Tá sé deimhnithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) go bhfuil gach oibreoir iompair sa Scéim Saorthaistil anois ag tabhairt cead do chustaiméirí a bhfuil Cárta Saorthaistil CSP acu leanúint ar aghaidh ag baint leas as Saorthaisteal fiú má tá an cárta imithe in éag. Is beart sealadach é seo mar gheall ar COVID-19.
Tá tuilleadh eolais faoi athnuachan do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) ar fáil anseo.
Tá an Scéim Saorthaistil ar fáil do:
Tugann an Scéim Saorthaistil cead duit taisteal, saor in aisce, ar gach iompar poiblí ar leis an Stát é. Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas, le roinnt eisceachtaí.
Tá saorthaisteal ar fáil freisin ar roinnt seirbhísí atá faoi chúram oibreoirí príobháideacha iompair bus agus farantóireachta. Dá mba mhian leat a fháil amach faoi ghlacadh le Cártaí Saorthaistil ag oibreoir, tá an liosta iomlán ar fáil anseo nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an roinn chun seiceáil a dhéanamh.
Agus tú ag baint úsáid as do Chárta Saorthaistil ní mór duitcloí leis na rialacha a bhaineann leis an gcineál iompair atá á thógáil agat.
Ní féidir leat do Chárta Saorthaistil reatha a úsáid le haghaidh saorthaistil laistigh de Thuaisceart Éireann. Faigh tuilleadh eolais faoi conas leas a bhaint as saorthaisteal laistigh de Thuaisceart Éireann.
Má cháilíonn tú don Scéim Saorthaistil, d'fhéadfadh Cárta Saorthaistil Compánaigh a bheith ar fáil i gcásanna áirithe. Is féidir le do chompánach taisteal leat saor in aisce leis an gcárta seo. Ní féidir le duine ar bith eile do Chárta Saorthaistil a úsáid, is duitse amháin atá sé.
Léireoidh do Chárta Seirbhísí Poiblí ceann de na cóid seo a leanas sa chúinne ar bharr ar thaobh na láimhe clé an incháilitheacht atá agat le haghaidh saorthaisteal le céile, páirtí, comhchónaitheoir nó compánach:
Sa chás nach bhfuil tú in ann taisteal leat féin mar gheall ar riocht sláinte ach go bhfuil Cárta Saorthaistil agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Saorthaistil Compánaigh ach úsáid a bhaint as:
Is féidir le gach duine atá 66 bliana d'aois nó os a chionn agus atá ina gcónaí go buan sa Stát an Scéim Saorthaistil a úsáid.
Seolfaidh an roinn Cárta Saorthaistil chugat go huathoibríoch sna cásanna seo a leanas:
Mura bhfuil tú cláraithe le SAFE, iarrfaidh an roinn ort é sin a dhéanamh. Nuair a bheidh sé sin curtha i gcrích, seolfaidh an roinn do Chárta Saorthaistil chugat.
Má tá do CSP imithe in éag, ní mór duit é a athnuachan chun leas a bhaint as an Scéim Saorthaistil. Is féidir leat é sin a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie nó ag d'Ionad CSP áitiúil.
Má tá tú faoi bhun 66 bliana d'aois, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal an Scéim Saorthaistil a úsáid má tá tú i do chónaí go buan sa Stát go dlíthiúil agus:
nó
Má tá tú faoi bhun 66 bliana d'aois, má dheimhnigh tú d'aitheantas leis an bpróiseas clárúcháin SAFE agus mura bhfuil do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) imithe in éag, gheobhaidh tú Cárta Saorthaistil go huathoibríoch má fhaigheann tú:
Mura bhfuil tú cláraithe le SAFE, iarrfar ort é sin a dhéanamh sula seolann an roinn do Chárta Saorthaistil chugat.
Má tá do CSP imithe in éag, ní mór duit é a athnuachan chun leas a bhaint as an Scéim Saorthaistil. Is féidir leat é sin a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie nó ag d'Ionad CSP áitiúil.
Má chomhlíonann tú aon cheann de na coinníollacha thuas, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Saorthaistil leis an Foirm iarratais FT1.
Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal na Scéime Saorthaistil más baintreach, baintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach thú agus má tá tú 60 bliain d'aois nó os a chionn. Sa chás seo, ní mór Cárta Saorthaistil a bheith ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta nach maireann, agus ní mór duit a bheith ar cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:
Tabhair faoi deara: go bhfhéadfá pinsean nó sochar slándála sóisialta den chineál céanna a fháil ó bhallstát AE nó ó thír a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éirinn léi.
Chun leas a bhaint as saorthaisteal laistigh de Thuaisceart Éireann, ní mór duit:
Tá foirmeacha iarratais (FTNI1) do Chártaí Pas Cliste do Sheanóirí ar fáil ó:
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a thabhairt go pearsanta (gan í a chur sa phost nó ar ríomhphost) chuig d'Ionad Intreo áitiúil nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat in éineacht le d'fhoirm iarratais chuig d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh:
Cuirfear d'iarratas ar aghaidh chuig na húdaráis i dTuaisceart Éireann a sheolfaidh do chárta Pas Cliste do Sheanóirí agus treoracha úsáide, go díreach chuig do sheoladh baile. D'fhéadfadh suas le sé seachtaine a bheith i gceist chun an t-iarratas a phróiseáil.
Má tá do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí imithe in éag, déan teagmháil leis an oifig Pas Cliste go díreach ag:
Déan cinnte d'ainm, do sheoladh agus d'uimhir PSP a chur ar fáil agus seolfaidh an Oifig Pas Cliste foirm athnuachana go díreach chugat.
Má tá do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí caillte, goidte, damáistithe nó má d'athraigh tú d'ainm, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta athsholáthair ach an Fhoirm iarratais FTNI2 a úsáid.
Chun iarratas a chur isteach ar an Scéim Saorthaistil, íoslódáil foirm iarratais FT1. Is féidir leat foirm iarratais FT1 a fháil freisin ó:
Seol d'fhoirm iarratais chomhlánaithe mar aon le do dhoiciméid tacaíochta ar ais chuig an Rannóg Saorthaistil.
Foirm Iarratais: Scéim Saorthaistil (FT1)
Eagrán: Eanáir 2023
Foirm Iarratais: Cárta Compánach Saorthaistil 70+ (FT O/70)
Eagrán: Eanáir 2022
Foirm Iarratais: Chárta Saorthaistil Chompánaigh Faoi Bhun 70 Bliain d’Aois (FT U/70)
Eagrán: Feabhra 2023
Foirm Iarratais: Cárta Ionadach SmartPass (FTNI 2)
Eagrán: Lúil 2022
Tá tuilleadh eolais faoi conas do Chárta Saorthaistil a úsáid ar fáil anseo.
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochta ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.