Rogha níos Fearr agus Costais Bailiúcháin Bruscair Tí Comhsheasmhach arís i mí na Samhna
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sonraí mhí na Samhna 2020 – D’fhan na praghsanna a ghearr gnólachtaí bailiúcháin dramhaíola tí comhsheasmhach i mí na Samhna. I gcás gach pacáiste bailiúcháin dramhaíola, níor taifeadadh ach dhá athrú ar an bpraghas: méadú amháin agus laghdú amháin.
Tá na sonraí bunaithe ar anailís a rinneadh ar rogha de ghnólachtaí bailiúcháin dramhaíola tí ceadúnaithe. Cuimsíonn sé sin 19 gcuideachta ar leith, agus tá roinnt gnólachtaí ag feidhmiú i níos mó ná ceantar amháin. Rinneadh faireachán ar 26 margadh san iomlán.
Tá cúrsaí praghsála an bhailiúcháin dramhaíola tí casta
Cuireann formhór na ngnólachtaí bailiúcháin dramhaíola tí pacáistí bailiúcháin dramhaíola éagsúla ar fáil sna margaí ina bhfuil ceadúnas oibre acu. Ach lean formhór na ngnólachtaí ag díriú ar phacáiste amháin: Táille Sheirbhíse lena n-áirítear Liúntas Meáchain móide Táille Bhreise Per KG os cionn an Liúntais sin.
I mí na Samhna, ní raibh aon athrú ar na líon na bpacáistí praghsála: ocht gcinn go fóill. Áirítear le samplaí de phacáistí praghsála: Táille sheirbhíse móide táille mheáchain in aghaidh an chileagraim; ríomhchlib agus roghanna eile. Tá 52 pacáiste praghsála do bhailiúchán dramhaíola ar fáil san iomlán ó na gnólachtaí a ndearnadh monatóireacht orthu, méadú ceann amháin ar an mí roimhe sin agus an líon is airde ó thosaigh an Grúpa Monatóireachta Praghsála ag rianú an mhargaidh.
Seirbhís mhaith do chustaiméirí
Ó thaobh na seirbhíse do chustaiméirí trí chéile, tá caighdeán na tacaíochta agus na faisnéise a sholáthraíonn foireann na ngnólachtaí bailiúcháin dramhaíola fós rannpháirteach agus dearfach.
Taifeadadh dhá athrú ar phraghsanna i mí na Samhna:
1. Soláthraí Seirbhíse N – Laghdú ar an táille sheirbhíse ó €23.00 go €21.50 (Táille sheirbhíse (lena n-áirítear liúntas meáchain) móide táille per KG do mheáchan breise os cionn an liúntais).
2. Soláthraí Seirbhíse T – Méadú ar an táille sheirbhíse ó €8.50 go €9.00 (Táille sheirbhíse móide táille per ardú per bosca bruscair).
Is é cuspóir an Ghrúpa Monatóireachta Praghsála a bhunú an athraíonn na praghsanna a íocann teaghlaigh as bailiúchán dramhaíola tí agus é a rianú, go bhfeicfear cé mhéad athraithe a bhíonn i gceist. Déantar sin trí chur chuige na siopadóireachta faoi rún ar chion áirithe de ghnólachtaí bailiúcháin dramhaíola ceadúnaithe. Ach toisc nach dtugtar faoin monatóireacht praghsála ar an margadh iomlán, ní féidir ainm na ngnólachtaí sin a ndéantar monatóireacht ghníomhach orthu a fhoilsiú.
Tá ionadaithe sa ghrúpa uathu seo a leanas:
Go dtí seo, bhuail an Grúpa Monatóireachta Praghsála le chéile ar 33 ócáid ar leith: 13 Meán Fómhair 2017, 11 Deireadh Fómhair, 14 Samhain, 12 Nollaig, 9 Eanáir 2018, 13 Feabhra, 13 Márta, 10 Aibreán, 14 Bealtaine, 20 Meitheamh, 17 Iúil, 14 Lúnasa, 11 Meán Fómhair, 16 Deireadh Fómhair, 14 Samhain, 11 Nollaig 2018, 15 Eanáir 2019, 12 Feabhra, 14 Márta, 9 Aibreán, 14 Bealtaine, 11 Meitheamh, 9 Iúil, 20 Lúnasa, 10 Meán Fómhair, 8 Deireadh Fómhair, 12 Samhain, 16 Nollaig 2019, 22 Eanáir 2020, 17 Feabhra, 10 Márta, 11 Lúnasa, 8 Meán Fómhair, 13 Deireadh Fómhair, 10 Samhain agus 8 Nollaig 2020. (bhí sos ceithre mhí ar an monatóireacht praghsála mar gheall ar ráig COVID-19)
CRÍOCH
Cuir aighneachtaí chuig: pricemonitoringgroup@decc.gov.ie
Tabhair faoi deara gur cuireadh an seoladh ríomhphoist seo ar bun chun aighneachtaí ábhartha chuig an nGrúpa faoi phraghsanna a éascú. Breithneoidh an Grúpa gach aighneachtaí a d’fhéadfadh eolas a thabhairt dó faoi na praghsanna a íocann úsáideoirí cónaithe ar bhailiúchán dramhaíola cónaithe. Ar an drochuair, níl an Grúpa in ann aighneachtaí aonair a fhreagairt i láthair na huaire.