Rinne Moltóir agus Coiste Comhairliúcháin, na cinntí de réir Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934. Bhí siad ag brath go trom ar na Tuarascálacha Gníomhaíochta Briogáide seo chun éilimh phearsanta ar phinsin, a mheas, ós rud é go raibh amchlár bunúsach de na gníomhaíochtaí tugtha iontu, agus gur chuir daoine a bhí páirteach sna gníomhaíochtaí sin an t-ábhar seo i dtoll a chéile, cé nach bhfuil sé ar fad cothrom. Cé go bhfuil na comhaid éagsúil ó thaobh eolais de agus ó thaobh cháilíocht na dtaifead, ní raibh a leithéid ann roimhe, agus ós rud é go bhfuil siad ar fáil go poiblí den chéaduair, cuirfidh sé ar a gcumas do thaighdeoirí nasc a dhéanamh idir níos mó daoine agus gníomhaíochtaí a bhfuil cáil orthu agus gníomhaíochtaí nach bhfuil eolas ar bith nó beagán eolais ina taobh. Ní amháin sin, ach rinne cuid de na rannpháirtithe, a ndearnadh tagairt dóibh sna BARs, iarratas ar phinsean/nó ar íocaíocht, chomh maith. Úsáidfear an tsraith seo mar aon le rollaí ainmniúla de chuid an IRA (atá ar líne cheana féin) agus le comhaid aonair an bhailiúcháin.