Tá an Rialtas ag déanamh athbhreithniú ar aiseolas ar láithreacha féideartha fuinnimh amach ón gcósta theas roimh an dara babhta caidrimh phoiblí sa bhliain 2024
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide fáilte roimh an aiseolas a fuarthas ó thréimhse faisnéise poiblí a seoladh le pobail an chósta theas agus an chósta thoir theas le déanaí maidir le forbairtí féideartha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta don réigiún.
I mí Lúnasa anuraidh, thosaigh an roinn tréimhse faisnéise poiblí naoi seachtaine ar lena linn a iarradh tuairimí ó phobail chósta i gContae Loch Garman, i gContae Phort Láirge agus i gContae Chorcaí maidir leis an láthair le haghaidh forbairtí réigiúnacha fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí. Chomh maith leis sin, bhuail an roinn leis an lucht tionscail, le heagraíochtaí pobail, le comhlachtaí ionadaíocha ón earnáil iascaireachta agus bia mara, le heagraíochtaí comhshaoil, agus le grúpaí gnó laistigh de gach contae.
Tháinig an tréimhse faisnéise poiblí sna sála ar fhoilsiú an Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas ag an roinn i mí Iúil, rud ina gcuirtear ar aghaidh limistéar geografach beartaithe ‘tosaigh’ a bhféadfaí forbairtí fuinnimh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta sa todhchaí a lonnú laistigh de.
Is ionann an limistéar beartaithe tosaigh de spás muirí agus thart ar 8,600 ciliméadar cearnach. Ritheann sé feadh imeallbhord Chontae Loch Garman, Chontae Phort Láirge agus Chontae Chorcaí. Leanfaidh an Roinn le hathbhreithniú a dhéanamh ar an aiseolas ón tréimhse faisnéise poiblí sula gcuirfidh sí tús le tréimhse eile caidrimh sa bhliain 2024. Roimh an gcéad tréimhse eile caidrimh sin, déanfar an limistéar muirí den Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas a bheachtú chun limistéir shonracha a shainaithint le haghaidh forbairt bheartaithe fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta sa todhchaí, ar limistéir iad a chuirfear ar áireamh i ‘nDréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe’. Áirítear leo sin limistéir mhuirí atá oiriúnach d’imscaradh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2030 agus tar éis na bliana 2030. Tá sé beartaithe go mbeidh an Dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe sin ina ábhar do thréimhse reachtúil caidrimh phoiblí sé seachtaine ansin, rud a mheastar a bheidh ar siúl go luath sa bhliain 2024.
Is é atá i bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas a bhunú ná cuid den mhórchur chuige pleantreoraithe ar ghlac an Rialtas é le déanaí chun forbairt fuinnimh gaoithe inbhuanaithe amach ón gcósta a chinntiú. Is é an toradh a bheidh air sin sa chleachtas ná go gcinnfidh an Stát, ag obair dó i gcomhar le pobail áitiúla agus ag déanamh breithniú dó ar ghníomhaíochtaí muirí eile amhail an iascaireacht agus an táirgeacht bia mara agus ar chosaint an chomhshaoil, an láthair chuí le haghaidh forbairtí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí.
Tabharfar dáta don chéad chéim reachtúil eile den Dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe chun críche go luath sa bhliain 2024, agus fógróidh an Roinn an dáta sin. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne freisin ag gov.ie/SouthCoastDMAP.
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Fáiltím roimh an aiseolas a fuaireamar go dtí seo ar an bpróiseas Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, rud lena n-ainmneofar limistéir mhara lena bhforbairt faoin mbliain 2030 agus tar éis na bliana 2030 araon. Leanfaidh mo Roinn le hobair i ndlúthchomhar le pobail chósta áitiúla chun a chinntiú gur ar bhealach pleanáilte, straitéiseach, barainneach agus inbhuanaithe a bhainisteofar aon fhorbairt ar ár n-acmhainní fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí. Tá an próiseas Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe mar chuid de chur chuige pleantreoraithe dian atá glactha ag an Rialtas agus a bheidh ar an modh is fearr le haghaidh ár muirthimpeallachtaí áitiúla a chosaint, agus forbairt pobail áitiúil á treisiú ag an am céanna. Tá a fhios againn go bhfuil an acmhainneacht ag forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí chun deiseanna eacnamaíocha ollmhóra a thairiscint do phobail chósta na hÉireann i ndáil le fás post agus le forbairt pobail áitiúil.
"Mholfainn go mór do na saoránaigh agus na pobail áitiúla uile ar fud an chósta theas agus an chósta thoir theas ar spéis leo agus do na grúpaí éagsúla uile ar fud na gcóstaí sin a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí muirí atá ann cheana, lena n-áirítear san iascaireacht agus sa táirgeacht bia mara, páirt a ghlacadh inár gcéad chéim eile de chaidreamh poiblí don Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas."
CRÍOCH
Tá Rialtas na hÉireann ag cur dlús leis an mbeartas maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. An chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, cuireadh ar siúl é ní ba luaithe i mbliana. Leagadh béim sna torthaí ar uaillmhianta an Stáit san earnáil fuinnimh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Is é sin an méid is mó d’fhuinneamh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona sa bhliain 2030.
Ghlac an Rialtas an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí i mí na Bealtaine 2021 mar an gcéad phlean spásúil mhuirí reachtúil de chuid na hÉireann. Cuirtear ceangal ar an Rialtas leis an gCreat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí úsáid a bhaint as réamhphleanáil spásúil fhonáisiúnta trí Phleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú. Maidir le forálacha do réamhphleanáil spásúil a úsáid agus do Phleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú, foráladh dóibh ina dhiaidh sin sa reachtaíocht náisiúnta tríd an Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur comhsheasmhach leis an gcur chuige i leith fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt atá á úsáid ar fud an Aontais Eorpaigh faoi láthair atá an córas pleantreoraithe sin, áit arb é an Stát, agus ní eintitis tráchtála, atá ag roghnú láithreáin chuí forbartha. Tá an Ísiltír agus an Danmhairg i measc chleachtóirí an chuir chuige phleantreoraithe sin i leith láithreáin forbartha a ainmniú. Is féidir a argóint gurb iad sin na tíortha Aontais Eorpaigh a bhfuil na hearnálacha fuinnimh gaoithe amach ón gcósta is aibí acu. Chomh maith leis sin, mhol WindEurope, an comhlacht ionadaíoch don tionscal fuinnimh gaoithe san Eoraip, gur ‘cheart an cur chuige tairisceana láraithe a bheith ar an bpríomh-mheán le haghaidh spriocanna náisiúnta fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a chomhlíonadh’.
An cinneadh sin chun an chéad Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta de chuid na hÉireann a lonnú amach ón gcósta theas, tá sé ag teacht leis an anailís a rinne EirGrid, arb é oibreoir córais tarchurtha na hÉireann é, á léiriú, ar an gcéad ásc, go mbeidh fáil ar go leor toillte eangaí sa bhliain 2030 chun 900 MW de thoilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a nascadh leis an gcóras tarchurtha ar talamh feadh an chósta theas. Trí Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas a bhunú, déanfar socrú don fhorbairt tosaigh sin agus d’fhorbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ina dhiaidh sin tar éis na bliana 2030 araon.
Tugtar an Creat Todhchaíoch ar an tsamhail agus ar an bhfís fhadtéarmach sin d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Foilseofar an beartas sin sna míonna tosaigh den bhliain 2024 agus leagfar amach ann creat le haghaidh 37 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050. Tá an fhís sin le haghaidh ár spriocanna fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach i réim ar fud an Rialtais, agus cinnteofar leis an gcreat rialála a chuirfear i bhfeidhm go réadófar na tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha le haghaidh gach duine dár saoránaigh agus dár ngeallsealbhóirí san am i láthair agus as seo amach.
Déanfar dréacht-Chreat Todhchaíoch le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a imscaradh tar éis na bliana 2030 a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin i mí Eanáir 2024. Ceadóidh an Rialtas leagan deiridh den Chreat Todhchaíoch agus foilseofar é i gcomhthráth leis an Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta ón Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta i mí an Mhárta 2024.
An mhí seo caite, mar chuid de sheoladh comhordaithe i gcomhar leis na balltíortha de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, d’fhoilsigh Éire sceideal de cheantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030, ar faoina mbun atá breis agus 13 GW de thoilleadh le himscaradh faoin mbliain 2040. Tá an toilleadh sin i dteannta na 3 GW a dámhadh in ORESS 1, an chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta riamh de chuid na hÉireann. Ní bhaineann sé ach leis na himchuacha muirí laistigh de limistéar an Chomhair Fuinnimh (Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach). Is cothrom le 20 GW go fóill atá an sprioc fhoriomlán fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá ag Éirinn don bhliain 2040 (lena n-áirítear imchuach an Atlantaigh).
Ceadaíodh forbairt a dhéanamh ar Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta le cinneadh ón Rialtas i mí na Bealtaine 2023. Is é a bheidh i gcuspóir uileghabhálach na straitéise ná a chinntiú go n-uasmhéadóidh Éire na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le spriocanna an Rialtais chun 37 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050. Foilseofar Treochlár Straitéiseach i gcéad leath na bliana 2024, i gcomhthráth le foilsiú an Chreata Thodhchaíoch. Díreofar ar na nithe seo a leanas sa chéad treochlár straitéiseach:
Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cathaoirleacht ar an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar, atá ag déanamh comhordú ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Áirítear leis sin sruth oibre atá tiomnaithe do riachtanais scileanna agus fórsa saothair, ar sruth oibre é atá faoi chomhúinéireacht ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Áirítear leis an sruth oibre sin dlúthchaidreamh a dhéanamh leis an tionscal trí Fhuinneamh Gaoithe Éireann agus trí Green Tech Skillnet. Is é príomhsprioc an tsrutha oibre tacú le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt trí phíblíne inbhuanaithe fórsa saothair agus scileanna a bhunú. I mBuiséad 2024, d’áirithigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta €200,000 le haghaidh scileanna a fhorbairt dár n-acmhainn fuinnimh gaoithe amach ón gcósta.
Trí Chistí Tairbhe Pobail a bhunú, cinnteofar go gcomhroinnfidh réigiúin agus pobail áitiúla an tairbhe chomhchoiteann a bhaineann le forbairtí fuinnimh in-athnuaite a óstáil. D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Ciste Tairbhe Pobail i ndlúthchomhar le pobail, le riarthóirí ciste, le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, le Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus leis an tionscal idirnáisiúnta fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Mar chuid den phróiseas forbartha, seoladh dhá chomhairliúchán phoiblí as ar tháinig scéim an-láidir lena gcumhachtaítear cinnteoireacht pobail agus lena gcinntítear go mbainfidh pobail na hÉireann tairbhe as ceann amháin de na samhlacha comhroinnte ioncaim fuinnimh in-athnuaite is airde ar domhan.
Déanfar íocaíochtaí éigeantacha Chiste Tairbhe Pobail dar luach €2 in aghaidh na meigeavatuaire de ghiniúint laistigh den chéad bhliain de thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a thógáil. Leanfar ar aghaidh leis na híocaíochtaí sin le linn na céime tógála agus ansin ar feadh thréimhse tacaíochta an tionscadail, a mhairfidh thart ar 20 bliain. I gcás an ghnáth-thionscadail 1 GW, beidh an luach cothrom le thart ar €8 milliún in aghaidh na bliana. Ní mór do gach tionscadal Riarthóir gairmiúil Ciste a cheapadh chun gur féidir leis an bpobal áitiúil an chuid is fearr a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an gciste (lena n-áirítear daoine a ghabhann don iascaireacht, don chultúr bia mara, don turasóireacht agus don oidhreacht mhuirí). A bhuí le scála na gCistí Tairbhe Pobail, is féidir le pobail áitiúla an deis luachmhar a thapú chun iad a úsáid do thionscnaimh fhiúntacha shubstainteacha. Déanann an Coiste áitiúil Ciste Tairbhe Pobail na cinntí cistiúcháin uile agus féadfaidh sé tionscadail phleanáilte ilbhlianta a ghabháil de láimh.