The All Island Disaster Risk Reduction Conference

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

The All Island Disaster Risk Reduction Conference

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 24 Aibreán 2026
  • An t-eolas is déanaí: 21 Bealtaine 2026

Réamhrá

Reáchtáil an Oifig um Phleanáil Éigeandála an 4ú Comhdháil Uile-Oileáin um Riosca Tubaistí a Laghdú (RTL), in Óstán Teach Bhaile Mhic Scanláin, Dún Dealgan, Co. Lú, ar an 29 agus 30 Aibreán 2026.

Cuireadh tús le sraith na gComhdhálacha Uile-Oileáin um Riosca Tubaistí a Laghdú i bhfianaise na ngéarchéimeanna agus na gcásanna éigeandála suntasacha a raibh tionchar acu, nó a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu, ar bhonn trasteorann ar oileán na hÉireann. Toisc go bhfuil na rioscaí ag éirí níos casta i gcónaí, is léir anois gur fiú go mór cur le comhar trasearnála agus trasteorann i dtaca le hullmhacht, bainistíocht, téarnamh agus athléimneacht éigeandála.

Ba é téama chomhdháil na bliana seo ná naisc thrasteorann straitéiseacha i mbainistíocht éigeandála agus i measc na nithe a bhí ar siúl ann bhí plé painéil, deiseanna líonraithe agus ceardlanna a bhí deartha chun tacú leis an téama seo agus le cur chuige uile-oileáin.

Ó gach cearn den oileán a tháinig daoine, ach bhí béim ar leith orthu siúd atá ag obair ar leibhéal straitéiseach sna hearnálacha riaracháin phoiblí, leathstáit, oideachais, deonacha, agus príobháideacha. D'oibrigh siad le chéile ar shaincheisteanna praiticiúla a bhfuil imní choiteann ag baint leo ó thaobh bainistíocht straitéiseach éigeandála d'fhonn cur le comhtháthú ina leith sin ar fud an oileáin.

Cuspóirí na comhdhála

  • Réimsí comhair sa bhainistíocht straitéiseach éigeandála a mhapáil ar oileán na hÉireann
  • Sainaithint a dhéanamh ar réimsí ina bhféadfaí comhar straitéiseach a fheabhsú i gcás géarchéime ar oileán na hÉireann
  • Dea-chleachtas sa bhainistíocht géarchéime trasteorann a aithint

Cainteoirí

Seisiúin ar Lá 1

Thosaigh an chéad lá den chomhdháil le seisiún faoi stiúir Stiúrthóireacht Sheomraí Mionteagaisc na Comh-Aireachta maidir le cén chaoi ar féidir le foirne ardfheidhmíochta folláine, díriú intinne agus athléimneacht a choinneáil i rith géarchéimeanna fada nó ardbhrú. Bhí plé painéil ann ina dhiaidh sin ar mhór-ghéarchéim trasteorann a bhainistiú d'fhonn aird a tharraingt ar na dúshláin bheartais, reachtaíochta agus straitéiseacha a bhíonn le sárú ina leithéid de chásanna.

Déanamh go maith i rith géarchéime keyboard_arrow_down

Bhí an seisiún seo faoi stiúir an tsaineolaí Natasha Grant ó Stiúrthóireacht Sheomraí Mionteagaisc na Comh-Aireachta agus breathnaíodh ar cén chaoi ar féidir le foirne ardfheidhmíochta folláine, díriú intinne agus athléimneacht a choinneáil i rith géarchéimeanna fada nó ardbhrú.

Ag tarraingt ar fhíorthaithí oibríochtúil ó lárstruchtúir chomhordaithe géarchéime na Ríochta Aontaithe, breathnaíodh go mion sa chur i láthair ar na tosca daonna a théann i bhfeidhm ar chinnteoireacht faoi strus, na tacaí eagraíochtúla a chuireann ar chumas foirne feidhmíocht a choinneáil le himeacht ama, agus cineálacha cur chuige praiticiúla do cheannairí chun meanma, comhtháthú agus sábháilteacht shíceolaíoch a chosaint i dtimpeallachtaí dúshlánacha.

Plé painéil ar ghéarchéimeanna trasteorann keyboard_arrow_down

Réitigh an plé painéil seo an bealach le haghaidh na gceardlann téamacha ar Lá 2. Bhí ionadaithe sinsearacha ón Spáinn, ón bPortaingéil, ón mBeilg agus ó Thuaisceart Éireann i láthair le léargas a thabhairt óna róil ar an líne thosaigh ag bainistiú mór-ghéarchéimeanna trasteorann. Thug siad léargas ar na dúshláin bheartais, reachtaíochta agus straitéiseacha a bhíonn le sárú ina leithéid de chásanna, mar aon le ceachtanna luachmhara a bhí mar bhonn eolais díreach faoi théamaí na gceardlann.

Ar an bpainéal bhí:

  • Kim Schildermans,
  • An Dr Denis McMahon
  • Carlos Mendes
  • Nestor Alfonzo Santamaria

Ceardlanna ar Lá 2

Ar an dara lá den chomhdháil, bhí ceithre cheardlann théamacha ar siúl ag an am céanna. Faoi chaibidil bhí ábhair amhail creat beartais thuaidh/theas níos comhtháite i gcomhair bainistíocht éigeandála trasteorann, cén chaoi ar féidir le hÉirinn comhar thuaidh/theas a neartú i gcásanna éigeandála trasteorann, cén chaoi ar féidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann cumarsáid straitéiseach chomhpháirteach a neartú le haghaidh géarchéimeanna comhleasa agus cleachtadh ionsamhlaithe um fhreagrachtaí dlínse a mhapáil i gcás géarchéime.

Ceardlann 1: Bainistíocht éigeandála trasteorann a neartú – conairí beartais keyboard_arrow_down

Sa cheardlann seo, rinneadh iniúchadh ar an gcaoi a bhféadfadh Éire creat beartais thuaidh/theas níos comhtháite a fhorbairt i gcomhair bainistíocht éigeandála trasteorann, trí thagairt do dhea-shampla na Spáinne agus na Portaingéile. Scrúdaigh na rannpháirtithe na socruithe atá ann faoi láthair, shainaithin siad réimsí dea-chleachtais, agus phléigh siad deiseanna le comhordú, beartas agus ailíniú dlí a fheabhsú sa dá dhlínse. Bhí sé mar aidhm ag an seisiún aird a tharraingt ar réitigh phraiticiúla bheartais a d'fhéadfaí a úsáid le freagairt go héifeachtach do chásanna casta éigeandála trasteorann.

Ceardlann 2: Comhar straitéiseach trasteorann a fheabhsú i gcás géarchéime keyboard_arrow_down

Bhí an cheardlann seo dírithe ar an gcaoi a bhféadfadh Éire comhar thuaidh/theas a neartú i gcásanna éigeandála trasteorann. Trí thagairt do fhreagairt Benelux ar phaindéim COVID-19, scrúdaigh rannpháirtithe an chiall cheannaithe maidir le comhordú, socruithe cúnaimh fhrithpháirtigh, bacainní rialála agus reachtacha, cumarsáid riosca, agus sreabhadh na faisnéise a bhainistiú faoi bhrú. Leagadh béim sa seisiún ar dheiseanna chun idir-inoibritheacht idir dlínsí a fheabhsú, agus sainaithnaíodh céimeanna praiticiúla chun cur chuige comhtháite, comhpháirteach a fhorbairt i leith géarchéimeanna comhleasa.

Ceardlann 3: Cumarsáid straitéiseach trasteorann keyboard_arrow_down

Sa cheardlann seo, rinneadh iniúchadh ar an gcaoi a bhféadfadh Éire agus Tuaisceart Éireann cumarsáid straitéiseach chomhpháirteach a neartú i gcás géarchéimeanna comhleasa, ag tarraingt ar na príomhcheachtanna a sainaithníodh sa staidéar 'Communications for Impact ' de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Scrúdaigh rannpháirtithe cén chaoi comhairle phoiblí shoiléir, chomhsheasmhach agus iontaofa a sholáthar i gcásanna éigeandála, agus a bheith tuisceanach ag an am céanna ar na comhthéacsanna dlíthiúla, polaitiúla agus oibríochtúla ar leith atá ann sa dá dhlínse.

Trí phlé éascaithe, díríodh sa seisiún ar luath-chomhroinnt faisnéise a fheabhsú, teachtaireachtaí a chomhordú idir gníomhaireachtaí, agus mearbhall poiblí a laghdú agus rudaí ag athrú go tapa.

Chomh maith leis sin, leagadh béim ar dheiseanna chun prótacail chomhroinnte chumarsáide a fhorbairt, ullmhacht trasteorann a fheabhsú, agus cur chuige níos comhtháite agus níos duinelárnaí a cheapadh i leith cumarsáid riosca, a thacódh le hathléimneacht phobail ar fud an oileáin.

Ceardlann 4: Cleachtadh ionsamhlaithe um fhreagrachtaí dlínse a mhapáil i gcás géarchéime keyboard_arrow_down

Bhí an cheardlann idirghníomhach seo dírithe ar chásanna praiticiúla, tionchar-bhunaithe a fhéachann le freagrachtaí dlínse a aithint agus a mhapáil thar raon cásanna éigeandála, lena n-áirítear cur isteach ar bhonneagar, drochaimsir, agus soláthar seirbhísí trasteorann.

Taighde

Bhí Comhairle Contae Mhuineacháin, i gcomhar le comhghleacaithe i dTuaisceart Éireann, i gceannas ar staidéar taighde ar chur chuige trasteorann i leith teachtaireachtaí seirbhíse poiblí sa bhainistíocht éigeandála. Bhí an taighde maoinithe ag Ciste Taighde Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, 2023, faoi choimirce an Chláir Taighde Uile-Oileáin um Riosca Tubaistí a Laghdú.

An Chomhdháil Uile-Oileáin um Riosca Tubaistí a Laghdú

Seo a leanas cuid de na téamaí a cuireadh faoi chaibidil ag Comhdhálacha Uile-Oileáin um Riosca Tubaistí a Laghdú roimhe seo:

  • Cumarsáid Éigeandála
  • Sochaithe Athléimneacha agus an Chéim Téarnaimh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat