éagsúla chun cur leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo.”
Deir an Tánaiste Leo Varadkar an méid seo a leanas:
“Creideann an rialtas seo in úinéireacht tí. Tá muid dírithe go hiomlán ar chur leis an soláthar tithe cónaithe nua, chomh tapa agus is féidir chun go mbeidh an deis ag an nglúin seo tithe a cheannach nó a fháil ar cíos ag praghsanna níos inacmhainne. Roimh an bpaindéim, bhíomar ag tógáil 20,000 teach cónaithe nua in aghaidh na bliana agus leanann an líon sin ag ardú. Táimid ag cuidiú leis an tionscal tógála trí nuálaíocht agus táirgiúlacht a spreagadh chun borradh a chur faoin soláthar, agus a chinntiú go bhfuil na hoibrithe atá ag teastáil san earnáil ann chun go dtógfar tithe cónaithe nua níos tapúla agus chuig an gcaighdeán is airde.”
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Ryan:
“Is iomaí sin sineirge atá idir Tithíocht do Chách agus ár gcuspóirí aeráide. Seachadfaidh Tithíocht do Chách córas tithíochta atá inbhuanaithe sa todhchaí. Chun go gcinnteofar sin teastaíonn forbairt atá dírithe ar iompar agus fás uirbeach dlúth. Ní mór dúinn freisin úsáid éifeachtúil a bhaint as an stoc tithíochta atá againn cheana féin. Cinnteoidh an Plean Gnímh go bhfanfaimid dírithe ar na cuspóirí sin ar fad.”
Agus eisean ag tráchtaireacht ar na príomhréimsí fócais do 2023, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien:
“Tá Tithíocht do Chách tar éis roinnt bearta a sheachadadh chun go mbeidh tithe cónaithe níos inacmhainne, daoine a fhaigheann tithe ar cíos a chosaint, aghaidh a thabhairt ar fholúntais, agus an bhearna idir costas tógála agus praghas an mhargaidh a laghdú. Ach is eol dúinn gur chóir dúinn tuilleadh a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sheachtracha agus an móiminteam reatha a choimeád maidir le tuilleadh tithe cónaithe a sheachadadh. Tá gníomhartha nua agus nuashonraithe san áireamh sa Phlean Gnímh nuashonraithe chun a chinntiú go seachadfar an uaillmhian agus na spriocanna atá in Tithíocht do Chách.”
Is é ‘Tithíocht do Chách’ plean tithíochta an rialtais d’Éirinn go dtí 2030. Is féidir é a léamh ag www.gov.ie/housingforall. Seo a leanas cuspóir foriomlán an phlean: ‘Ba chóir go mbeadh rochtain ag gach uile duine sa Stát ar theach baile le ceannach nó le fáil ar cíos ag praghas inacmhainne, é tógtha chuig caighdeán ard agus san áit cheart, agus go mbeadh caighdeán maireachtála maith ar fáil.’
Tá na spriocanna soláthair seo a leanas san áireamh i ‘Tithíocht do Chách’: