Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Ráithe 2 - Tithíocht do Chách
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug An Taoiseach Micheál Martin, agus an tAire Stáit do Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, Darragh O’Brien T.D., An tAire Stáit Peter Burke T.D agus an tAire Stáit Malcolm Noonan T.D an t-eolas is déanaí ar an dul chun cinn atá déanta ar Thithíocht do Chách a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear seoladh an Chiste nua €50m Chroí Cónaithe (Bailte) a thacóidh le foirgnimh fholmha agus le foirgnimh nach mbaintear dóthain úsáide astu i mbailte agus sráidbhailte na tíre a thabhairt ar ais in úsáid mar áiteanna cónaithe.
Ó Seoladh Tithíocht do Chách i Meán Fómhair, cuireadh 17,000 teach nua ar fáil agus tá muid ar an mbóthar ceart le sprioc 2022 a bhaint amach maidir le 24,600 teach nua a chur ar fáil. Tugtar eolas sa tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhearta suntasacha a chur ar fáil maidir le dul i ngleic le hinmharthanacht ó thaobh tithe a chur ar fáil, tacaíochtaí breise a chur ar fáil do cheannaitheoirí céaduaire agus áiteanna cónaithe folmha a thabhairt ar ais in úsáid.
Áirítear orthu seo seoladh na Scéime Cothromais Comhroinnte an Chéad Bhaile, Scéim Chothrom na Féinne a leasú chun cíos a dhreasú, iarratais a fuarthas don Scéim Chroí Cónaithe (Cathracha) agus cuibhreannas a aithint chun Ionad Teicneolaíochta Foirgníochta a óstáil.
Bainfidh na daoine sin atá ag iarraidh teach nó foirgneamh folamh a úsáid mar a dteach buan agus atá ag iarraidh a bheith mar chuid den phobal sa cheantar leas as an gCiste Chroí Cónaithe (Bailte), chun cur leis an sprioc láir bailte a chruthú a fheidhmeoidh ina n-áiteanna inmharthana, beomhara agus mealltacha do dhaoine le bheith ina gcónaí iontu, ag obair iontu agus cuairt a thabhairt orthu, agus a fheidhmeoidh ag an am céanna ina moil seirbhísí, shóisialta, chultúir agus áineasa don phobal áitiúil.
Cuirfear an Ciste ar fáil trí na húdaráis áitiúla a thabharfaidh deontas a chuideoidh le réadmhaoine folmha a athchóiriú, agus tabharfar tús áite d’iarratais i gceantair ina bhfuil an leibhéal foilmhe nó tréigthe ard. Beidh deontas suas le €30,000 ar fáil don athchóiriú, lena n-áirítear áit chónaithe a dhéanamh as réadmhaoin nach raibh in úsáid roimhe seo mar áit chónaithe.
I gcás ina bhfuil réadmhaoin tréigthe, cuirfear uasdeontas breise suas le €20,000 ar fáil, rud a chiallaíonn gur suas le €50,000 ar a mhéad an deontas a bheidh ar fáil do réadmhaoin thréigthe. D’fhéadfadh sé seo a chur leis an Scéim SEAI um Fhuinneamh Níos Fearr i dTithe a chlúdaíonn obair suas le €26,750.
Le linn dó a bheith ag labhairt ag imeacht an lae inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Cuireann Tithíocht do Chách plean cuimsitheach agus leibhéil iontacha mhaoinithe ar fáil le dul i ngleic leis an tsaincheist shóisialta is práinní agus is tábhachtaí ar fad roimh mhuintir na tíre seo. In ainneoin na ndúshlán, tá muid ar an mbóthar ceart chun 24,600 teach nua a chur ar fáil sa bhliain 2022. Agus ní mór dúinn níos mó a dhéanamh. Beidh an scéim nua Chroí Cónaithe (Bailte) ina cabhair chun áiteanna cónaithe a dhéanamh de réadmhaoine folmha arís, agus pobail bheoga a chruthú. Is beart amháin é de réimse beart i dTithíocht do Chách atá leagtha amach lena chinntiú go bhfuil gach duine in ann teacht ar thithíocht mhaith ar ardchaighdeán agus go bhfuil teacht orthu ar bhailte agus sráidbhailte inbhuanaithe.”
Dúirt an tAire Darragh O’Brien TD agus é ag tagairt do sheoladh Chroí Cónaithe (Bailte):
“Is soláthar ríthábhachtach eile é an Ciste Chroí Cónaithe (Bailte) i bplean Thithíocht do Chách an Rialtais agus ó thaobh tacú le húinéireacht tí. Sheol muid Scéim nua an Chéad Bhaile le déanaí, d’fhógair muid cóiríocht inacmhainne agus cóiríocht ar cíos de réir costais atá le forbairt tríd an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún i Seangánach agus chuir muid forbairt na n-árasán chun cinn le haghaidh úinéirí lonnaitheacha tríd an gCiste Chroí Cónaithe Cathracha.
Inniu tá an scéim seo ar an rud is déanaí atá déanta againn chun úinéireacht tí a chur chun cinn trí thacú le daoine chun réadmhaoine folmha a athchóiriú lena mbaile féin a dhéanamh astu, ionas go mbeidís in ann a bheith ina gcónaí i mbailte agus sráidbhailte agus dul i ngleic le tithíocht fholamh trí athúsáid a bhaint aisti ar bhealach inbhuanaithe. Ag an am céanna tá muid ag cur le beocht na mbailte agus na sráidbhailte ar fud na tíre agus ag tacú le pobail áitiúla. Tá sé i gceist agam freisin an scéim a leathnú tuilleadh sna míonna amach romhainn go ceantair sna cathracha ina bhfuil leibhéal ard foilmhe nó tréigthe”
Dúirt an tAire Peter Burke go raibh
“ciste an lae inniu mar chuid de shraith beart atá á dtabhairt fúithi ag an rialtas chun dul i ngleic le folús. Beidh sé comhlánach don Cháin Maoine Foilmhe atá le teacht chun cuidiú le níos mó foirgneamh a thabhairt ar ais in úsáid ar fud na tíre.”
Dúirt an tAire Malcolm Noonan,
“Cuireann an scéim nua seo leis na hathruithe maidir le dlíthe pleanála a éascaíonn réadmhaoine a úsáid mar áiteanna cónaithe. D’fhéadfaí freisin é a chur leis an deontas SEAI chun é a dhéanamh níos inmharthana chun seanfhoirgnimh a thabhairt ar ais in úsáid. Is céim mhór chun cinn é do bhailte agus sráidbhailte na tíre.”
Cuirfidh an fhoirm iarratais, na critéir cháilitheachta agus na Ceisteanna a Chuirtear go Minic atá bainteach mar atá foilsithe(ar fáil anseo) faisnéis bhreise ar fáil do dhaoine ar mhaith leo iarratas a dhéanamh ar an deontas. Beidh tuilleadh faisnéise ar fáil ó gach údarás áitiúil.
CRÍOCH
• Ní mór réadmhaoine a bheidh le breithniú chun a áireamh a bheith folamh le dhá bhliain nó níos faide agus gur roimh 1993 a tógadh iad
• Is féidir deimhniú folúis a bhailíochtú agus a dhearbhú trí úsáid a bhaint as, mar shampla, Billí Fóntais a chuideoidh tréimhsí folúis a dhéanamh amach (e.g. patrúin úsáide nó dícheangal) nó cruthúnais eile den chineál sin a bheadh ar fáil a shásódh an t-údarás áitiúil.
• Tá an scéim ar fáil do dhaoine aonair nó líon tí amháin a mbeidh an réadmhaoin ina príomh-áit chónaithe phríobháideach acu. Níl sé ar fáil do ghnóthais agus/ná forbróirí, etc.
• D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh Scéim Deontais Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) um Fhuinneamh Níos Fearr i dTithe ar fáil in éineacht leis an deontas seo. Ní chlúdófar mar sin obair atá clúdaithe ag an Scéim SEAI um Fhuinneamh Níos Fearr i dTithe.
• Beidh cruthúnas ar fholús agus ar úinéireacht araon de dhíth chun tacú le híocaíocht an deontais. I dtéarmaí úinéireachta, is faoin iarratasóir a bheidh sé úinéireacht a dheimhniú leis an údarás áitiúil.
• Féadfaidh údarás áitiúil ceadú i bprionsabal a thabhairt d’iarratas deontais sa chás go bhfuil an t-iarratasóir ábalta fianaise ar idirphlé gníomhach atá ar bun i dtaobh réadmhaoin a cheannach a chur ar fáil i.e. deimhniú comhaontaithe ón ngníomhaireacht eastáit nó ó úinéir na réadmhaoine nuair a chuireann an t-úinéir cruthúnas dá leithéid ar fáil i dtaobh an réadmhaoin a bheith folamh mar a éilítear faoin scéim thar ceann an iarratasóra.
• Beidh na catagóirí oibre seo a leanas incháilithe d’fhóirithint deontais, faoi réir measúnú costais réasúnta ón údarás áitiúil agus aon teorainn d’obair ar leith:
o Obair fostruchtúir, lena n-áirítear obair ar dhúshraitheanna, ballaí atá ag ardú, leaca urláir, taisdíonadh agus fothacaí
o Obaira struchtúracha ar bharrthógáil, lena n-áirítear ballaí, comhbhallaí, simléir, urláir adhmaid chrochta, adhmaid struchtúracha
o Obair ar bhallaí inmheánacha, staighrí, agus ceann staighre agus ballaí inmheánacha a chríochnú lena n-áirítear dorais, fuinneoga, agus bailchríocha feidhmeacha
o Ballaí seachtracha a chríochnú lena n-áirítear dorais, fuinneoga, leaca, agus bailchríocha feidhmeacha
o Díonta a chríochnú, lena n-áirítear fleascadh, éadain, tairr, gáitéir, fánphíobáin
o Seirbhísí d’fhoirgnimh lena n-áirítear seirbhísí pluiméireachta, teasa, aeraithe, leictreachais, teileachumarsáide,
o Péinteáil agus maisiú atá de dhíth mar gheall ar obair a cuireadh i gcrích
o Síneadh laistigh de raon na rialachán pleanála maidir le forbairt dhíolmhaithe, mar chuid d’athchóiriú níos leithne
o Obair seachtrach riachtanach agus obair forbartha ar láthair a rinneadh laistigh de chúirtealáiste na láithreach.
o Seirbhísí gairmiúla a bhaineann le hobair
• Tá os cionn 500 baile agus sráidbhaile in Éirinn a bhfuil daonra níos mó ná 400 duine iontu. Tá sé i gceist go mbeadh an Ciste Chroí Cónaithe i ngach baile den sórt sin, agus i roinnt bailte beaga freisin, a d’fhéadfadh nach mbeadh sainithe mar bhailte nó sráidbhailte chun críche léarscáiliú daonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh ach a bhfuil dóthain seirbhísí agus áiseanna ar fáil iontu.
• Cé nach mbeidh an Ciste i gceist ar dtús le bailte laistigh de chathracha agus teorainneacha bruachbhailte Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, Luimnigh, na Gaillimhe agus Phort Láirge mar atá sainithe ag léarscáiliú daonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh, déanfar acmhainneacht maidir le bailte den sórt sin laistigh de na cathracha agus bruachbhailte a chur san áireamh a bhreithniú tuilleadh le linn chéim thosaigh an chláir.
• Tugtar sainmhíniú i ndaonáireamh na Príomh-Oifige Staidrimh ar bhailte lasmuigh den chathair agus den teorainn bhruachbhaile mar ‘bhaile’ ar leith agus mar sin beidh siad incháilithe, e.g. Baile Brigín.
• Níl cead ag iarratasóirí ach leas a bhaint as an deontas uair amháin i gcomhréir leis an gceanglas go mbainfidh sé lena bpríomh-áit chónaithe phríobháideach.
• Is plean tithíochta an Rialtais d’Éirinn suas go dtí an bhliain 2030 é ‘Tithíocht do Chách’. Is féidir é a léamh ag www.gov.ie/housingforall. Is é cuspóir iomlán an phlean ná: ‘Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine sa Stát ar theach le ceannach nó le fáil ar cíos a bhfuil costas inacmhainne air, atá tógtha ar ardchaighdeán agus atá tógtha san áit cheart agus a chuirfeadh caighdeán ard saoil ar fáil.’
• Is féidir Tithíocht do Chách - Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Ráithe 2 don bhliain 2022 a léamh anseo: https://www.gov.ie/en/collection/9d2ee-housing-for-all-quarterly-progress-reports/
• Tá ceithre chonair i ‘dTithíocht do Chách’:
o Conair maidir le Tacú le hÚinéireacht Tí agus Inacmhainneacht a Mhéadú
o Conair maidir le Deireadh a chur le hEaspa Dídine, Seachadadh Tithíochta Sóisialta a Mhéadú agus Tacú le hIonchuimsiú Sóisialta
o Conair maidir le Soláthar Nua Tithíochta a Mhéadú
o Conairí le Dul i nGleic le Folús agus Stoc atá ann Cheana Féin a Úsáid go hÉifeachtúil
Tá na ceithre chonair sin mar bhonn agus mar thaca ag réimse gníomhartha chun córas tithíochta inbhuanaithe a chumasú.
• Tá na spriocanna soláthair seo a leanas in ‘Tithíocht do Chách’:
o 33,000 aonad nua, ar an meán, in aghaidh na bliana suas go dtí an bhliain 2030 agus an bhliain sin san áireamh. Áireofar leis seo, ar an meán, 10,000 aonad tithíochta sóisialta, 4,000 teach atá le ceannach ar Chostas Inacmhainne, 2,000 teach Ar Cíos de réir Costais agus 17,000 teach príobháideacha.
o Le linn shaolré an phlean (go dtí deireadh na bliana 2030) táthar ag súil go mbeadh na nithe seo a leanas sna 300,000 teach atá de dhíth: 90,000 teach sóisialta; 36,000 teach ar Chostas Inacmhainne, 18,000 teach Ar Cíos de réir Costais agus tuairim is 156,000 teach príobháideach.
o Cuirfidh cúlsoláthar talún an Stáit talamh ar fáil chun 15,000 aonad a thabhairt chun tosaigh agus maoineoidh an Stát údaráis áitiúla maidir le talamh a fháil. Tugadh Spriocanna Soláthair Tithíochta do gach údarás áitiúil.
o Tá tábla le spriocanna bliantúla, agus iad miondealaithe de réir cineál tionachta, istigh sa phlean.
• Is é seo an cheathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn faoi Phlean Tithíochta do Chách ina léirítear an dul chun cinn leanúnach i dtreo soláthar tithíochta agus inacmhainneacht tithíochta a mhéadú, fad atá córas tithíochta na tíre á athchóiriú ó bhonn lena chinntiú go mbeidh sé inbhuanaithe amach anseo.
• Go dtí seo, as na 213 gníomh i dTithíocht do Chách, cuireadh ar fáil 156 gníomh, é sin nó go bhfuil dul chun cinn déanta orthu. As na 30 beart atá le cur ar fáil i Ráithe 2 den bhliain 2022, cuireadh 16 beart ar fáil de réir sceidil, ag fágáil go raibh ráta seachadta 53% i gceist sa ráithe seo. Cé go raibh moill ar chur i bhfeidhm iomlán 14 beart, rinneadh dul chun cinn suntasach ar fhormhór na ngníomhartha sin. Tá spriocdháta leasaithe roimh dheireadh na bliana 2022 ag 12 beart ar cuireadh moill orthu.