Ordú cuir faoi dhíon / gaibhniúcháin éanlaithe clóis le cur i leataobh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go gcuirfear an ceanglas dlíthiúil éanlaith chlóis agus éin eile a ghaibhniú/chur faoi dhíon mar bheart réamhchúraim in aghaidh Fliú Éanúil i leataobh ón 18 Aibreán, 2023. Tugadh isteach reachtaíocht an 7 Samhain 2022 lena n-éilítear gaibhniúchán réamhchúramach éan in Éirinn d'fhonn an riosca go leathnódh an fliú éanúil go héanlaith chlóis a mhaolú. Tá an cinneadh an ceanglas sin a tharraingt siar anois bunaithe ar líon paraiméadar a léiríonn riosca ionraidh fliú éanúil atá ag laghdú - lena n-áirítear an fíoras nach ndeimhníodh cás ar bith den fhliú éanúil anseo in éin fhiáine le tréimhse 5 sheachtaine, líon laghdaithe éan uisce imirceach agus teochtaí timpeallachta agus uaireanta sholas an lae atá ag méadú.
Ciallóidh cur i leataobh an cheanglais éin a ghaibhniú gur féidir le gach úinéir éanlaithe clóis agus éan ligean dá n-éin rochtain a fháil ar limistéir oscailte agus clóis ón 18 Aibreán. Tathantaíonn an Roinn, áfach, ar úinéirí ealta a bheith airdeallach i gcónaí mar, in ainneoin an riosca laghdaithe, tá an fhéidearthacht fós ann go mbeadh an víreas sa timpeallacht nó go scaipfeadh éin fhiáine ar a n-ealta é.
Leagann an Roinn béim áfach go bhfanann ceanglais mhéadaithe bhithshlándála sonracha a tugadh isteach an 19 Meán Fómhair 2022 S.I. No. 462/2022 - Avian Influenza (Biosecurity Measures) Regulations 2022 i bhfeidhm. Is ceanglais iad sin a chinntíonn nach féidir le héanlaith chlóis nó daoréin eile teacht i dteagmháil le héin fhiáine, nach mór go mbeadh gach limistéar a bhfuil rochtain ag éanlaith chlóis agus daoréin air fálaithe agus go bhfuil srian orthu rochtain a fháil ar uisce oscailte nó uisce bodhar buan.
Ba chóir d'úinéirí éan fanacht airdeallach, monatóireacht a dhéanamh ar a n-éin d'aon chomharthaí galair agus bearta diana smachtaithe galair a chur i bhfeidhm. Ba cheart, ach go háirithe, go dtabharfaí beatha d'éin laistigh i gcónaí nó faoi chlúdach in áit nach bhfuil rochtain ag éin fhiáine uirthi. Is féidir tuilleadh faisnéise ar cheanglais mhéadaithe bhithshlándála a fháil ag:
Meabhraíonn an Roinn do gach úinéir éanlaithe clóis, lena n-áirítear dóibh siúd nach bhfuil ach éan nó dhó acu, faoina n-oibleagáid dhlíthiúil a n-áitreabh a chlárú leis an Roinn. Is féidir treoir maidir le d'éanlaith chlóis a chlárú a fháil ag:
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin bhfliú éanúil a fháil ag:
Tá liosta d'oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara maille lena sonraí teagmhála ar fáil ag:
Is féidir éin díbheo agus mharbha a thuairisciú i gcónaí trí:
Bheolíne an Fhliú Éanúil