Ealaíontóirí Gairmiúla a fhaigheann an Liúntais Cuardaitheora Poist
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Scéim atá i gceist le hEalaíontóirí Gairmiúla a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist á íoc leo chun tacú leat más ealaíontóir féinfhostaithe gairmiúil thú agus má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat.
Má cháilíonn tú, ní gá duit páirt a ghlacadh i gclár gníomhachtaithe na Roinne do bhliain amháin. Ceadaíonn seo duit díriú ar do shaothar ealaíonta ar feadh bliain amháin.
Chun cáiliú don scéim seo, caithfidh tú na critéir seo a leanas shásamh:
Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ort don scéim seo, déanfar tástáil mhaoine ort mar dhuine féinfhostaithe.
Caithfidh ar a laghad 50% de d’ioncam sa bhliain roimhe sin teacht ó d’obair mar ealaíontóir gairmiúil. Is féidir teacht ar roinnt samplaí d’obair a chuirtear san áireamh mar ealaíontóir gairmiúil anseo.
Mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19, scrúdaítear an riachtanas ioncaim 50% ar bhonn cás ar chás agus is féidir tuilleamh ó 2019 a áireamh leis.
Ceadaítear roinnt costas a bhaineann le do ghairm.
Is ionann na rátaí íocaíochta agus na rátaí a íoctar faoi Liúntas Cuardaitheora Poist.
Is féidir leat cur isteach ar an scéim seo ag *d’Oifig Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Beidh ort na rudaí seo a leanas a sholáthar:
Is féidir leat íocaíocht sheachtainiúil do Liúntais Cuardaitheora Poist a bhailiú ó Oifig an Phoist is gaire duit. Caithfidh tú aitheantas bailí grianghraif a thabhairt leat chun d’íocaíocht a bhailiú.
Aitheantas bailí grianghraif é aon cheann díobh seo a leanas:
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat cheana féin agus má cheapann tú go gcáilíonn tú don scéim seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le *d’Oifig Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.