Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga foilsithe ag an Aire Stáit Chambers
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit Jack Chambers TD tuarascáil ar athbhreithniú Scéim na gCúntóirí Teanga inniu. Tugadh faoin athbhreithniú a dhéanamh chun go bhfaighfí tuiscint níos fearr ar na bealaí a bhféadfaí an Scéim a láidriú tuilleadh i gcomhthéacs fheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga i gcoitinne. Is é SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge a thug faoin athbhreithniú a dhéanamh faoi threoir na Roinne. Tá fáil air ag an nasc a leanas anseo .
Dúirt an tAire Martin: “Is céim mhór chun tosaigh é seoladh na tuarascála seo ar athbhreithniú Scéim na gCúntóirí Teanga, cé gur bhain moill lena foilsiú de bharr cúinsí éagsúla. Níl amhras ar bith ach go bhfuil páirt lárnach ag an scéim leis na hiarrachtaí atá ar bun ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais chun an Ghaeilge a neartú tuilleadh mar theanga pobail agus teaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta mar chuid d’fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tríd Scéim na gCúntóirí Teanga agus go deimhin na scéimeanna agus na tionscadail eile atá á riar ag mo Roinn faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, tá cabhair phraiticiúil á cur ar fáil tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta. De thoradh an athbhreithnithe seo, tá rianú déanta ar na bealaí a bhféadfaí an scéim a threisiú tuilleadh go céimiúil agus go córasach – ag úsáid na n-acmhainní atá agus a bheidh ar fáil. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo buíochas a ghabháil le SEALBHÚ - Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge a thug faoin athbhreithniú a dhéanamh ar iarratas na Roinne, chomh maith leis an gCoiste Stiúrtha a ceapadh chun cabhrú le stiúir a dhéanamh ar an obair fad a bhí sí ar bun. Ina theannta sin, ar ndóigh, bhí an dá eagraíocht atá freagrach as an scéim a riar thar ceann na Roinne - Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne - lárnach san obair thaighde, in éindí le páirtithe leasmhara eile – na cúntóirí teanga iad féin ach go háirithe.”
Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Is údar dóchais domsa go bhfuil tús curtha cheana féin le cur i bhfeidhm cuid de na moltaí suntasacha atá san athbhreithniú. Cheadaigh mo Roinn allúntas trí bliana ar fiú suas le €3.6m é in 2019. Bainfear leas as an infheistíocht sin chun go mbeidh scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta de chuid na Roinne Oideachais in ann cúntóir teanga a bheith acu ar feadh sé seachtaine bhreise in aghaidh na scoilbhliana, ionann le 32 seachtaine in iomlán. Tháinig sé sin ar ndóigh sna sála ar an méid a rinneadh ar leas na scéime ó thús na scoilbhliana 2018/2019 nuair a ceadaíodh acmhainní breise le go mbeidh 32 scoil bhreise in ann leas a bhaint as an scéim – ionann le gach scoil Ghaeltachta atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta. De thoradh seo uile, tá 136 scoil Ghaeltachta ag baint leasa as na hathruithe seo uile le hais 104 scoil in 2017/18. Fágann sé seo uile go bhfuil 113 cúntóirí fostaithe faon scéim anois i gcomparáid le 100 cúntóirí in 2018/19 agus iad ag soláthar seirbhíse ar feadh sé seachtaine breise in aghaidh na scoilbhliana.
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha faoi ghníomh 2.17 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a thagann an beart seo chomh maith lena bhfuil geallta i leith na scéime sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.