Íomha: Sráidbhaile Rialtas na hÉireann Header ga

An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2019

| YourGovernmentYourCommunity |

#BaileNaRialtais | #GovPloughing19

Fáilte! Tiocfaidh tú anseo ar an eolas go léir a theastaíonn uait faoi Sráidbhaile Rialtas na hÉireann ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2019 a bheidh ar siúl i bhFionnmhach i gContae Cheatharlach ón 17 go dtí an 19 Meán Fómhair. Beidh níos mó ná 150 Taispeántóirí an Rialtais suite thar 19 n-ollphubaill i mbliana sa limistéar céanna den suíomh agus beidh siad ar an láthair chun tacú leat chun Ullmhú do Brexit.

Beidh foireann ar fáil chun tacú leat chun Ullmhú do Brexit agus déanfaidh “Croílár Brexit” lárnach an fhaisnéis, na tacaíochtaí agus na seirbhísí is ábhartha a bhailiú a theastaíonn uait lena n-ullmhú d’imeacht an RA ón AE.

Thar Sráidbhaile Rialtas na hÉireann beidh tú in ann níos mó eolais a fháil ar chuid de na príomh-thosaíochtaí tras-Rialtas, le gealltanais Éireann faoi na Cuspóirí Forbairt Inbhuanaithe an NA agus conas a bhfuil na Ranna agus Comhlachtaí Earnála Poiblí ag cabhrú na 17 gcuspóirí a chur ar fáil san áireamh. Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoin bplean infheistíocht chaipitil na hÉireann trí dTionscadal Éireann 2040 agus sonraí faoi na dtionscadail agus na cláir i do cheantar agus timpeall na tíre.

Tá seo taobh le na ghnáth tacaíochtaí agus seirbhísí, iad ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara san áireamh.

Déanann an leathanach gréasáin seo thú a threorú chuig an réimse forleathan tacaíochtaí agus seirbhísí ó limistéir ar fud Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Earnála Poiblí ar féidir leat coinne a bheith lena bhfeiceáil i Sráidbhaile Rialtas na hÉireann ag CNT 2019, agus tugtar léargas ginearálta iomlán duit ar chainteanna, plé agus gníomhaíochtaí Rialtais atá beartaithe don imeacht 3 lá -ceardlanna laethúla ‘Ullmhú do Brexit’ agus réimse de phlé Aire ina measc. Leanfar le sonraí faoi na himeachtaí a nuashonrú de réir mar a dhruideann an Treabhadh linn – coimeád súil ar an láithreán gréasáin seo nó lean sinn @merrionstreet .

Íomha: Government of Ireland Village Front Map Gaeilge
File

léarscáil na hÉireann

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil