Fáiltíonn na hAirí Foley agus Madigan roimh infheistíocht €4.4 billiún in infreastruchtúr scoile faoi Tionscadal Éireann 2040
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD fáilte inniu roimh fhoilseachán an Phlean Náisiúnta Forbartha 2021-2030 a chuireann maoiniú caipitil de níos mó ná € 4.4bn ar fáil don infheistíocht in infreastruchtúr scoile le linn na tréimhse 2021 go 2025.
Déanfar an t-imchlúdach rollach maoinithe cúig bliana seo a nuashonrú go bliantúil don tréimhse 2026 go 2030 laistigh d’imchlúdach €165bn maoinithe PFN foriomlán an Rialtais agus déanfaidh sé seo tógáil leanúnach infreastruchtúr scoile nua-aimseartha agus inbhuanaithe a éascú.
Tógfaidh an infheistíocht seo ar an dul chun cinn maith atá á dhéanamh maidir le cur leis an acmhainn chun freastal ar athruithe déimeagrafacha agus soláthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, éascóidh sé fócas méadaithe an stoic scoile atá ann cheana a nuachóiriú agus cuideoidh sé leis an gcóras scoile a aistriú go ré neodrach ó thaobh carbóin faoi 2050.
Dúirt an tAire Foley:
“Fianaise bhreise é fógra an lae inniu ar ár dtiomantas láidir don infheistíocht in infreastruchtúr ár scoileanna ar fud na hÉireann go léir. Tá timpeallachtaí nua-aimseartha fáilteacha á chruthú againn inar féidir le leanaí foghlaim agus fionnachtain, go compordach agus go sábháilte, le háiseanna a fhreastalaíonn ar a riachtanais agus a thacaíonn lena dtodhchaí.
“Tá réamhphleanáil agus rolladh amach láidir tionscadal tógála scoile ríthábhachtach lena chinntiú go dtacaítear leis an gcóras scoile agus go ndéantar ailíniú le plean Tithíocht do Chách an Rialtais. Cruthaíonn an infheistíocht shuntasach seo tríd an PFN deis dúinn gluaiseacht chun cinn go diongbháilte lenár bpleananna uaillmhianacha agus tionscadail tógála ar ardchaighdeán a sholáthar, ina mbíonn fócas láidir ar inbhuanaitheacht, do phobail scoileanna ar fud na hÉireann.”
Dúirt an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD:
“Cuireann an chéad leagan eile seo den Phlean Forbartha Náisiúnta dul chun cinn tábhachtach ar fáil don oideachas speisialta trí infheistíocht a dhéanamh inár bhfoirgnimh scoile agus a chinntiú go mbíonn níos mó áiteanna ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu leo. Mar Aire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, táimse, in éineacht le mo chomhghleacaithe Rialtais, tiomanta a chinntiú go leanann ár gcóras oideachais oscailte agus fáilteach do dhaltaí de gach cúlra agus cumas.
“Trí infheistíocht a dhéanamh inár bhfoirgnimh scoile is féidir linn a chinntiú go mbíonn áiteanna scoile agus áiseanna RSO ar fáil i líon níos mó pobal ar fud na tíre. Níl ár gcóras oideachais bunaithe ar phrionsabal an aon chineáil amháin do chách. Seachas sin, déantar buanna agus cumais aonair gach dalta a cheiliúradh agus a chothú. Léirítear ár dtiomantas don oideachas speisialta inár n-infheistíocht mhéadaithe in áiseanna oideachais speisialta mar chuid dár gclár tógála scoile. Trí fáil ar níos mó áiseanna saintógtha a chinntiú, tá ar ar gcumas pleanáil fhadtéarmach agus áiteanna scoile nua a chruthú chun cuimsiú, cumhachtú, agus lán-rannpháirtíocht i bpobal na scoile a chothú.
“Chun ár gcuspóir maidir le tacú le gach leanbh inár gcóras scoile a lán-acmhainneacht a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach tionscadail tógála a chur chun cinn a chumasaíonn cuimsiú. Tacóidh an infheistíocht seo le tionscadail tógála a fhreastalaíonn i ndáiríre ar riachtanais ár ndaltaí, agus a chuideoidh le timpeallachtaí nua-aimseartha, uilechuimsitheacha a sholáthar inár scoileanna ionas gur féidir le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bheith lánpháirteach.”
Le linn thréimhse an PFN 2018-2020, críochnaíodh 526 tionscadal tógála scoile faoi scéimeanna na Roinne Oideachais maidir le Cóiríocht Mhórscála agus Bhreise. Chruthaigh na tionscadail seo os cionn 48,000 áit scoile, lena n-áirítear cóiríocht bhuan do 229 rang speisialta agus acmhainn bhreise do 67 seomra ranga i 14 scoil speisialta ar fud na tíre.
Tá thart ar 1,200 tionscadal tógála scoile ar bun faoi láthair thar chéimeanna éagsúla na pleanála, an dearaidh, na tairisceana agus na tógála - agus táthar ag súil go mbeidh a bhformhór tosaithe nó críochnaithe sa tréimhse 2021 go 2025. Tá na tionscadail seo, mar aon le nuashonrú míosúil ar stádas, liostaithe ar gov.ie
Tá os cionn 200 de na tionscadail seo á dtógáil faoi láthair, a bhformhór le bheith críochnaithe i 2022. Nuair a bheidh siad críochnaithe cuirfidh na 200 tionscadal seo breis agus 30,000 áit scoile ar fáil.
Mar chuid de rolladh amach na dtionscadal tógála scoile, soláthrófar an dá chlár suaitheanta seo a bhaineann le hacmhainn bhreise agus nuachóiriú scoileanna:
• an Clár Deartha agus Tógála cineachta faoi threoir na Gníomhaireachta Airgeadais don Fhorbairt Náisiúnta (NDFA) ina bhfuil 20 tionscadal tógála scoile, go príomha i réigiúin an Oirthir agus Lár Tíre, a bheidh ag dul ar aghaidh chun tógála le linn 2022 agus 2023, agus
• Clár Dearaidh agus Tógála na Roinne, ina bhfuil ocht dtionscadal tógála scoile á dtógáil faoi láthair agus deich dtionscadal eile ag céim tairisceana agus é beartaithe gluaiseacht chun cinn le tógáil i R1 2022.
Is iad na príomhthosaíochtaí atá ag na hAirí do chlár tógála na Roinne le linn thréimhse an PFN 2021 go 2025 ná:
• idir 150 agus 200 tionscadal tógála scoile a sholáthar gach bliain chun freastal ar an acmhainn bhreise riachtanach agus chun tacú le saoráidí scoile atá ann cheana a nuachóiriú lena n-áirítear tionscnaimh a sheasfaidh an aimsir ó thaobh gníomhaíochta aeráide de
• freastal go réamhghníomhach ar riachtanais dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus an bhéim dírithe ach go háirithe ar an iar-bhunleibhéal
• fócas treisithe ar athchóiriú a dhéanamh ar an stoc scoile atá ann cheana mar chuid de bhonn a chur faoi thacaíocht a thabhairt d’athrú an chórais scoile go ré Neodrach Glan ó thaobh carbóin faoi 2050. Cuimsíonn sé seo clár tógála agus nuachóirithe do shaotharlanna scoile, clár tógála agus nuachóirithe don chorpoideachais mar aon le clár iarfheistiú domhain fuinnimh a thosú agus a chur chun cinn
• leanúint leis na teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.
Mar chuid den soláthar ar chlár oibre gníomhaíochta aeráide, tá an Roinn Oideachais ag obair go dlúth leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide mar chuid de Chlár Pathfinder um Iarfheistiú Fuinnimh Scoileanna.
Tá an clár Pathfinder seo ag réiteach na slí, agus mar bhonn eolais, do chlár scoile náisiúnta i bhfad níos mó d’iarfheistiú fuinnimh scoileanna a tógadh roimh 2008. Tá sé ag éascú taighde ar raon gnáth-roghanna iarfheistithe, atá triailte agus tástáilte. Tá faisnéis luachmhar forbartha á soláthar aige do straitéis soláthar réiteach-bhunaithe a thógfar ar fhianaise láidir den stóinseacht agus den inscálaitheacht ar réitigh in-athnuaite in earnáil na scoileanna.
Tá an comhoibriú agus an taighde seo ag cuidiú le treo todhchaí éifeachtachta fuinnimh i scoileanna a mhúnlú, agus leanfaidh sé ag cur bonn eolais faoin straitéis maidir le rolladh amach an chláir um Iarfheistiú Domhain-Fhuinneamh taobh le taobh le leanúint le feidhmíocht fuinnimh agus cumas fuinnimh in-athnuaite a uasmhéadú.
Le linn thréimhse an PFN 2018-2020, críochnaíodh 32 tionscadal faoin gclár cómhaoinithe pathfinder le hÚdarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann, ag tástáil agus ag léiriú cineálacha cur chuige iarfheistiú éifeachtachta fuinnimh agus dícharbónaithe. I mbliana beidh domhain iarfheistiú á dhéanamh ar sé scoil (cuid acu ar bhonn céimnithe) chuig Rátáil Fuinnimh Foirgníochta (BER) B le córais téimh in-athnuaite, agus tá 3 scoil eile ag céim dheiridh an dearaidh le soláthar ó R4 i mbliana. Leanann an obair ar aghaidh maidir leis an gcláir Pathfinder a fhorbairt do 2022 agus 2023.
Tá próiseas comhairliúcháin fairsing ag tarlú faoi láthair ar Straitéis Dhigiteach nua do scoileanna, atá le foilsiú roimh dheireadh 2021. Beidh an comhairliúchán seo, mar aon leis an bhfoghlaim ón bpaindéim le déanaí, mar bhonn eolais don straitéis, a thógfaidh ar an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 roimhe seo. Bhí infheistíocht €210m mar bhonn agus mar thaca leis an straitéis roimhe seo, agus cinnteoidh an infheistíocht leanúnach atá geallta faoin NDP gur féidir an dul chun cinn atá déanta a chothú agus a leathnú leis an soláthar ar infreastruchtúr agus tacaíochtaí cuí do scoileanna thar thréimhse na chéad Straitéise Digití eile.
CRÍOCH
• Naisc le rianaithe caipitil – https://www.gov.ie/en/collection/f828b-myprojectireland-interactive-map/
• Tá stádas reatha na dtionscadal seo atá á soláthar liostaithe de réir contae ar www.gov.ie agus déantar é seo a nuashonrú go míosúil chun a ndul chun cinn ag céimeanna éagsúla a léiriú.