Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas (Tithe Príobháideacha)
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí

Cuirtear maoiniú ar fáil do chaiteachas údaráis áitiúla a thabhaítear ar an tsraith deontas oiriúnaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá 80% den tsraith deontas atá ar fáil d’úinéirí tithe príobháideacha maoinithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, le ranníocaíocht 20% ó acmhainní gach údaráis áitiúil. Tá trí chineál deontais ar leith ar fáil.
Is féidir le húinéirí tí a gcuirtear an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta ar fáil dóibh leanúint ar aghaidh le tógáil i rith shrianta leibhéal 5 faoin Acht Sláinte, 1947 (I.R. 4 de 2021).
Soláthraíonn an scéim Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas cúnamh deontais d’iarratasóirí chun cabhrú le hoibreacha atá riachtanach go réasúnach a dhéanamh chun teach a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais chóiríochta duine faoi mhíchumas. Tá an scéim á riaradh ag údaráis áitiúla .
€30,000 an t-uasdeontas éifeachtach faoin scéim, agus is féidir leis seo suas le 95% de chostas na n-oibreacha a chlúdach.
Duine faoi mhíchumas a dteastaíonn oibreacha oiriúnaithe uaidh chun teach a dhéanamh níos oiriúnaí dá riachtanais chóiríochta nó úinéir tí thar ceann duine faoi mhíchumas atá ina bhall den teaghlach.
Déanfar iarratasóirí a mheas ar ioncam teaghlaigh iomlán, is é sin, ollioncam bliantúil gach ball teaghlaigh atá 18 mbliana d’aois nó níos sine (nó 23 bliana d’aois nó níos sine má tá siad in oideachas lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe sin.
Féadfar ioncam úinéir cláraithe na maoine (nó a c(h)éile) a áireamh freisin. Tá níos mó sonraí maidir leis seo ar fáil ar an bhfoirm iarratais aonair atá ar fáil thíos.
D’fhéadfadh an t-uasdeontas éifeachtach de €30,000 chun suas le 95% de chostas na n-oibreacha a chlúdach a bheith ar fáil d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh suas le €30,000 in aghaidh na bliana acu, agus é sin laghdaithe go dtí 30% d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh idir €50,001 agus €60,000 in aghaidh na bliana acu. Beidh an tástáil acmhainne chéanna i bhfeidhm i ngach limistéar údaráis áitiúil agus tá sí ag teacht leis na critéir chun riachtanas le haghaidh tithíochta sóisialta a mheas.
Seo a leanas na cineálacha oibreacha atá ceadaithe faoin scéim:
Is féidir leat an fhoirm thíos a íoslódáil nó is féidir leat cóip den fhoirm a fháil ón Rannóg Deontas Tithíochta de d’Údarás Áitiúil nó óna láithreán gréasáin.
Ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe go hiomlán a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Údaráis Áitiúil.
Foirm Iarratais - Deontas um Oiriúnú Tithe do Sheanóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas
ÍoslódáilSoláthraíonn scéim Deontais na nÁiseanna Soghluaisteachta cúnamh deontais chun sraith bhunúsach oibreacha a chlúdach chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna soghluaisteachta, go príomha, ach ní go heisiach, a bhaineann le haosú. Tá an scéim á riaradh ag údaráis áitiúla .
€6,000 an t-uasdeontas éifeachtach faoi Scéim Deontais na nÁiseanna Soghluaisteachta, agus is féidir leis seo suas le 100% de chostas na n-oibreacha a chlúdach.
Duine a dteastaíonn oibreacha oiriúnaithe bunúsacha uaidh chun freastal ar a riachtanais soghluaisteachta.
Déanfar iarratasóirí a mheas ar ioncam teaghlaigh iomlán, is é sin, ollioncam bliantúil gach ball teaghlaigh atá 18 mbliana d’aois nó níos sine (nó 23 bliana d’aois nó níos sine má tá siad in oideachas lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe sin.
Féadfar ioncam úinéir cláraithe na maoine (nó a c(h)éile) a áireamh freisin. Tá níos mó sonraí maidir leis seo ar fáil ar an bhfoirm iarratais aonair atá ar fáil thíos.
D’fhéadfadh go mbeadh an t-uasdeontas €6,000 ar fáil d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh suas go dtí €30,000 in aghaidh na bliana acu. Beidh an tástáil acmhainne chéanna i bhfeidhm i ngach limistéar údaráis áitiúil agus tá sí ag teacht leis na critéir chun riachtanas le haghaidh tithíochta sóisialta a mheas.
Féadfaidh tú an deontas seo a úsáid chun rochtain i do theach a fheabhsú, mar shampla:
Is féidir leat an fhoirm thíos a íoslódáil nó is féidir leat cóip den fhoirm a fháil ón Rannóg Deontas Tithíochta de d’Údarás Áitiúil nó óna láithreán gréasáin.
Ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe go hiomlán a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Údaráis Áitiúil.
Foirm Iarratais - Deontas um Oiriúnú Tithe do Sheanóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas
ÍoslódáilTá an Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun cúnamh a thabhairt do dhaoine scothaosta atá ina gcónaí i ndroch-choinníollacha tithíochta deisiúcháin nó feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh. Tá an scéim á riaradh ag údaráis áitiúla .
€8,000 an t-uasdeontas éifeachtach faoin scéim, agus is féidir leis seo suas le 95% de chostas na n-oibreacha a chlúdach.
Tá an deontas seo ann do dhaoine 66 bliana d’aois nó níos mó chun deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh, ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag maireachtáil ina dtithe féin. Uaireanta is féidir an deontas seo a íoc le daoine faoi 66 bliana d’aois má tá fíor-chruatan i gceist.
Déanfar iarratasóirí a mheas ar ioncam teaghlaigh iomlán, is é sin, ollioncam bliantúil gach ball teaghlaigh atá 18 mbliana d’aois nó níos sine (nó 23 bliana d’aois nó níos sine má tá siad in oideachas lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe sin.
Féadfar ioncam úinéir cláraithe na maoine (nó a c(h)éile) a áireamh freisin. Tá níos mó sonraí maidir leis seo ar fáil ar an bhfoirm iarratais aonair atá ar fáil thíos.
D’fhéadfadh an t-uasdeontas éifeachtach de €30,000 chun suas le 95% de chostas na n-oibreacha a chlúdach a bheith ar fáil d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh suas le €30,000 in aghaidh na bliana acu, agus é sin laghdaithe go dtí 30% d’iarratasóirí a bhfuil ollioncam teaghlaigh idir €50,001 agus €60,000 in aghaidh na bliana acu. Beidh an tástáil acmhainne chéanna i bhfeidhm i ngach limistéar údaráis áitiúil agus tá sí ag teacht leis na critéir chun riachtanas le haghaidh tithíochta sóisialta a mheas.
Féadfaidh tú an deontas seo a úsáid chun deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh. Deisiúcháin mar seo a leanas:
Is féidir leat an fhoirm thíos a íoslódáil nó is féidir leat cóip den fhoirm a fháil ón Rannóg Deontas Tithíochta de d’Údarás Áitiúil nó óna láithreán gréasáin.
Ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe go hiomlán a sheoladh ar ais chuig d’Oifig Údaráis Áitiúil.
Foirm Iarratais - Deontas um Oiriúnú Tithe do Sheanóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas
ÍoslódáilIs fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú