An Clár Caipitiúil Spóirt
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Clár dúnta d’iarratais faoi láthair.
Le cúinsí athraitheacha COVID-19, tá a fhios againn go gcuirfear isteach ar go leor clubanna agus eagraíochtaí spóirt. Is é is aidhm le Rannóg an Chláir Caipitiúil Spóirt leanúint de thacaíocht a thabhairt agus molaimid leanúint de theagmháil a dhéanamh linn chun do thionscadal a chur ar aghaidh.
Leanaimid de fhreagra a thabhairt chomh tapa agus is féidir ar cheist ar bith atá agat ach tá seans ann go gcuirfear isteach ar leibhéal ár seirbhíse de bharr an atreoraithe atá á dhéanamh ar acmhainní faoi láthair mar fhreagairt ar dhúshláin naisiúnta COVID-19.
Is mór againn do chomhthuiscint sa chás seo. Beimid solúbtha i gcónaí ó thaobh freagairt a thabhairt de réir mar a théann cúrsaí ar aghaidh ach sa chás go bhfuil sé deacair teagmháil a dhéanamh linn ar an teileafón, molaimid duit do cheist a chur chugainn ar an ríomhphost agus freagróimid chomh tapa agus is féidir.
Is é an Clár Caipitiúil Spóirt an príomh-mheán lena dtugann an Rialtas tacaíocht do shaoráidí spóirt agus aclaíochta áineasa agus do cheannach trealamh spóirt neamhphearsanta ar fud na tíre. Is iad seo a leanas cuspóirí an chláir:
Is tionscnaimh de chuid Éire 2040 – An Tionscadal é an Clár Caipitiúil Spóirt www.gov.ie/2040.
Níl ann ach bealach amháin chun iarratas a dhéanamh ar dheontas faoin gClár Caipitiúil Spóirt; is é sin tríd an suíomh gréasáin OSCAR.
Ligeann OSCAR do ghrúpaí féachaint ar dheontais agus íocaíochtaí a fuarthas cheana, sonraí teagmhála a athrú, íocaíochtaí deontais a lorg agus cumarsáid a dhéanamh ar líne leis an Roinn.
Sula ndéanann eagraíocht iarratas ar dheontas, ní mór dóibh clárú ar OSCAR An Clár Caipitiúil Spóirt - Treoir maidir le Clárú
Seoltar fógra uathoibríoch chuig eagraíochtaí cláraithe uile nuair a osclaítear babhta eile den chlár le haghaidh iarratas.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh:
I ndiaidh gach babhta den Chlár Caipitiúil Spóirt, tugtar faoi athbhreithniú ar mhaithe le feabhas a cur ar an bpróiseas. Is féidir teacht ar an Athbhreithniú a rinneadh ar bhabhta 2017 den Chlár Caipitiúil Spóirt anseo.
Tá eolas ar fáil sna Treoirlínte Measúnaithe 2018 maidir leis an mbealach a ndéantar na hiarratais a mheas - déanfar na treoirlínte a nuashonrú i ndáil le gach babhta nua den Chlár Caipitiúil Spóirt
Seoladh Ríomhphoist: SportsCapitalProgrammes@tcagsm.gov.ie
Tá sraith de threoracha scríofa ag an Roinn chun cabhrú le deontaithe ceadú foirmiúil agus airgead a ndeontas a fháil:
Is féidir féachaint ar Leithdháiltí uile faoin gClár Caipitiúil Spóirt go dtí seo.
Is féidir teacht ar shonraí na n-íocaíochtaí faoin gClár Caipitiúil Spóirt anseo.
Is ceanglas den Chlár Caipitiúil Spóirt go gcaithfidh trealamh agus saoráidí arna maoiniú faoin gClár a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Caithfidh na tionscadail chaipitiúil go léir na 7 bprionsabal den dearadh uilíoch a chomhlíonadh.
Tá an roinn tar éis treoir a ullmhú maidir le trealamh aclaíochta inrochtana.
Má tá tuilleadh eolais uait, tá Cara - Sport Inclusion Ireland tar éis bileoga eolais acmhainne a chruthú maidir le conas do shaoráidí, trealamh agus gníomhaíochtaí spóirt a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Mas maith leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gClár Caipitiúil Spóirt, déan teagmháil linn mar seo a leanas:
An Clár Caipitiúil Spóirt
Uimhir Ghutháin | Contae | |
085 8768033 | An Clár, Maigh Eo, Laois | |
085 8583055 | Corcaigh, Luimneach | |
085 8583211 | Ciarraí, Muineachán | |
085 8768032 | Dún na nGall, An Cabhán, An Longfort | |
085 8049667/ 085 8012824 | Baile Átha Cliath | |
085 8583102 | Gaillimh, Lú, An Iarmhí | |
085 8805606 | Cill Dara, Tiobraid Árann, Ros Comáin, Sligeach, Liatroim | |
085 8583303 | Cill Chainnigh, Uíbh Fhailí | |
085 8050190 | An Mhí | |
085 7479404 | Tionscnaimh Réigiúnacha agus Náisiúnta | |
085 7479404 | Tionscadail na gCoistí Rialaithe Náisiúnta | |
085 8583088 | Port Láirge, Cill Mhantáin, Ceatharlach | |
085 8583059 | Loch Garman | |
085-8583054 | Na húdaráis áitiúla uile |
Má tá do chlub nó eagraíocht spóirt ag fáil talún nó foirgnimh, ag forbairt saoráidí nó ag ceannach trealaimh daingnithe neamhphearsanta le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt, nó ag aisíoc iasachta i ndáil le ceann ar bith de na cúiseanna thuasluaite, tá foráil déanta san Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 gur féidir le comhlachtaí spóirt faoiseamh cánach a fháil i leith chostas an tionscadail ar thabhartais ar bith arna dtabhairt ag daoine aonair nó ag comhlachtaí. Is scéim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim í seo agus is í an Rannóg Caipitiúil Spóirt a cheadaíonn na tionscadail.
Tax Relief for Donations to Certain Sports Bodies ga
ÍoslódáilIs fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú