Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath curtha ar Leibhéal 3 den Chreat um Bhearta Sriantacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Chinn an Rialtas inniu contae iomlán Bhaile Átha Cliath a chur, láithreach, ar Leibhéal 3 den Chreat um Bhearta Sriantacha . Tá an cinneadh seo bunaithe ar an treoir reatha maidir leis an tsláinte phoiblí agus de bharr go bhfuil an scéal ó thaobh an víris imithe in olcas i mBaile Átha Cliath le roinnt seachtaine anuas.
Fanfaidh an chuid eile den tír ag Leibhéal 2 den Chreat.
Fanfaidh Baile Átha Cliath ar Leibhéal 3 ar feadh tréimhse 3 seachtaine go dtí Dé hAoine, 9 Deireadh Fómhair, tráth a ndéanfaidh an Rialtas athbhreithniú ar an scéal bunaithe ar an staid ag a mbeidh an víreas ag an am agus ar an gcomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí.
Imeachtaí sóisialta agus teaghlaigh
Níor cheart go dtabharfadh níos mó ná 6 as aon teaghlach amháin eile cuairt ar thithe ná ar ghairdíní príobháideacha.
Níor cheart go mbeadh aon imeachtaí sóisialta/teaghlaigh ar siúl, ach déanfar eisceacht i gcás bainiseacha agus sochraidí (féach thíos).
Imeachtaí eagraithe taobh istigh
Níor cheart go mbeadh aon imeachtaí eagraithe ar bun taobh istigh.
Imeachtaí eagraithe faoin aer
Ceadófar imeachtaí eagraithe faoin aer ach gan níos mó ná 15 a bheith páirteach.
Obair
Iarrtar ar dhaoine atá ag obair i mBaile Átha Cliath oibriú ón mbaile, más féidir é ar chor ar bith.
Taisteal taobh istigh den tír
Ba cheart do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath fanacht sa chontae, cé is moite dóibh siúd ar gá dóibh taisteal ar mhaithe lena gcuid oibre, oideachais nó ar chúiseanna riachtanacha eile.
Níor cheart do dhaoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath taisteal go Baile Átha Cliath ach amháin sa chás is gur gá dóibh taisteal ar mhaithe lena gcuid oibre, oideachais nó ar chúiseanna riachtanacha eile.
Scoileanna, seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí, oideachas daoine fásta agus ardoideachas
Ba cheart go bhfanfadh na scoileanna agus na seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí oscailte.
Ba cheart go bhfanfadh institiúidí ardoideachais agus institiúidí oideachais daoine fásta oscailte, ach iarrtar orthu athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta cosanta agus comhthionóil a sheachaint a oiread agus is féidir.
Siopaí agus seirbhísí
Fanfaidh siopaí agus seirbhísí ar nós gruagairí agus sciamheolaithe oscailte, le beara cosanta i bhfeidhm.
Iompar
Iarrtar ort siúl nó rothaíocht nuair is féidir le go mbeidh an córas iompar poiblí ar fáil d‘oibrithe riachtanacha agus le haghaidh obair atá riachtanach.
Spórt
Féadfaidh imeachtaí traenála spóirt leanúint ar aghaidh ach iad teoranta don spórt neamhtheagmhála faoin aer, i ngrúpaí ina mbeidh suas le 15 agus le heisceachtaí áirithe i gceist (féach thíos).
Ba cheart gur daoine aonair amháin a bheadh i mbun traenála taobh istigh agus níor chóir go mbeadh aon ranganna ar siúl.
Níor chóir go mbeadh aon chluichí ná imeachtaí eile spóirt eile ar siúl, cé go bhfuil eisceachtaí áirithe i gceist (féach thíos).
Féadfaidh ionaid aclaíochta/ionaid fóillíochta agus linnte snámha fanacht oscailte do dhaoine aonair amháin, le bearta cosanta i bhfeidhm.
Caiféanna agus bialanna (tithe tábhairne agus pubanna óstáin san áireamh)
Féadfaidh bialanna agus caiféanna (na tábhairní /pubanna a chuireann bia ar fáil áireamh) fanacht oscailte le haghaidh seirbhís bia a tabhairt leat agus seirbhís bia chuig an doras agus le haghaidh seirbhís bia taobh amuigh, ach gan dul thar 15.
Féadfaidh óstáin, tithe lóistín agus tithe leaba agus bricfeasta fanacht oscailte ach gur d’aíonna amháin a chuirfear seirbhís ar fáil.
Daoine os cionn 70 agus daoine atá leochaileach ó thaobh sláinte
Moltar do dhaoine atá os cionn 70 agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh sláinte coinneáil orthu ag tabhairt a mbreithiúnas féin ar chúrsaí. Moltar dóibh fanacht ag baile a oiread agus is féidir agus gan a bheith i dteagmháil ach le líon an-bheag daoine ar feadh tréimhsí gearra agus scaradh sóisialta á chleachtadh acu. Nuair a bhíonn siad i mbun aclaíochta faoin aer tá sé tábhachtach go bhfanfaidís dhá mhéadar ó dhaoine eile agus go nífidís a lámha ar fhilleadh abhaile dóibh. Moltar gur le linn na n-uaireanta atá leagtha amach dóibh amháin a dhéanfaidís siopadóireacht, go gcaithfidís clúdach aghaidhe agus nach mbeidís ag taisteal ar an gcóras iompair phoiblí.
Seirbhísí reiligiúnacha
Ar líne amháin a bheidh fáil ar na seirbhísí cé go bhféadfaidh ionaid adhartha fanacht oscailte le haghaidh urnaí phríobháideach.
Músaeim, gailearaithe agus ionaid chultúir eile
Ba cheart go ndúnfadh gach músaem, gailearaí, pictiúrlann agus aon ionad cultúir eile atá faoi dhíon.
Cuirfidh na leabharlanna ríomh-sheirbhís agus seirbhís ‘glaoigh agus bailigh’ ar fáil.
Na páirceanna spraoi, ionaid spraoi agus páirceanna, atá taobh amuigh
Ba cheart go bhfanfadh na páirceanna spraoi, na hionaid spraoi agus na páirceanna atá taobh amuigh oscailte agus bearta cosanta i bhfeidhm iontu.
D’fhonn aitheantas a thabhairt don tionchar a bheidh ag na srianta seo ar ghnóthaí i mBaile Átha Cliath shocraigh an Rialtas breisiú 30% a dhéanamh ar an Deontas Atosú Plus mar chabhair dóibh siúd a gcuirfear as dóibh le linn na dtrí seachtaine. Beidh gnóthaí a bhain tairbhe cheana féin as an Deontas Atosú i dteideal cur isteach athuair ar an mbreisiú seo. Beidh fáil air láithreach tríd an ngnáthphróiséas iarratais agus meastar go gcosnóidh sé €30 milliún.
Anuas air sin, tabharfar tús áite d’iarratais as Baile Átha Cliath i dtaca leis an réimse leathan scéimeanna iasachta agus dearbhán atá curtha ar fáil chun cuidiú le gnóthaí ar chuir COVID-19 isteach orthu.
Leanfaidh an Rialtas de bheith ag soláthar agus ag maoiniú na dtacaíochtaí fostaíochta agus ioncaim, lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime agus an Fóirdheontas Sealadach Pá, chomh maith leis na seirbhísí fostaíochta, oiliúna agus tacaíochta go léir atá ann d’oibrithe ar cuireadh as dóibh.
Críoch