Seolann an Taoiseach, an tAire Sláinte, an tAire Iompair agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) an Údaráis Náisiúnta Iompair feachtas maidir le Clúdaigh Aghaidhe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Taoiseach, Leo Varadkar TD, an tAire Sláinte, Simon Harris TD, an tAire Iompair, Shane Ross agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair, Anne Graham, feachtas maidir le clúdaigh aghaidhe inniu.
Moltar clúdaigh aghaidhe a chaitheamh i gcásanna nach féidir scaradh sóisialta a dhéanamh, mar shampla, i siopaí agus ar iompar poiblí gnóthach, nó má tá tú ag casadh le duine atá tugtha don víreas, mar shampla, daoine a bhfuil cocúnú á dhéanamh acu. Is féidir le clúdaigh aghaidhe cabhrú le daoine nach eol dóibh go bhfuil an víreas orthu gan é a scaipeadh ar dhaoine eile.
Moltar clúdaigh aghaidhe a chaitheamh sna cásanna seo a leanas:
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:
"Tá ár dteachtaireacht simplí; má tá tú i gcásanna inar deacair scaradh sóisialta a dhéanamh, ar nós nuair a bhíonn tú ar iompar poiblí nó i siopaí, caith clúdach aghaidhe, le do thoil. Is maith an smaoineamh é freisin chun clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair a bhíonn cuairt á tabhairt agat ar dhuine atá tugtha don víreas. Ar an mbealach seo, is féidir linn cabhrú le scaipeadh an víris a laghdú, agus baineann níos mó tábhachta leis seo anois ná mar a bhain riamh fad a leantar lenár dtír a oscailt arís."
Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris, TD:
"Cabhróidh sé leat na daoine timpeall ort a chosaint má chaitheann tú clúdach aghaidhe. Ní sciath dhraíochta é, ach is beart breise é atá dírithe ar stop a chur le scaipeadh an víris seo.
"Mura féidir leat fad 2 mhéadar a choimeád amach ó dhaoine eile, molaimid go gcaitheann tú clúdaigh aghaidhe. Spreagaimid daoine go mór chun iad a chaitheamh ar iompar poiblí, i siopaí agus in ollmhargaí. Agus má tá cuairt á tabhairt agat ar dhuine muinteartha atá níos sine ná 70 bliain d’aois nó ar dhuine a bhfuil riocht sláinte air/uirthi, iarraimid ort clúdach aghaidhe a chaitheamh agus cabhrú leis na daoine is leochailí a chosaint."
Dúirt an tAire Iompair Shane Ross an méid seo a leanas:
"Ba thréimhse dhúshlánach é le roinnt míonna beaga anuas do gach duine sa tír, tráth inar fhanamar amach ó dhaoine muinteartha agus cairde chun a chéile a choimeád sábháilte.
“Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil libh go léir as na hiarrachtaí a rinne sibh, as na híobairtí a rinne sibh, a chabhraigh linn an chéim a bhaint amach inar féidir linn tosú ag casadh lena chéile arís, ach fad sábháilte á choimeád againn amach óna chéile, dá ainneoin sin.
"Rinneamar sárobair as lámh a chéile, agus is féidir linn go léir anois tairbhe a bhaint as na torthaí. Mar sin, más gá duit taisteal ar iompar poiblí, dul ag siopadóireacht, nó cuairt a thabhairt ar ghaolta aosta nó ar dhaoine a d’fhéadfadh bheith tugtha don víreas nó i mbaol dó, caith clúdach aghaidhe, le do thoil. Is éasca é a dhéanamh agus b’fhéidir go sábhálfaidh tú saol daoine gan ach an t-aon rud simplí seo amháin a dhéanamh."
Moladh a rinne an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta atá san fheachtas agus cuirfear tús leis inniu le feachtas mór ar an raidió agus sna nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha, agus leanfaidh feachtas spriocdhírithe íoctha sna meáin shóisialta agus ar an teilifís. Tá ábhar mionsonraithe ar fáil ag gov.ie/facecoverings agus ag HSE.ie, chomh maith le treoir faoi conas clúdaigh aghaidhe a dhéanamh agus a úsáid go sábháilte.
Dúirt Anne Graham, POF an Údaráis Náisiúnta Iompair (an an ÚNI):
"Cuireann an ÚNI fáilte mhór roimh an bhfeachtas atá á sheoladh inniu agus spreagaimid, an Taoiseach agus na hAirí Ross agus Harris daoine chun clúdaigh aghaidhe a chaitheamh nuair a thaistealaíonn siad i mbus, tram, traein nó i dtacsaí.
“Má chaitear clúdach aghaidhe, méadófar an chosaint do chustaiméirí eile agus d’oibrithe eile iompair phoiblí.
"Creidimid gur cuid thábhachtach é seo den iarracht chun muinín a atógáil as iompar poiblí fad a bhaintear na srianta de réir a chéile fud fad na tíre."
Moltar do dhaoine a bhfuil clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu go fóill chun na rudaí tábhachtacha a dhéanamh go fóill is gá chun cosc a chur ar scaipeadh an víris.
Áirítear leo seo:
Níl clúdaigh aghaidhe oiriúnach do leanaí faoi aois 13 bliana agus do na daoine seo a leanas:
CRÍOCH