Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Síneann Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh (AEC) feadh chósta thiar na hÉireann. Áiríonn na réigiúin seo, 10 réigiún údaráis áitiúil ó Dhún na nGall go Ciarraí. Meastar acmhainneacht láidir a bheith ag an réigiún seo ó thaobh fás eacnamaíoch.
Is tionscadal fadtéarmach atá i gceist anseo a bhfuil sé mar aidhm leis an fás seo a spreagadh. Cuirfidh sé an méid buntáiste agus is féidir ar fáil do mhuintir agus do phobail an réigiúin.
Táthar ag súil :
Tá cultúr láidir fiontraíochta agus nuálaíochta feadh na Conaire cheana féin agus tá na céadta gnólacht a bhfuil ag éirí thar barr leo ag feidhmiú ansin. Áirítear orthu sin, gnólachtaí nuathionscanta uaillmhianacha, cuideachtaí ilnáisiúnta agus gnóthais de chuid na hÉireann atá ag leathnú amach chuig margaí domhanda.
Aithnítear i Tionscadal Éireann 2040 dTionscadal Éireann 2040 acmhainneacht thábhachtach Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh. Is ionann Tionscadal Éireann 2040 agus príomhthionscnamh an rialtais le tír níos fearr a dhéanamh den tír seo a léiríonn a éifeachtaí is atáimid agus a bhfuil súil againn a bhaint amach. Tá sé soiléir go gcuideoidh forbairt an réigiúin leis an sprioc seo a bhaint amach trí bhuntáistí a chur ar fáil do ghnólachtaí, do phobail, do mhuintir na tíre agus don tír in iomláine.
Socraíodh suas tascfhórsa i mí an Mhárta 2017, agus é mar aidhm leis straitéisí agus beartais a cheapadh le forbairt an réigiúin a spreagadh.
Is é Item was unpublished or removed
Tá trí fhoghrúpa sa tascfhórsa a oibríonn ar chodanna sonracha den phlean forbartha:
Déanann an roinn maoiniú ar oifigeach do Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh i ngach réigiún de 10 réigiún an údaráis áitiúil feadh na conaire. Beidh na hoifigigh seo tábhachtach ó thaobh treallús a chur faoin tionscadal, trí:
Tacaíonn na hoifigigh le hobair an tascfhórsa agus lena chuid foghrúpaí freisin. Bailíonn siad eolas maidir le foirgnimh agus le maoin a bhféadfadh gnólachtaí úsáid a bhaint astu. Cuidíonn na hoifigigh seo freisin le straitéisí cumarsáide a fhorbairt agus a chleachtadh.
Le tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh