Suirbhé Éire Shláintiúil 2021 a Sheoladh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seolfaidh an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD 7ú Suirbhé Éire Shláintiúil bliantúil inniu.
Tabharfaidh Ipsos MRBI, cuideachta neamhspleách thaighde margaidh agus vótála, faoin suirbhé a choimisiúnaigh an Roinn Sláinte.
Ó Dé Máirt, an 27 Deireadh Fómhair ar aghaidh, eiseoidh an Roinn Sláinte agus Ipsos MRBI litreacha do theaghlaigh a roghnófar go randamach ar fud na tíre, ina dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i Suirbhé Éire Shláintiúil, 2020-2021. Iarrtar sna litreacha orthu siúd chun glaoch ar uimhir ghutháin an tSuirbhé agus chun ceistneoir a líonadh ar an nguthán.
Fiafraítear de rannpháirtithe an tsuirbhé maidir lena ndearcthaí agus a n-iompar maidir le réimse fairsing saincheisteanna a bhaineann le sláinte, cosúil le caitheamh tobac, ól alcóil, cothú, na bealaí a úsáideann siad seirbhísí sláinte éagsúla agus ábhair eile a bhaineann le sláinte agus ár seirbhísí sláinte.
Tugtar faoi Shuirbhé Éire Shláintiúil mar chuid de Éire Shláintiúil, an Creat Náisiúnta le haghaidh gnímh chun feabhas a chur ar shláinte agus folláine dhaoine a chónaíonn in Éirinn. Is í fís Éire Shláintiúil ná gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte agus folláine a mhéid agus is féidir leo.
Críochnaíodh cúig thonn den suirbhé go dtí seo agus chuir siad íomhá chuimsitheach agus chothrom le dáta ar fáil de shláinte an náisiúin. Tá na sonraí seo á n-úsáid chun eolas a chur ar fáil ar mhaithe le treo beartais agus cláir a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm faoi láthair agus amach anseo. Tá rannpháirtíocht bhaill an phobail, ar an ábhar sin, thar a bheith luachmhar; cuireann na freagairtí i dteannta a chéile bonn fianaise cuimsitheach ar fáil chun tacú le beartas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm faoi láthair agus amach anseo.
Is féidir teacht ar fhoilseacháin ó iarthonnta den suirbhé seo ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte, www.gov.ie/healthyireland. Foilseofar torthaí na Toinne seo den Suirbhé in 2021.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan:
"Cuireann Suirbhé Éire Shláintiúil sreabhadh luachmhar de shonraí agus d’eolas cothrom le dáta faoi shláinte an náisiúin ar fáil agus spreagfainn duine ar bith a dtugtar cuireadh dóibh chun páirt a ghlacadh sa Suirbhé chun amhlaidh a dhéanamh. Baineann ríthábhacht ar leith le rannpháirtíocht bhall den phobal i rith an ama seo ina bhfuil athrú mear ag teacht ar chúrsaí mar gheall ar phaindéim COVID-19."
Beidh na sonraí taighde rúnda ag gach tráth; tugtar faoi shonraí a bhailiú agus an RGCS agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 á gcomhlíonadh go hiomlán; ní bheifear in ann aon duine aonair nó teaghlach a shainaithint ón eolas comhiomlán a fhoilseofar, na sonraí taighde nó ó thacar sonraí gan ainm.
CRÍOCH
Seo an seachtú huair a thabharfar faoi Shuirbhé Éire Shláintiúil agus cuireann sé leis na sonraí a bailíodh i suirbhéanna roimhe seo a rinneadh idir 2015 agus 2020.
Beartaítear go gcuirfear agallamh ar shampla ionadaíoch thart ar 7,400 duine, atá 15 bliana d’aois agus níos sine, a chónaíonn in Éirinn idir Deireadh Fómhair 2020 agus Meitheamh 2021.
Cruthaítear íomhá chothrom le dáta sa suirbhé ar shláinte an náisiúin agus déantar tuairisciú ann ar go leor iompar stíl mhaireachtála, cosúil le caitheamh tobac, ól alcóil, cothú, meabhairshláinte agus seirbhísí sláinte.
Úsáidtear na sonraí ó Shuirbhéanna Éire Shláintiúil chun buntacú le beartas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, chun monatóireacht, tomhas agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le gnéithe éagsúla de Chreat Éire Shláintiúil a chur i bhfeidhm, chomh maith le go leor oibleagáidí tuairiscithe idirnáisiúnta a shásamh, leis an ECFE, an AE agus an EDS san áireamh.
Tá eolas breise faoi Éire Shláintiúil ar fáil ag www.gov.ie/HealthyIreland.