Baineann an-tábhacht leis an aclaíocht i dtaca le do shláinte mheabhrach agus fhisiciúil. “Leigheas iontach” is ea an cur síos a thugann saineolaithe uirthi mar go maolaítear ar imní agus ar strus agus cuirtear feabhas ar lúthchleasaíocht agus ar láidreacht dá barr.
Tríd is tríd, bíonn ar a laghad 30 nóiméad d’aclaíocht mheasartha nó dhian ar a laghad 5 lá in aghaidh na seachtaine ag teastáil ó dhaoine. Tá sé tábhachtach freisin cur isteach ar thréimhse nach bhfuil tú ag corr, amhail a bheith ag suí ag deasc, trí ghluaiseacht thart gach uair a chloig nó mar sin.
Treoir ghinearálta:
Tá saol gnóthach agus tosaíochtaí a bhíonn in iomaíocht lena chéile againn go léir, agus bíonn sé doiligh teacht ar an am agus ar an spreagadh le haclaíocht a dhéanamh. Seo a leanas leideanna le tús a chur le cúrsaí.
Ní gá gurb ionann a bheith aclaí agus a bheith ag íoc le ballraíocht chostasach spórtlainne. Is iomaí bealach le bheith aclaí gan airgead aisteach a chaitheamh.
Tá tuilleadh faisnéise faoin aclaíocht inacmhainne agus faoi leideanna i dtaca le bealaí le bheith aclaí gan ballraíocht spórtlainne ar Spunout.
Faigh tuilleadh leideanna agus faisnéise maidir le do mheáchan a rialú ag gov.ie/healthyireland